Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 29-30/11/2018, 29-30 Samhain 2018

Na príomhthorthaí

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 29 Samhain

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh (cur chuige ginearálta) ar an rialachán maidir leis an ngaol idir ardáin agus gnólachtaí agus an rialachán maidir le sábháilteacht ghinearálta feithiclí. Tháinig sí ar chomhaontú chomh maith faoi chur chuige ginearálta páirteach don rialachán maidir le clár an mhargaidh aonair. Leis na comhaontuithe seo, is féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an bParlaimint Eorpach. Ina theannta sin, ghlac na hairí conclúidí maidir le straitéis beartais tionsclaíochta an Aontais amach anseo.

Mar chuid dá mír sheanbhunaithe 'seiceáil ar an iomaíochas', phléigh an Chomhairle rialachas an mhargaidh aonair amach anseo. Le linn na díospóireachta sin, chuir an Coimisiún a teachtaireacht i láthair maidir le todhchaí an mhargaidh aonair, teachtaireacht a glacadh ar an 22 Samhain 2018.

Táimid tagtha inniu ar chomhaontú i dtaobh réimse leathan tionscnamh reachtach. Beidh sochair nach beag ag dul leo, ó bhóithre níos sábháilte go geilleagair níos láidre. Ina theannta sin, bhí deis againn tuairimí a mhalartú faoi straitéis beartais tionsclaíochta an Aontais amach anseo agus na dúshláin atá ann don mhargadh aonair sa domhan seo atá ag athrú de shíor. Margarete Schramböck, Aire Cónaidhme na hOstaire um Ghnóthaí Digiteacha agus Eacnamaíocha

An spás, an 30 Samhain

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn ón uachtaránacht maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le clár spáis an Aontais agus malartaíodh tuairimí i dtaobh na saincheisteanna atá fós gan réiteach d'fhonn an obair a dhéanfar sa réimse sin a threorú.

Tá beartas spáis an Aontais fíorthábhachtach dár gcuid geilleagar, slándála agus taighde. Is léir ó phlé an lae inniu an dul chun cinn atá déanta againn ó mhí an Mheithimh ag oibriú chun go nglacfar clár spáis uaillmhianach nua an Aontais. Norbert Hofer, Aire Iompair, Nuálaíochta agus Teicneolaíochta na hOstaire (an spás san áireamh)

Taighde agus nuálaíocht, 30 Samhain

Conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde.

Tháinig sí ar chomhaontú chomh maith faoin gcur chuige páirteach don Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach) agus thug sí dá haire tuarascáil ar dhul chun cinn ón uachtaránacht maidir leis an gclár sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme.

Baineadh amach comhaontú páirteach an lae inniu faoi Fhís Eorpach laistigh de shé mhí ón togra a bheith faighte ón gCoimisiún, rud a léiríonn go bhfuilimid go léir ag iarraidh dul chun cinn mear a dhéanamh leis an reachtaíocht thábhachtach seo. Is fusa anois dá bharr go nglacfar an pacáiste go tapa, a luaithe a thugtar na cainteanna maidir leis an gcreat airgeadais i gcrích. Heinz Faßmann, Aire Cónaidhme Oideachais, Eolaíochta agus Taighde na hOstaire

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025