Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle um Thalmhaíocht agus um Iascach, 17/05/2016, 17 Bealtaine 2016

Mar is eol daoibh, is ceann de chúiseanna na faidhbe í an talmhaíocht, agus í freagrach as 10% de na hastaíochtaí gáis ceaptha teasa, ach d’fhéadfadh sí bheith ina cuid de réiteach na faidhbe freisin arsa Martijn van Dam, Aire Talmhaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle

Na príomhthorthaí

An talmhaíocht agus an aeráid 

Phléigh an Chomhairle an gaol idir an talmhaíocht agus an aeráid, i gcomhthéacs thoradh Chomhaontú Aeráide Pháras ó mhí na Nollag 2015. Bhí an plé dírithe go háirithe ar ról na talmhaíochta ó thaobh an t-athrú aeráide a mhaolú agus ó thaobh oiriúnú dó, an chaoi a bhféadfadh an fheirmeoireacht agus earnáil na talamhúsáide cabhrú le cur chun feidhme spriocanna an Aontais chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus cabhrú leis an aistriú chuig bithgheilleagar.

Léirigh na hAirí a dtuairimí i ndáil leis an gcreat nua reachtach a mbeidh an talmhaíocht san áireamh ann don chéad uair riamh ó thaobh spriocanna laghdaithe astaíochtaí de. Leag siad an-bhéim ar a thábhachtaí a bhí sainiúlachtaí na talamhaíochta agus ról na talmhaíochta i leith cuspóirí amhail an tslándáil bia.

Arsa Martijn van Dam, Aire Talmhaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle: "Mar is eol daoibh, is ceann de chúiseanna na faidhbe í an talmhaíocht, agus í freagrach as 10% de na hastaíochtaí gáis ceaptha teasa, ach d’fhéadfadh sí bheith ina cuid de réiteach na faidhbe freisin"

Leas ainmhithe 

Phléigh an Chomhairle saincheist leas na n-ainmhithe, agus aird acu ar thorthaí suirbhé a rinne Eorabharaiméadar le déanaí i ndáil le leas ainmhithe agus ar bhunú ardán de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le leas ainmhithe. Bhí tacaíocht leathan i measc na n-airí ó thaobh ardán de chuid an Aontais a bhunú i dtaca le leas ainmhithe.

Arsa Martijn van Dam, Aire Talmhaíochta na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle: "Is ábhar tábhachtach é leas ainmhithe don Choimisiún Eorpach, do na Ballstáit agus do thomhaltóirí agus don tsochaí ina hiomláine. Is cúis áthais dom go bhfuil an t-ábhar seo á thógáil ar bhealach dáiríre ag an gCoimisiún Eorpach, agus ardán á bhunú aige trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trioblóideacha sa réimse sin i gcomhar leis na geallsealbhóirí agus leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha. Idir an dá linn, beidh mé féin agus mo chuid comhghleacaithe ag obair chun straitéis nua a bhaint amach ar leibhéal an Aontais i ndáil le leas ainmhithe."

Staid an mhargaidh

Ar aon dul lena gealltanas go gcoinneodh sí súil ghéar ar staid an mhargaidh, fuair an Chomhairle faisnéis ón gCoimisiún maidir lena bhfuil ag titim amach sna príomhearnálacha talmhaíochta. Chomh maith leis sin, thuairiscigh an Coimisiún freisin i dtaca le cur chun feidhme agus ráta glactha an phacáiste de bhearta tacaíochta margaidh a comhaontaíodh ag cruinniú mhí an Mhárta den Chomhairle. Chuir formhór na n-áirí a n-imní in iúl i ndáil leis na deacraíochtaí a bhí ag feirmeoirí na hEorpa agus d’iarr siad go ndéanfaí gníomh níos cinntithí. Ag cruinniú Mhí an Mheithimh den Chomhairle, déanfaidh na hAirí meastóireacht chríochnaitheach ar na bearta atá curtha i bhfeidhm.

Phléigh an Chomhairle freisin an idirbheartaíocht i ndáil leis an trádáil idirnáisiúnta agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhaontú cuimsitheach eacnamaíoch agus trádála le Ceanada (CETA), leis an gcomhpháirtíocht trádála agus infheistíochta thrasatlantach leis na Stáit Aontaithe (TTIP) agus le comhaontú le Mercosur ar thalmhaíocht na hEorpa. D’iarr na hAirí go míneofaí níos fearr na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann leis na comhaontuithe sin agus d’iarr siad ar an gCoimisiún cumas iomaíochta thalmhaíocht na hEorpa a chosaint.

Beoshruthú, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025