An chaoi a n-oibríonn an Sásra Réitigh Aonair
bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach
Cinneann an Banc Ceannais Eorpach (BCE), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Réitigh Aonair (BRA), an bhfuil ag cliseadh ar bhanc nó an dócha go gclisfidh air.
Cuirtear an cás faoi bhráid sheisiún feidhmiúcháin BRA.
Ag teacht ar réiteach
Déanann seisiún feidhmiúcháin BRA cinneadh:
- An féidir teacht ar réiteach san earnáil phríobháideach?
- Mura féidir, an le leas an phobail an banc a réiteach?
- Murach le leas an phobail an réiteach, déanfar an banc a fhoirceannadh
- Más le leas an phobail an banc a réiteach, cuireann BRA scéim réitigh ar bun
Agus scéim réitigh á húsáid aige, déanann BRA an méid seo a leanas:
- aimsíonn sé na huirlisí réitigh is ceart a úsáid
- cinneann sé an féidir agus cé mhéad is féidir an Ciste Réitigh Aonair (CRA) a úsáid
- cuireann sé an banc faoi réiteach
An scéim réitigh a fhormheas
Bíonn 24 uair an chloig ar a mhó atá ag institiúidí an Aontais chun an scéim a cheadú
Rogha 1
- Formhuiníonn an Coimisiún Eorpach an scéim
- Tagann an scéim réitigh i bhfeidhm
Rogha 2
- Déanann an Coimisiún agóidí i gcoinne gnéithe lánroghnacha den scéim
- Bíonn 8 n-uair an chloig ag BRA chun an scéim a athrú agus a cheadú
- Tagann an scéim réitigh i bhfeidhm
Rogha 3
- Déanann an Coimisiún agóidí i gcoinne úsáid CRA nó i gcoinne an chinnidh maidir le leas an phobail (laistigh de 12 uair an chloig)
- Cuirtear an cás faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun cinneadh a fháil
Cinneann an Chomhairle trí thromlach simplí agus laistigh de 12 uair an chloig an méid seo a leanas a dhéanamh:
- diúltaíonn sí don agóid: tagann an scéim i bhfeidhm
- glacann sí leis an agóid i gcoinne úsáid CRA: bíonn 8 n-uair an chloig ag BRA chun an scéim a athrú agus a cheadú, tagann an scéim i bhfeidhm ina dhiaidh sin
- glacann sí leis an agóid i gcoinne an chinnidh maidir le leas an phobail: ní fhormheastar an scéim agus déantar an banc a fhoirceannadh
An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025