- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 28-29/5/2018, 28-29 Bealtaine 2018
Na príomhthorthaí
Dé Luain, 28 Bealtaine: An Margadh Inmheánach agus Tionscal
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta i ndáil le rialachán lena ndírítear ar fheabhas a chur ar aitheantas frithpháirteach earraí a chuirtear ar an margadh i mBallstát eile.
Tá roinnt bacainní saorga fós le sárú againn i réimsí éagsúla den mhargadh inmheánach. Eascraíonn roinnt acu ó chur i bhfeidhm rialacha éagsúla in earnálacha neamh-chomhchuibhithe nó ó dhroch-chur chun feidhme phrionsabail an aitheantais fhrithpháirtigh. Cabhróidh an comhaontú ar a thángthas inniu le saorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn, agus dá bhrí sin, rochtain ar an margadh a éascú dár gcuideachtaí, rud a rachaidh chun tairbhe tomhaltóirí uile na hEorpa. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
Phléigh na hairí an togra is déanaí ar dhea-chleachtais a chur chun cinn do ghnólachtaí a oibríonn trí ardáin dhigiteacha.
Maidir leis an "seiceáil ar an iomaíochas" traidisiúnta, rinne na hairí measúnú ar iarmhairt nithiúil an mhargaidh inmheánaigh maidir le bonn tionsclaíoch an Aontais ó thaobh iomaíochais agus táirgiúlachta de.
Dé Máirt, 29 Bealtaine: Taighde, nuálaíocht agus spás
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an taighde agus leis an nuálaíocht i gcomhthéacs an chéad chreat airgeadais eile de chuid an Aontais do na blianta 2021 go 2027.
Is den tábhacht an infheistíocht phoiblí i dtaighde agus nuálaíocht a ardú, ach ní leor sin. Ní mór dúinn leas a bhaint as na torthaí taighde eolaíochta agus a bheith in ann úsáid phraiticiúil a bhaint astu chun gur féidir dul i ngleic le dúshláin shochaíocha nó táirgí a ghiniúint a chuirfidh feabhas ar shaol an duine. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
Mar thoradh ar chomhaontú ón gComhairle, cuirfear síneadh le gníomhaíochtaí taighde a rinneadh faoi chlár EURATOM go dtí 2020.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le dlús a chur le cúrsaíocht faisnéise laistigh den Aontas agus le dlús a chur leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte. Thug sí dá haire freisin, tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an togra le gnóthas comhpháirteach a bhunú maidir le ríomhaireacht ardfheidhmíochta.
Phléigh na hairí a bhfuil i ndán do bheartas spáis na hEorpa, go háirithe i gcomhthéacs an mhargaidh dhigitigh.
I gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh, tá an ról atá ag an spás, ag éirí níos tábhachtaí. Is bonneagar é atá faoi cheilt ach a úsáidtear chun sonraí agus faisnéis a fháil agus a dháileadh. Fágann sin go bhfuil cineálacha nua samhlacha gnó ag teacht chun cinn. Emil Karanikolov, Aire Geilleagair na Bulgáire
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
- Aitheantas frithpháirteach earraí: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir lena seasamh chun an margadh aonair a threisiú
- 28/05/2018
- Land Salzburg: Fíneáil gearrtha ar an Ostair as sonraí faoi fhiachas rialtais a mhíthuairisciú
- 28/05/2018
- Rochtain phoiblí ar dhoiciméid na Comhairle: Tuarascáil 2017
- 28/05/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025