- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 15/02/2016, 15 Feabhra 2016
Na príomhthorthaí
Chuir an Uachtaránacht a clár oibre agus a tosaíochtaí i réimsí na talmhaíochta agus an iascaigh i láthair. Is é todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) an tosaíocht is mó a bheidh ann.
Martijn Van Dam, Aire Talmhaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle: "Is é an príomhthéama a bheidh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil den chomhairle a bheidh againn 'Bia na todhchaí - todhchaí an bhia'. Díreoimid ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) ó 2020 ar aghaidh. Sna 30 bliain amach romhainn tiocfaidh fás ar dhaonra an domhain go dtí 9 nó b’fhéidir 10 billiún duine. Beidh bia agus fuinneamh ag teastáil ó gach duine nach mór a tháirgeadh ar bhealach a mbeidh an domhan féin agus an dúlra in ann é a sheasamh. Ní mór dúinn feabhas a chur ar ár dtáirgeadh bia, ní hamháin anseo ach ar fud an domhain freisin. Agus tá gá le tuilleadh nuálaíochta, le tuilleadh inbhuanaitheachta.”
Tá a n-imní léirithe ag roinnt Ballstát agus chuir siad in iúl gur ábhar imní atá i staid an mhargaidh in earnáil na déiríochta agus in earnáil na muiceola agus gur gá feabhas a chur ar an gcás sin mar ábhar práinne. Chualamar tuairimí suimiúla maidir leis an mbealach chun dul chun cinn a dhéanamh. Beidh díospóireacht an lae inniu mar bhonn don idirphlé foirmiúil ar an ábhar seo ag cruinniú na Comhairle i mí an Mhárta. Ar an ócáid sin, déanfaimid measúnú ar na bearta margaidh atá i bhfeidhm faoi láthair, agus déanfaimid cinneadh i dtaobh cur chuige iomchuí.” Martijn Van Dam, Aire Talmhaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Talmhaíocht
Le linn na Comhairle, thug na hAirí dá n-aire staid mhargaidh na talmhaíochta go háirithe maidir leis na deacrachtaí atá ann faoi láthair in earnáil an bhainne agus in earnáil na muiceola.
Martijn van Dam: “Tá a n-imní léirithe ag roinnt Ballstát agus chuir siad in iúl gur ábhar imní atá i staid an mhargaidh in earnáil na déiríochta agus in earnáil na muiceola agus gur gá feabhas a chur ar an gcás sin mar ábhar práinne. Chualamar tuairimí suimiúla maidir leis an mbealach chun dul chun cinn a dhéanamh. Beidh díospóireacht an lae inniu mar bhonn don idirphlé foirmiúil ar an ábhar seo ag cruinniú na Comhairle i mí an Mhárta. Ar an ócáid sin, déanfaimid measúnú ar na bearta margaidh atá i bhfeidhm faoi láthair, agus déanfaimid cinneadh i dtaobh cur chuige iomchuí.”
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir le leas ainmhithe ar bhonn páipéar seasaimh a d’ullmhaigh toscaireachtaí na Gearmáine, na Sualainne, na Danmhairge agus na hÍsiltíre. Iarrtar sa pháipéar go mbunófaí ardán Aontais Eorpaigh maidir le leas ainmhithe do na geallsealbhóirí agus do na húdaráis inniúla. Thacaigh an Chomhairle, tríd is tríd, le bunú ardán Aontais Eorpaigh. Thug roinnt Ballstát dá n-aire, ó tharla go bhfuil caighdeán ard ann i láthair na huaire maidir le leas ainmhithe, gur cheart cóir chomhionann a áirithiú do tháirgeoirí an Aontais agus do tháirgeoirí neamh-Aontais, agus gur cheart feabhas a chur ar fhorghníomhú na reachtaíochta atá ann cheana ar an gcéad dul síos.
Chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas freisin maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaobh saincheisteanna trádála idirnáisiúnta talmhaíochta agus i dtaobh straitéis fhadtéarmach do thaighde talmhaíochta a fhorbairt.
Iascach
Cuireadh togra maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh sheachtracha iascaireachta faoi bhráid na Comhairle. Is é cuspóir an téacs nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistiú na n-údaruithe a dheonaítear do shoithí de chuid an Aontais dul i mbun iascaireachta lasmuigh d’uiscí an Aontais Eorpaigh agus do shoithí tríú tíortha oibriú in uiscí an Aontais. Thacaigh na Ballstáit leis an togra sa mhéid a bhféadfadh sé cur i gcoinne an iascaigh neamhdhleathaigh. Mar sin féin, chuir roinnt Ballstát imní in iúl maidir leis an ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an togra.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, an 15 Feabhra 2016
- Clár oibre sealadach, cruinniú den Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, an 15 Feabhra 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 15 Feabhra 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025