Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 14/05/2019, 14 Bealtaine 2019

Na príomhthorthaí

An pacáiste maidir le hathchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020

Is í an tsamhail nua seachadta croílár an phacáiste um athchóiriú CBT agus an ghné is nuálaí de. A bhuí leis an athrú ó bhonn seo, beidh ról níos mó ag na Ballstáit maidir lena mbeartais náisiúnta a leagan amach, ach is mó freagracht a bheidh orthu freisin. Ach an plé a dhéanfar ar an ngné sin a chur chun cinn, cuideofar linn seasamh na Comhairle a shainiú i dtaca leis an bpacáiste uile um athchóiriú. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle

Ar bhonn páipéar ón Uachtarán, bhí malartú tuairimí ag an gComhairle le linn seisiún poiblí maidir le samhail nua seachadta don phacáiste um athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020. Dhírigh na hairí ar gharspriocanna a thuairisciú agus ar an athbhreithniú feidhmíochta, agus ar an bhféidearthacht aonadmhéideanna a bhunú d'idirghabhálacha nach bhfuil bunaithe ar limistéir, nó d'idirghabhálacha ainmhí-bhunaithe.

Pláinéad Glan do Chách

An tseachtain seo caith in Sibiu, d'athdhearbhaigh ár gceannairí a ríthábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt i dteannta a chéile ar an athrú aeráide. Cé gurb é is príomhchuspóir don talmhaíocht an tslándáil bia san Eoraip a áirithiú, féadfaidh an talmhaíocht agus an fhoraoiseacht cur le spriocanna uaillmhianacha comhshaoil an Aontais a bhaint amach. Phléamar inniu conas ár bhfeirmeoirí a chumhachtú agus a réiteach chun dul i ngleic leis an dúshlán sin. Petre Daea, Aire Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe na Rómáine agus Uachtarán na Comhairle

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi mhalartú tuairimí a bhí ag na hairí maidir le gnéithe talmhaíochta na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal "A clean planet for all: A European strategic long-term vision for a prosperous, modern, competitive and climate-neutral economy [Plainéad Glan do Chách: fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach ar mhaithe le geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de]".

Dhírigh na hairí aird ar leith ar na gníomhaíochtaí tosaíochta nach mór a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i réimse na talmhaíochta agus na foraoiseachta d'fhonn cur le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach faoi 2050.

Saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil

Thug an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta i dtaobh fheidhmíocht thrádáil talmhaíochta an Aontais. Thug sé tuairisc ar na forbairtí is déanaí ar a thionscnamh taidhleoireachta féin chun táirgí talmhaíochta Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain, agus ar na caibidlíochtaí trádála a tugadh i gcrích nó atá fós ar bun agus a mbíonn tionchar acu ar thalmhaíocht an Aontais. Ar na bearta sin, tá: Mercosur, an Astráil agus an Nua-Shéalainn.

Bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú agus a marana a dhéanamh ar shaincheisteanna íogaire, agus ar na tosaíochtaí agus na leasanna, do thalmhaíocht an Aontais i gcomhthéacs na caibidlíochta atá fós ar bun agus i gcomhthéacs na caibidlíochta atá ar na bacáin ag an Aontas faoin tsaorthrádáil.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Cuireadh na hairí ar an eolas faoin méid seo a leanas freisin:

  • rialachán maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a bheidh ann sa todhchaí
  • an obair leantach a bhaineann leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le horgánaigh a fhaightear ó shó-ghineas
  • an staid mar atá in earnáil na dtorthaí

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025