"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 14-15/10/2019, 14-15 Deireadh Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
Iascach
Deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt do 2020
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí na mBallstát do na deich stoc éisc is tábhachtaí i Muir Bhailt do 2020.
I gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is déanaí a tharraingíonn aird ar dhroch-dhálaí i Muir Bhailt, chinn an Chomhairle na deiseanna iascaireachta d'fhormhór na stoc éisc a laghdú. Is don scadán i Murascaill Ríge amháin a méadaíodh TACanna go measartha, agus coimeádadh na TACanna mar a bhí siad le haghaidh an bhradáin i Murascaill na Fionlainne.
Is suntasach go háirithe na ciorruithe i leith an troisc, agus laghdú60% i bhfeidhm sa chuid thiar de Mhuir Bhailt, agus gan cead foghabhálacha a bheith ann ach sa chuid thoir amháin.
Bhí roinnt cinntí misniúla le déanamh chun sláinte stoc éisc Mhuir Bhailt chomh maith le hinbhuanaitheacht níos fadtéarmaí na n-iascach sa limistéar sin a chaomhnú. Ní hamháin go mbeidh comhaontú an lae inniu ina chuidiú maidir le téarnamh stoic, ach beidh sé ina chuidiú freisin chun na héifeachtaí socheacnamaíocha ar iascairí san Aontas a mhaolú.
Jari Leppä, Aire Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Fionlainne agus Uachtarán na Comhairle
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir le forlíonadh a dhéanamh ar an gcur chuige ginearálta páirteach atá ann cheana maidir leis an togra don chéad Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) eile tar éis 2020.
Leis an gcomhaontú sin cuireadh bailchríoch ar an seasamh ón gComhairle trí na gnéithe sin nár cumhdaíodh sa chur chuige ginearálta páirteach a chomhaontaigh an Chomhairle i mí an Mheithimh 2019 a chur leis, go háirithe gnéithe a bhain le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gciste agus ar an ailíniú le Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí, freisin, maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh ag an Aontas ag na comhairliúcháin bhliantúla leis an Iorua faoi chuimsiú a gcomhaontaithe iascaigh dhéthaobhaigh, agus ag cruinniú bliantúil an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), atá le bheith ar siúl ar an 18-25 Samhain 2019 in Palma de Mallorca, sa Spáinn.
Príomhphointí ó chruinniú na Comhairle Talmhaíochta agus Iascaigh ar an 14 Deireadh Fómhair 2019
Talmhaíocht
An pacáiste um athchóiriú CBT tar éis 2020
I seisiún poiblí, phléigh an Chomhairle tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an obair a rinneadh i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle maidir leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh athchóiriú a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) tar éis 2020.
Dhírigh na hairí go háirithe ar na gnéithe sin a mheas siad a bheith ríthábhachtach sa phacáiste athchóirithe, agus mheas siad freisin gurbh iad an tsamhail nua seachadta agus an "t-ollstruchtúr glas" na príomhghnéithe ar ghá tuilleadh díospóireachta a dhéanamh ina leith.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoi ráiteas comhpháirteach ó na Ballstáit éagsúla maidir le buiséad CBT.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú, ag díriú go háirithe ar na nithe sin a mheas siad a bheith ina dtosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta. Bhí an deis ag na hairí tobsmaointeoireacht a dhéanamh freisin maidir le Straitéis Foraoise an Aontais tar éis 2020, agus cuireadh ar an eolas iad faoi ráiteas comhpháirteach ó Bhallstáit éagsúla maidir leis an bhforaoiseacht inbhuanaithe.
Tá an dífhoraoisiú ag tarlú ar luas lasrach agus is gá gníomhú go práinneach chun é a stopadh. Dá bhrí sin, is príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Fionlainne í an fhoraoiseacht agus táimid ag obair chun béim a leagan, freisin, trí chonclúidí ón gComhairle a ghlacadh, ar an ngá atá le foraoisiú, le bainistiú fónta agus inbhuanaithe, agus le cosaint agus athbhunú foraoisí.
Jari Leppä, Aire Talmhaíochta agus Foraoiseachta na Fionlainne agus Uachtarán na Comhairle
Thug an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta maidir leis na forbairtí is déanaí sna margaí talmhaíochta is tábhachtaí.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an staid eacnamaíoch atá dearfach ar an iomlán i bpríomhréimsí an mhargaidh, ach chuir siad in iúl gur cúis imní dóibh freisin an cruachás ina bhfuil earnálacha an tsiúcra, na hola olóige agus na n-ológ boird, na mairteola agus na ríse. Phléigh na hairí freisin na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfógra a thug Oifig Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe le déanaí go ndéanfadh sí dleachtanna breise a fhorchur ar liosta de tháirgí agraibhia de chuid an Aontais ón 18 Deireadh Fómhair 2019 amach, i ndáil le rialú EDT maidir le cás Airbus.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.