An Seimeastar Eorpach
An Seimeastar Eorpach
Amlíne
An chéim ullmhúcháin: anailís ar an staid agus obair leantach na bliana atá caite
Céim 1: treoir bheartais ar leibhéal an Aontais
Céim 2: treoir thírshonrach
Céim 3: cur chun feidhme
Tosaíonn timthriall nua i dtreo dheireadh na bliana nuair a thugann an Coimisiún forléargas ar an staid eacnamaíoch don bhliain atá le teacht.
Cé air a mbíonn na cúraimí éagsúla?
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach ‘pacáiste an fhómhair’:
- beartais eacnamaíocha agus fhioscacha: suirbhé bliantúil don fhás inbhuanaithe
- dréachtmholadh don limistéar euro
- comhordú socheacnamaíoch: dréacht-tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht
- míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha: tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh (grinn-athbhreithnithe ar thíortha atá i mbaol míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha)
Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh an méid a leanas:
- na conclúidí maidir leis an suirbhé don fhás agus an tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh a phlé agus a fhormheas
- formheasann sí moltaí maidir leis an limistéar euro
- glacann sí tuarascáil chríochnaitheach chomhpháirteach ar fhostaíocht
Déanann Parlaimint na hEorpa an méid a leanas:
- féadfaidh sí a tuarascáil féin ar an suirbhé don fhás a phlé agus a fhoilsiú
- tugann sí tuairim uaithi ar na treoirlínte fostaíochta
Cuireann an Chomhairle Eorpach (cinn stáit nó rialtais) treoir bheartais ar fáil.
Déanann na Ballstáit an méid a leanas:
- leagann siad síos na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na pleananna athchóirithe agus infheistíochta sonracha atá acu
- ullmhaíonn siad tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn (ó 2025).
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach moltaí tírshonracha, tuarascálacha ar thíortha agus aicmiú nuashonraithe na dtíortha faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha (‘pacáiste an earraigh’).
Tagann Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir leis na moltaí críochnaitheacha tírshonracha.
Pléann an Chomhairle Eorpach iad.
Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad.
Cuireann na Ballstáit na moltaí sin san áireamh sa phróiseas náisiúnta cinnteoireachta maidir le buiséid náisiúnta na bliana dár gcionn.
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025