Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 21 Samhain 2022

Príomhthorthaí

Talmhaíocht

Straitéis foraoise nua an Aontais 2030

Phléigh na hairí talmhaíochta an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise Nua an Aontais do 2030, chomh maith le bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon chun a héifeachtúlacht a fheabhsú. Bhí malartú tuairimí ag na hairí freisin maidir le conas feabhas a chur ar an gcomhar idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí, chun a chinntiú go gcuirfear an straitéis chun feidhme go héifeachtach agus chun creat rialachais foraoise a bheidh cuimsitheach agus comhleanúnach a ráthú san Aontas.

Clúdaíonn foraoisí agus coillearnach eile níos mó ná 43.5 % den Aontas agus is bunriachtanas iad do shláinte agus d’fholláine mhuintir uile na hEorpa. Tá ról lárnach ag foraoisí inár ngeilleagar agus inár sochaí, mar shampla trí phoist a chruthú agus bia, leigheas, ábhair, uisce glan agus acmhainní eile a chur ar fáil. Is comhghuaillí nádúrtha iad freisin chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus chun é a chomhrac. Le teacht chun cinn na ndúshlán a eascraíonn as an athrú aeráide, chuir an Coimisiún Straitéis nua Foraoise an Aontais do 2030 ar aghaidh an 16 Iúil 2021, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. An 15 Samhain 2021, ghlac na hairí talmhaíochta conclúidí maidir le Straitéis nua Foraoise an Aontais do 2030 agus d’iarr siad ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid na Comhairle maidir lena cur chun feidhme.

Gnó eile

Phléigh na hairí freisin na gnéithe talmhaíochta, foraoiseachta agus muirí den rialachán atá beartaithe maidir le hathbhunú an dúlra, chomh maith leis an toradh a bhí ar Chomhdháil Bithgheilleagair an Aontais 2022. Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht ar leasacháin agus mhínigh an gá atá le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán a chinntiú mar bhonn don tslándáil bia.

Zdeněk Nekula, Aire Talmhaíochta na Seice
Agus praghsanna fuinnimh agus leasacháin ag ardú, tá sé de dhualgas orainn ár ndícheall a dhéanamh praghsanna bia ar fud an Aontais a choinneáil ar leibhéal réasúnta. Chun é sin a bhaint amach, is gá táirgeadh leasacháin an Aontais a dhaingniú agus a chobhsú agus a chinntiú go mbeidh rochtain ag feirmeoirí ar leasacháin inacmhainne. Cuireann fogha na Rúise ár dtáirgeadh talmhaíochta i mbaol. Ní mór dúinn gníomhú agus feabhas a chur ar ár neamhspleáchas straitéiseach san earnáil chun fómhar leordhóthanach a chinntiú an bhliain seo chugainn.
Zdeněk Nekula, Aire Talmhaíochta na Seice
Zdeněk Nekula, Aire Talmhaíochta na Seice

Ar deireadh, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ngá atá leis an aistriú fuinnimh a chur chun cinn in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, agus maidir le hearnáil láidir agus inbhuanaithe algaí a chinntiú.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025