- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 28/01/2019, 28 Eanáir 2019
Na príomhthorthaí
Thíolaic an uachtaránacht a tosaíochtaí agus a clár arb é an cuspóir uileghabhálach leis comhtháthú a chinntiú mar luach comhchoiteann Eorpach.
I réimse na talmhaíochta, is iad príomhthosaíochtaí uachtaránacht na Rómáine an pacáiste reachtach a bhaineann leis an athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) a chaibidil, i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil nua 2021-2027. I measc na dtosaíochtaí eile beidh an bithgheilleagar, nuálaíocht agus taighde talmhaíochta, próitéiní plandúla, sláinte plandaí agus ainmhithe.
Maidir le hiascach, leanfaidh an uachtaránacht den obair ar na pleananna bainistíochta ilbhliantúla agus ar an gciste Eorpach muirí agus iascaigh (CEMI), mar aon le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh.
An pacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020
Is cuidiú mór é an comhbheartas talmhaíochta chun cur le comhtháthú limistéar tuaithe agus beogacht agus iomaíochas na hEorpa a chaomhnú. Is dá bhrí sin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh CBT nua-aimseartha dea-fheidhmiúil ann. Déanfaimid ár seacht ndícheall an toradh sin a bhaint amach. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle i ndáil leis an tsamhail nua seachadta a moladh sa phacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020 agus díríodh go háirithe ar ghnéithe amhail an sprioc-am bliantúil, cur chuige forchéimnitheach i leith spriocanna agus diallas féideartha. Phléigh na hairí an cúlchiste talmhaíochta agus smacht airgeadais freisin.
Maidir le comheagrú na margaí, bhí díospóireacht ag an gComhairle i dtaca leis na forálacha a bhaineann le hearnáil an fhíona agus go háirithe an bhféadfaí an margadh a oscailt do chineálacha nua fíonchaor. Ar deireadh, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ollstruchtúr glas.
Ós amhlaidh atá, bhí an deis ag an gComhairle freisin eolas a fháil ó ghrúpa de thoscaireachtaí faoin iarracht atá á déanamh acu go mbeadh cistiú iomchuí d'fhorbairt tuaithe sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.
Plean an Aontais um próitéiní plandúla
Is é ár mórthuairim nach mór dul i mbun gníomhaíochtaí nithiúla agus infheistíochta chun tacú leis an bhfás in earnáil a bhfuil ról riachtanach aici maidir le cothú an duine chomh maith le beathú ainmhithe. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin tuarascáil ón gCoimisiún maidir le forbairt próitéiní plandúla san Aontas Eorpach agus bhreathnaigh sí ar bhealaí chun borradh a chur faoina dtáirgeadh i slí atá fónta ó thaobh na heacnamaíochta agus an chomhshaoil de. Dhírigh siad go háirithe ar uirlisí praiticiúla agus ar dheiseanna féideartha chomh maith le ról na tacaíochta cúpláilte deonaí.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas freisin:
- toradh na comhdhála "Fiabhras Afracach na muc a dhíothú san Aontas agus bainistiú fadtéarmach líon na dtorc allta"
- Ionad Idirnáisiúnta a bhunú do Réitigh Fhrithsheasmhacht na bhFrithmhiocróbach
- an tsaincheist maidir le décháilíocht bia-ábhar
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Miruna Georgescu Press officer
- +32 471 33 53 34
- +32 2 281 47 70
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025