"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 27-28 Deireadh Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Iascach
Na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt in 2026
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt in 2026. Leis an gcomhaontú sin, cinntear na gabhálacha iomlána incheadaithe (GIInna) agus na cuótaí in aghaidh an Bhallstáit do na stoic éisc is suntasaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt, is iad sin salán, scadán, trosc, leathóg agus bradán.
Déantar ár dtodhchaí chomhroinnte a chinntiú leis an gcomhaontú seo. Leis sin, bainimid cothromaíocht amach idir an gá atá le stoc iascaireachta inbhuanaithe a chinntiú, ár n-éiceachórais mhuirí a chosaint, agus inmharthanacht fhadtéarmach ár bpobal iascaireachta a chosaint.
Jacob Jensen, Aire Bia, Talmhaíochta agus Iascaigh na Danmhairge
Tá go leor dúshlán roimh Mhuir Bhailt; ina measc, tá cailliúint na bithéagsúlachta, an t-athrú aeráide, éifeachtaí na ró-iascaireachta san am a chuaigh thart, agus leibhéil arda éilleán agus bruscair.
Is é is aidhm don chomhaontú polaitiúil inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc éisc sa réigiún a chinntiú, chomh maith le hinmharthanacht earnáil an iascaigh.
An Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha
Bhí plé ag na hairí iascaigh d’fhonn treoir straitéiseach a thabhairt chun seasamh an Aontais a ullmhú roimh chruinniú bliantúil an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú na dTuinníní Atlantacha (CICTA).
Ag cruinniú CICTA a bheidh ar siúl ón 17 go dtí an 24 Samhain 2025 in Sevilla, tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna, ar nós tuinníní trópaiceacha, tuinníní gorma, siorcanna agus bearta rialaithe.
An Comhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027 – an ailtireacht ghlas
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí talmhaíochta maidir leis an ailtireacht ghlas a mhol an Coimisiún i dtaca leis an gComhbheartas Talmhaíochta tar éis 2027.
I mí Mheán Fómhair 2025, chuir an Uachtaránacht in iúl do na toscaireachtaí go n-eagródh sí plé téamach maidir le gnéithe éagsúla de na tograí ón gCoimisiún ag na cruinnithe a bheidh ag an gComhairle amach anseo.
Bhain an chéad cheann de na seisiúin sin leis an ailtireacht ghlas, agus chuir na hairí in iúl a mhéid a mheasann siad gur féidir leis na tograí ón gCoimisiún an t-aistriú glas a dhéanamh níos simplí agus níos tarraingtí d’fheirmeoirí.
Tugadh an deis do na hairí a chur in iúl cibé an aontaíonn nó nach n-aontaíonn siad leis an rún gan aon imfhálú glas sonrach a áireamh sa chéad Chomhbheartas Talmhaíochta eile, agus conas a d’fhéadfaí cothrom iomaíochta maidir leis an aistriú glas a chinntiú d’fheirmeoirí in éagmais imfhálú mar sin.
Tríd is tríd, leag na toscaireachtaí béim ar an ngá atá le Comhbheartas Talmhaíochta láidir lena gcinntítear solúbthacht do na Ballstáit chun an t-aistriú glas a dhéanamh. D’ardaigh siad ceisteanna freisin a bhain leis na bearta sonracha a mhol an Coimisiún.
Le linn an phlé maidir leis an ailtireacht ghlas, chuir an Ostair an ráiteas comhpháirteach maidir le struchtúr an Chomhbheartais Talmhaíochta tar éis 2027 i láthair thar ceann 17 dtoscaireacht mar mhír ‘Aon ghnó eile’.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir le staid an mhargaidh i gcás táirgí agus tráchtearraí agraibhia, go háirithe i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Is mír rialta ar chlár oibre na Comhairle í seo.
Thar ceann Chomhairle mhí Dheireadh Fómhair, d’iarr Uachtaránacht na Danmhairge ar Taras Kachka, Leas-Phríomh-Aire um Lánpháirtiú Eorpach agus Eora-Atlantach na hÚcráine, agus Ionadaí Trádála na hÚcráine, páirt a ghlacadh sa phlé ag tús na míre sin roimh dhíospóireacht airí an Aontais.
Ó tharla gur fhormheas an Chomhairle le déanaí an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a laghdaíonn nó a chuireann deireadh le dleachtanna custaim ar roinnt táirgí agraibhia, chuir na hairí in iúl go ginearálta go dtacaíonn siad leis an Úcráin agus go dtacaíonn siad lena lánpháirtiú de réir a chéile i margaí talmhaíochta an Aontais. Ag an am céanna, shainaithin siad dúshláin agus deiseanna gaolmhara freisin.
Ag an seisiún a bheidh aici i mí na Samhna, fillfidh an Chomhairle ar shaincheist chaidreamh trádála an Aontais leis an Úcráin maidir le táirgí talmhaíochta, le linn na míre a phléitear go rialta i ndáil le trádáil táirgí agraibhia.
Thug an Chomhairle dá haire freisin go bhfuil margaí talmhaíochta an Aontais cobhsaí den chuid is mó, cé go bhfuil leochaileachtaí agus difríochtaí earnála agus réigiúnacha fós ann, go háirithe in earnálacha na ngránach, an tsiúcra agus an fhíona.
Leag na hairí béim ar roinnt dúshlán a chuireann brú ar an earnáil i gcónaí, mar shampla, an drochthionchar a bhíonn ag teagmhais adhaimsire agus ráigeanna galar ainmhithe agus plandaí ar tháirgeadh talmhaíochta, chomh maith le teannas i gcaidreamh trádála an Aontais.
Leagadh béim ar dhá thosaíocht san idirphlé: ar an gcéad dul síos, an gá atá le rialacha glasa a dhéanamh simplí agus solúbtha ionas go n-oibreoidh siad d’fheirmeoirí, agus ar an dara dul síos, an Úcráin a lánpháirtiú ar bhealach níos doimhne i margaí talmhaíochta an Aontais ionas go mbeimid in ann tacú leis an Úcráin agus slándáil bia na hEorpa a neartú.
Jacob Jensen, Aire Bia, Talmhaíochta agus Iascaigh na Danmhairge
Míreanna atá le formheas gan phlé
An 27 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht, chun leas an Aontais Eorpaigh, maidir le hathbhreithniú ar an gComhaontú Idirnáisiúnta agus Reachtanna Orgánacha, na Rialacha Orgánacha, na Rialacha Airgeadais agus na Rialacha Ginearálta agus téacsanna eile de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe.
Míreanna eile
Fuair an Chomhairle eolas freisin faoi roinnt ábhair eile.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.