- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais, 30/11-01/12/2017, 30 Samhain - 1 Nollaig 2017
Na príomhthorthaí
An tairseach aonair dhigiteach
Ghlac an Chomhairle a seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil le tairseach aonair dhigiteach a bhunú, ar tairseach í lena gcuirfear ar fáil ar líne seirbhísí faisnéise, nós imeachta, cúnaimh agus réitigh fadhbanna, do shaoránaigh agus do chuideachtaí.
"Caithfimid iarracht a dhéanamh a áirithiú go mbeidh sé níos fusa, dár bpobail agus dár gcuideachtaí, teacht ar an bhfaisnéis atá de dhíth orthu, beag beann ar an áit san Aontas a mbíonn siad faoi chónaí nó ar obair, nó a mbíonn gnó á dhéanamh acu. Is féidir sin a dhéanamh ar bhealach áisiúil trí ionad ilfhreastail ar líne a chruthú, agus ba thosaíocht é sin ag Uachtaránacht na hEastóine. Is céim nua é sin i dtreo na seirbhísí poiblí a dhigitiú i gcásanna trasteorann agus céim eile i dtreo an Eoraip dhigiteach a fhíorú." Kadri Simson, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Bonneagair na hEastóine
Straitéis tionsclaíochta an Aontais
Rinne na hairí plé mionsonraithe ar a bhfuil i ndán do bheartas tionsclaíochta an Aontais bunaithe ar an tuarascáil ón Uachtaránacht agus ar "an seiceáil ar an iomaíochas" a dhéantar ar chuspóirí fadtéarmacha an bheartais tionsclaíochta.
Bhí aoichainteoir ó chomhghuaillíocht "#Industry4Europe" páirteach sa díospóireacht, a bhí ag feidhmiú thar ceann líon mór chumainn thionscal an Aontais.
Ina theannta sin, ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle ina n-iarrtar arís go mbeadh straitéis réamhbhreathnaitheach ag an Aontas maidir le beartas tionsclaíochta, agus ina mbeadh fócas ar an mbliain 2030 agus amach uaidh sin.
Cláir spáis an Aontais
Phléigh an Chomhairle an tslí chun cinn do chláir spáis an Aontais agus ghlac sí conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma ar chlár Copernicus.
Tá dhá chlár suaitheanta spáis ag an Aontas inniu, Galileo agus Copernicus, atá ag gabháil go mór chun tairbhe shaoránaigh agus gheilleagar na hEorpa. Cruthaíodh go bhfuil acmhainneacht thar cionn ag sonraí spáis ó thaobh sochair eacnamaíocha a chruthú agus ó thaobh feabhas a chur ar dheiseanna fostaíochta. Caithfimid cabhrú lenár ngnólachtaí, go háirithe na cuideachtaí beaga agus na gnólachtaí nua-thionscanta, tairbhe a bhaint as na sonraí sin chun feidhmchláir agus seirbhísí nua a chur ar fáil. Bhí Uachtaránacht na hEastóine ag iarraidh go mbeadh nasc níos láidre idir an spás agus an geilleagar digiteach. Is domhan digiteach atá againn anois agus is uirlis ríthábhachtach é beartas spáis an Aontais chun gluaiseacht i dtreo geilleagar digitithe, sonraíbhunaithe san Eoraip.” Urve Palo, Aire Fiontraíochta agus Teicneolaíochta Faisnéise na hEastóine
An taighde agus an nuálaíocht
Phléigh an Chomhairle slite chun dúshláin dhomhanda a réiteach sa chéad chreat ilbhliantúil eile de chuid an Aontais don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht, comharba chlár Fhís 2020 atá ann faoi láthair.
Ghlac sí conclúidí maidir leis an méid seo a leanas: “Ón meastóireacht eatramhach ar Fhís 2020 i dtreo an naoú clár réime”.
“Tá an bealach á réiteach againn do thodhchaí an taighde agus na nuálaíochta le díospóireachtaí agus beartais an lae inniu. Ní mór dúinn cur leis na hinfheistíochtaí agus an tairbhe is fearr a bhaint as na torthaí chun réitigh shofaisticiúla a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ár tsochaí inniu agus a bheidh os ár gcomhair amach anseo. Tá sé de chúram orainn uile tús áite a thabhairt don taighde san Aontas Eorpach más mian linn ár n-inniúlacht sa nuálaíocht a mhéadú. Caithfimid níos mó tacaíochta a chur ar fáil don taighde agus don nuálaíocht san Eoraip.” Mailis Reps, Aire Oideachais agus Taighde na hEastóine
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár táscach
- Cúlra faisnéise
- Clár sealadach oibre, an Chomhairle Iomaíochais, an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2017
- Liosta na míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Iomaíochais, an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Iomaíochais, an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2017
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, aguisín 1, an Chomhairle Iomaíochais, an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2017
Preaseisiúintí
- Ón Meastóireacht Eatramhach ar Fhís 2020 i dtreo an naoú Clár Réime
- 01/12/2017
- Clár spáis Copernicus: conclúidí maidir leis an athbhreithniú meántéarma
- 01/12/2017
- Straitéis athnuaite de chuid an Aontais dá Bheartas Tionsclaíoch: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 30/11/2017
- Buiséad an Aontais Eorpaigh do 2018 glactha
- 30/11/2017
- Tairseach Aonair Dhigiteach: Comhaontaíonn an Chomhairle rochtain ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí a éascú
- 30/11/2017
- Cosaint tomhaltóirí sa ré dhigiteach: Rialachán glactha ag an gComhairle chun an comhar ar fud an Aontais a neartú
- 30/11/2017
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025