Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais, 18-19/02/2019, 18-19 Feabhra 2019

Na príomhthorthaí

An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht, 18 Feabhra

Bhí díospóireacht bheartais sa Chomhairle maidir le tionchar na hintleachta saorga ar iomaíochas thionscal an Aontais agus ghlac sí conclúidí maidir leis an saincheist sin. Leag na hairí béim ar a ríthábhachtaí atá sé forbairt agus úsáid na hintleachta saorga a chothú san Eoraip.

Ina theannta sin bhí díospóireacht bheartais eile ag an gComhairle ar na gnéithe sin a bhaineann leis an tionsclaíocht den teachtaireacht a chuir an Coimisiún amach le déanaí dar teideal A clean planet for all [Pláinéad glan do chách]. D'athdhearbhaigh na hairí go leanfaidh tionscal an Aontais de bheith ina phríomhchumasóir maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí bhíthin meascán cothrom intuartha de bhearta éagsúla. Leis an athrú ó bhonn lena bhfuiltear ag súil, cuirfear idir dheiseanna agus dúshláin ar fáil agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu sin ar leibhéil éagsúla trí aird a thabhairt ar thuairimí na saoránach, ar thuairimí gnólachtaí agus ar thuairimí na mBallstát.

Mar chuid den tseiceáil thraidisiúnta ar an iomaíochas, tar éis don Choimisiún cur i láthair ó bhéal a dhéanamh, díríodh an plé sa Chomhairle ar an tionchar a bhíonn ag slabhraí luacha earnálacha ar an iomaíochas agus ar an bhfás. Leag na hairí béim ar an ról méadaitheach a bhíonn ag seirbhísí margaidh sna slabhraí luacha domhanda.

Sa tráthnóna, mhalartaigh na hairí tuairimí faoi na bealaí is féidir feabhas a chur ar an méid a chuireann an Chomhairle Iomaíochais le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

Faoin mhír sin den chlár d'aon ghnó eile, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le roinnt comhaid reachtacha atá faoina cúram.

Na conclúidí a glacadh inniu maidir leis an intleacht shaorga, beidh siad mar threoirlínte do ghníomhaíochta an Aontais amach anseo sa réimse sin agus é mar aidhm acu an tAontas a chur ar thús na cadhnaíochta maidir le cur chun cinn domhanda na hintleachta saorga. Ní mór don Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin atá roimpi de dheasca na n-athruithe fíorghasta atá ag teacht ar an saol mór agus ní mór dúinne leanúint lenár gcomhráití maidir leis an dóigh le geilleagar aeráid-neodrach a dhéanamh dár ngeilleagar féin agus buntáistí iomaíocha ár dtionscail á gcaomhnú ag an am céanna. Niculae Bădălău, Aire Geilleagair na Rómáine
Fís-sleachta ón gComhairle Iomaíochais, a bhí ar siúl ar an 18 Meán Fómhair 2019 sa Bhruiséil.

Taighde, 19 Feabhra

Thug an Chomhairle dá haire an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo le hiniúchadh an Chláir Shonraigh lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme agus mhalartaigh siad tuairimí maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá gan réiteach go fóill.

Faoi ‘aon ghnó eile’, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi staid na himeartha faoi láthair sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le Fís Eorpach, an chéad chreatchlár eile taighde agus nuálaíochta. Cuireadh í ar an eolas chomh maith faoi dhul chun cinn a rinneadh go dtí seo le hiniúchadh an dréachtchinnidh ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht leanúnach an Aontais i dtionscadal ITER.

Thug plé an lae inniu an treoir riachtanach pholaitiúil dúinn chun gur féidir an obair ar an gclár sonrach a chur chun tosaigh chomh tapa leis an gcreatchlár. Táimid muiníneach go fóill go mbeidh gach rud i bhfeidhm don chlár nua, Fís Eorpach, a chuirfear in áit an tseanchláir. Nicolae Hurduc, Aire Taighde agus Nuálaíochta na Rómáine
Fís-sleachta ón gComhairle Iomaíochais (Taighde), a bhí ar siúl ar an 19 Feabhra 2019 sa Bhruiséil.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025