Rialuithe slándála i limistéar Schengen
Mínítear sa ghrafaic faisnéise na rialuithe slándála a bhíonn ar thaistealaithe a dhéanamh agus iad ag teacht isteach agus ag fágáil limistéar Schengen, de réir a dtír shaoránachta:
- saoránaigh as Ballstáit an Aontais, mar aon leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis
- gach taistealaí eile
Rialuithe slándála i limistéar Schengen
Roimh thaisteal
Saoránaigh as Ballstáit an Aontais, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis: gan cheanglas
Gach taistealaí eile:
- a bhfuil víosa de dhíth orthu: iarrann siad víosa
- nach bhfuil víosa de dhíth orthu: iarrann siad údarú taistil ar líne trí ETIAS
Ag an bpointe trasnaithe teorann
Saoránaigh ó thíortha an Aontais, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Iorua agus ón Eilvéis: déantar daoine aonair a sheiceáil i mbunachair sonraí ábhartha
Gach taistealaí eile:
- seiceáiltear na taistealaithe sna bunachair sonraí ábhartha
- seiceáiltear an bhfuil siad ag cloí le coinníollacha iontrála Schengen
- cláraítear teacht isteach nó diúltú iontrála sa chóras dul isteach-imeachta
Roimh imeacht
Saoránaigh ó thíortha an Aontais, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin, ón Iorua agus ón Eilvéis: déantar daoine aonair a sheiceáil i mbunachair sonraí ábhartha.
Gach taistealaí eile:
- seiceáiltear na taistealaithe sna bunachair sonraí ábhartha
- cláraítear a n-imeacht sa chóras dul isteach/imeachta
Imircigh neamhrialta ag teacht isteach
Seiceáiltear na taistealaithe:
- sna bunachair sonraí náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta
- sainaithnítear iad agus glactar méarlorg uathu
- cuirtear abhaile iad mura bhfuil ceart fanachta i limistéar Schengen acu
Ba cheart Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bheith i mbun oibríochta faoi lár mhí na Samhna 2023. Ba cheart don chóras dul isteach-imeachta a bheith ag feidhmiú faoi lár mhí na Bealtaine 2023.
Tuilleadh eolais:
An t-athbhreithniú deireanach: an 10 Márta 2025