- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 19/11/2018, 19 Samhain 2018
Iascach
Is ríthábhachtach na critéir iad inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc éisc agus inmharthanacht thionscal iascaigh an Aontais, a mhéid a bhaineann le teorainneacha gabhála a leagan síos. Chinneamar inniu go laghdófaí na deiseanna iascaireachta do stoic dhomhainfharraige in 2019 agus in 2020. Tabharfaidh sé seo cosaint don chomhshaol muirí atá againn, rud a chuideoidh san fhadtéarma leis an tionscal atá againn. Elisabeth Köstinger, Aire Cónaidhme Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire agus Uachtarán na Comhairle
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú inniu maidir leis na deiseanna iascaireachta do stoic áirithe dhomhainfharraige san Aontas Eorpach agus sna farraigí idirnáisiúnta in oirthuaisceart an Atlantaigh do 2019 agus do 2020.
I bhfianaise leochaileacht na speiceas domhainfharraige, mar gheall ar láimh an duine, agus d’fhonn a ró-shaothrú a chosc, chinn an Chomhairle na TACanna a laghdú do mhórthromlach na stoc.
Ina theannta sin, cuireadh na hairí ar an eolas maidir le cur chun feidhme an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh (CEMI).
Talmhaíocht
Ní mór cur chuige beartais a bheadh stuama, uaillmhianach agus uile-chuimsitheach a bheith mar chrann taca ag an talmhaíocht nua-aimseartha. Chíoramar roinnt mhaith de na ceisteanna móra inniu: forbairtí sna margaí talmhaíochta, na bearta tacaíochta margaidh atá ann faoi láthair agus na céimeanna a bheidh le glacadh, amach anseo, ionas go mbeidh borradh faoin talmhaíocht agus go dtabharfaidh an talmhaíocht cosaint d’fheirmeoirí. Elisabeth Köstinger, Aire Cónaidhme Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire agus Uachtarán na Comhairle
Staid an mhargaidh
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí sna margaí talmhaíochta is tábhachtaí, go háirithe sna margaí déiríochta, siúcra agus muiceola.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an staid dhearfach agus an dearcadh dearfach eacnamaíoch atá ann i gcoitinne sna príomh-mhargaí talmhaíochta, ach mar sin féin, chuir siad in iúl go raibh imní orthu faoi na deacrachtaí atá ann in earnáil na muiceola i ndáil le fiabhras Afracach na muc agus mhol siad súil ghéar a choinneáil ar earnáil an tsiúcra.
An pacáiste maidir le hathchóiriú iar-2020 an Chomhbheartais Talmhaíochta
I seisiún poiblí, phléigh an Chomhairle dhá tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh go dtí seo ar na tograí le haghaidh rialachán maidir le CBT a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, agus maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta.
Dhírigh na hairí ina gcuid cainte ar an méadú atá tagtha ar an bhfreagracht atá ar na comhlachtaí náisiúnta maidir le cur chun feidhme CBT agus faireachán a dhéanamh air, agus dúirt siad, mar a dúirt siad cheana, nach mór CBT a bheith ann a bheidh simplí, éifeachtach agus nach mbeidh ualach iomarcach riaracháin ag gabháil leis. In theannta sin, mheas siad, i gcoitinne, gur mhaith a chruthaigh na hionstraimí tacaíochta margaidh a bhí againn go dtí seo, mar chosaint ar shuaití sa margadh.
Cosaint plandaí
Bhí cur agus cúiteamh ag an gComhairle faoi na dúshláin atá anois ann i réimse na cosanta plandaí, agus iad ag díriú ar shláinte plandaí agus ar an ullmhacht i gcoinne galair andúchasacha nua, ar láimh amháin, agus ar tháirgí cosanta plandaí –iad a bheith ar fáil, iad a fhormheas agus an córas lena n-údarú, ar an láimh eile.
Leag na hairí béim ar an tábhacht a bhaineann leis an díospóireacht sin i gcomhthéacs níos leithne a bhaineann leis an athrú aeráide agus an trádáil dhomhanda, dhá rud a chuireann leis an mbaol go mbeidh lotnaidí nua díobhálacha agus galair plandaí nua ann.
AE–an Afraic
I láthair Tom Arnold, cathaoirleach an Tascfhórsa don Afraic Thuaithe (TFRA), cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi obair TFRA. In Aibreán na bliana 2018 a bunaíodh an tascfhórsa le moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí earnáil tuaithe na hAfraice a neartú, agus feabhas a chur ar an ról atá ag an Aontas maidir le poist a chruthú agus forbairt eacnamaíoch a chothú. Bhí na hairí ag cur agus cúiteamh faoin tslí ar cheart tosaíochtaí a leagan amach don ghníomhaíocht agus uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag infheistíochtaí sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe san Afraic.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúPreaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025