- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 18/03/2019, 18 Márta 2019
Na príomhthorthaí
An pacáiste maidir le hathchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) tar éis 2020
D'éirigh linn dul chun cinn maith a dhéanamh inniu le forbairt bhreise a dhéanamh ar sheasamh na Comhairle maidir leis an gComhbheartas Talamhaíochta amach anseo, ach tá gá le tuilleadh oibre. Tá sé mar phríomhthosaíocht againn go fóill an bealach chun tosaigh don bheartas Eorpach is fadbhunaithe agus is tábhachtaí a shocrú. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle
The Council had a public exchange of views on the whole CAP reform package on the basis of a presidency's state of play report, and suggested changes to the text of all three regulations: the CAP strategic plans the horizontal and Common Market Organisation regulations. Ministers were invited to comment on these texts and provide guidance to the presidency on the next steps.
In the context of the CAP debate, ministers were also informed about coupled income support and eco-schemes.
Straitéis bhithgheilleagair nuashonraithe an Aontais
Caithfimid athmhachnamh a dhéanamh ar an mbealach a gcuirimid chuig táirgeadh bia agus fuinnimh más mian linn dul i ngleic le dúshlán an athraithe aeráide amach anseo. D'fhéadfadh an bithgheilleagar réitigh chomhsheasmhacha éifeachtacha a chur ar fáil do shaol níos inbhuanaithe agus d'iomaíochas thalmhaíocht na hEorpa amach anseo. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle
Rinne an Chomhairle plé ar Straitéis Bhithgheilleagair nuashonraithe an Aontais. Roinn na hairí smaointe agus dea-chleachtais a chuirtear chun feidhme go náisiúnta agus go réigiúnach go háirithe, d'fhonn ionchur a chur ar fáil do chur chun feidhme éifeachtach tapa na straitéise nuashonraithe ar fud an Aontais. Anuas air sin, rinne siad iniúchadh ar shineirgí féideartha le CBT agus leis an gclár réime nua um thaighde agus um nuálaíocht.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas freisin:
- an staid i margadh na feola
- an cinneadh ón mBord Teicniúil um Achomhairc de chuid Oifig Eorpach na bPaitinní maidir leis an bhféidearthacht a dtagann den phlandaphórú traidisiúnta a phaitinniú
- an toradh a bhí ar na ceardlanna a d'eagraigh Tascfhórsa an Choimisiúin maidir le hUisce agus Talmhaíocht sa Danmhairg agus sa Rómáin
- iascach ar mhionscála i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil nua
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025