Seiceáil ar an iomaíochas
Is tástáil sláinte ar ghnéithe agus ar earnálacha tábhachtacha de gheilleagar an Aontais Eorpaigh í an "tseiceáil ar an iomaíochas". Leis sin féadfaidh airí iomaíochais ó Bhallstáit de chuid an Aontais tosaíochtaí a leagan amach agus freagairt ar shaincheisteanna práinneacha agus ar fhorbairtí san fhíorgheilleagar.
Is freagairt é an próiseas freisin ar an iarraidh a rinne an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle Iomaíochais i mí Feabhra 2016 meastóireacht a dhéanamh go rialta ar na gnéithe éagsúla beartais agus saincheisteanna eacnamaíocha.
Cén fáth a bhfuil gá againn léi?
Leis an bpróiseas seiceála sin féadfaidh airí faireachán a dhéanamh ar phríomhshruthú an iomaíochais lena n-áirithítear gur fearr a fhéadfar an tionchar ar iomaíochas gheilleagar an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh nuair a bheidh rialacha an Aontais á gceapadh agus á gcur chun feidhme agus nuathionscnaimh beartais á bhforbairt. Cuidíonn an próiseas le poist agus fás eacnamaíoch a chruthú ar bhealach inbhuanaithe.
An chaoi a n-oibríonn sí
Tá an tseiceáil ar an iomaíochas bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún ar na figiúirí agus na treochtaí is déanaí a bhaineann le saincheisteanna micreacnamaíocha. Pléann na hairí sa Chomhairle Iomaíochais na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chuideachtaí agus do shaoránaigh an Aontais, agus tugann siad freagairt agus ionchur maidir leo.
I mí Mheán Fómhair 2014, thug an Chomhairle Iomaíochais faoi gach togra ábhartha a bhfuil mórthionchar acu ar an iomaíochas a scrúdú ar bhealach níos struchtúrtha agus níos córasaí.
Fógraíodh an modh oibre ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag na hairí maidir leis an iomaíochas i mí Iúil 2015 i Lucsamburg. Seoladh an próiseas i mí Dheireadh Fómhair 2015.
-
2019
-
26 Meán Fómhair Pléann na hairí an ghné sheachtrach d’iomaíochas an Aontais Eorpaigh
I gcomhthéacs díospóireacht ar straitéis fhadtéarmach an Aontais maidir leis an bhfás inbhuanaithe, mhalartaigh airí an Aontais tuairimí ar an ngné sheachtrach
d’iomaíochas an Aontais Eorpaigh.Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí an cur chuige comhtháite don fhás inbhuanaithe, mar atá leagtha síos i dtuarascáil ó uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle.
-
28 Bealtaine Pléigh na hairí iomaíocht sa mhargadh
Bhí malartú tuairimí ag na hairí ar na himpleachtaí a bhíonn ag iomaíocht sa mhargadh ar iomaíochas an mhargaidh aonair.
Cé gur chomhaontaigh siad, tríd is tríd, go bhfuil an iomaíocht fós ina ionstraim ríthábhachtach do mhargadh inmheánach an Aontais, chuir cuid de na toscaireachtaí in iúl nach mór an sainmhíniú ar 'mhargadh ábhartha' a athbhreithniú - go háirithe maidir le hardáin ar líne a bhíonn i mbun gnó ar leibhéal domhanda.
-
18 Feabhra An tionchar ar luachshlabhraí
Díríodh an plé sa Chomhairle ar thionchar luachshlabhraí earnála Eorpacha ar an iomaíochas agus ar an bhfás.
Leag na hairí béim ar an ról méadaitheach a bhíonn ag seirbhísí margaidh sna slabhraí luacha domhanda.
-
2018
-
29 Samhain Rialachas an mhargaidh aonair
Phléigh an Chomhairle rialachas an mhargaidh aonair amach anseo.
Le linn na díospóireachta a bhí ar siúl, chuir an Coimisiún Eorpach an teachtaireacht a ghlac sé le déanaí ar an ábhar seo i láthair.
-
27 Meán Fómhair Cóineasú réigiúnach
Rinne an Chomhairle measúnú ar a thábhachtaí atáan cóineasú réigiúnach chun méadú a chur ar fhás na táirgiúlachta agus ar an iomaíochas.
Phléigh na hairí gnéithe amhail dáileadh na gcostas díola agus na dtairbhí a bhaineann le fás eacnamaíoch agus leis an gcomhtháthú i ngach réigiún de chuid an Aontais.
Sa chomhthéacs sin, leag na hairí béim ar an ngá díriú níos mó ar an nuálaíocht agus ar an digitiú trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus scileanna na saoránach a fheabhsú.
-
28-29 Bealtaine An margadh inmheánach agus an bonn tionsclaíoch
Dhírigh na hairí ar thionchar nithiúil an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn tionsclaíoch an Aontais, ó thaobh iomaíochais agus táirgiúlachta de.
Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le slabhraí luacha agus feabhas á chur ar an táirgiúlacht fhadtéarmach agus ar an iomaíochas.
Ina theannta sin, d'iarr na hairí ar an gCoimisiún Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun tionscnaimh agus infheistíochtaí a shainaithint i gcomhair na slabhraí luacha a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.
-
12 Márta Srianta i margaí na seirbhísí
Scrúdaigh an Chomhairle na costais a bhíonn mar thoradh ar shrianta gan údar i margaí seirbhísí.
Leis na srianta sin, laghdaítear táirgiúlacht na hearnálacha monaraíochta a úsáideann na seirbhísí siúd.
Is féidir buntáistí nach beag a bheith ann don fhíorgheilleagar, go háirithe san earnáil miondíola, ach srianta neamhriachtanacha a bhaint.
-
2017
-
30 Samhain Cuspóirí beartais thionsclaíoch
Thug na hairí dá n-aire an cur i láthair a rinne an Coimisiún Eorpach ar a theachtaireacht maidir le "Infheistíocht a dhéanamh i dtreo tionscal cliste, nuálach, inbhuanaithe: Straitéis athnuaite de chuid an Aontais maidir le beartas tionsclaíochta”.
Tháinig sin i ndiaidh iarraidh ó roinnt mhaith Ballstát go mbeadh cuspóirí fadtéarmacha ann maidir le beartais tionsclaíochta a léireodh straitéis uaillmhianach.
Thíolaic an Coimisiún anailís freisin ar an staid reatha agus peirspictíochtaí d'earnáil tionsclaíochta na hEorpa i gcomparáid le geilleagair chumhachtacha eile an domhain. Leis an anailís bhí paraiméadair maidir le treochtaí amhail an fhostaíocht déantúsaíochta, an nuálaíocht agus caighdeán na scileanna digiteacha.
-
6 Meitheamh Slabhraí luacha agus seirbhísí
Thíolaic an Coimisiún anailís ar an margadh aonair ó thaobh slabhraí luacha. Léirigh sí go bhfuil seirbhísí ag éirí níos ábhartha agus nár cheart an tábhacht a bhaineann le hiarmhairtí ó ualaí rialála i seirbhísí a ghannmheas.
Chuir a lán airí béim ar na naisc atá idir seirbhísí agus monarú. Dúirt roinnt acu gur gá rannpháirtíocht FBManna Eorpacha sna slabhraí luacha domhanda a mhéadú.
Ar deireadh, cuireadh fáilte roimh an rún atá ag an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an margadh aonair ó thaobh éabhlóid agus athrú na slabhraí luacha de.
-
20 Feabhra Infheistíochtaí i sócmhainní doláimhsithe
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hinfheistíochtaí doláimhsithe i ngnólachtaí an Aontais. Orthu sin, áirítear, mar shampla:
- scileanna
- saineolas bainistíochta
- clú na cuideachta
- bogearraí ríomhaireachta
- dearaí
- maoin intleachtúil
D'aithin na hairí rannchuidiú infheistíochtaí doláimhsithe le geilleagar an Aontais agus bhreathnaigh siad ar dhreasachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt agus ar an treo is féidir an beartas a dhíriú le go dtiocfadh borradh faoin earnáil sin. Bhí siad den tuairim gur cheart fáil réidh le bacainní ar an infheistíocht agus go bhféadfaí roinnt gníomhaíochtaí beartais a chur chun feidhme le tacú le hinfheistíocht i sócmhainní doláimhsithe. Orthu sin ba cheart an méid seo a leanas a áireamh:
- cosaint leordhóthanach maoine intleachtúla
- rochtain éasca ar airgeadas do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna, le hinfheistiú i sócmhainní doláimhsithe
- bearta i bhfabhar caipiteal fiontair
- dreasachtaí cánach
- iarrachtaí breise le hinfheistíochtaí i gcaipiteal daonna a chur chun cinn
- tosaíocht a thabhairt d'oideachas agus do scileanna
- tacaíocht d'infheistíochtaí i dtaighde agus i bhforbairt
-
2016
-
12 Iúil Tionchar an digitithe ar tháirgiúlacht
Phléigh na hairí tionchar an digitithe ar an táirgiúlacht - agus béim á cur acu ar earnáil na seirbhísí.
Thug siad comhairle ar an gcaoi le táirgiúlacht a fheabhsú san Aontas agus an bhearna idir na réigiúin níos forbartha sa domhan a laghdú.
Luadh an méid seo a leanas ach go háirithe:
- an gá le díriú ar infheistíochtaí i réimsí a bhfuil gealladh fúthu amhail TFCagus taighde agus nuálaíocht
- digitiú gasta ar earnáil na seirbhísí
- an bonneagar digiteach a chur chun cinn agus líonraí a nascadh
- an margadh aonair a dhoimhniú
- reachtaíocht atá fabhrach don nuálaíocht
- oiliúint agus scileanna i dteicneolaíochtaí nua a chur chun cinn
- tionscnaimh chun tacú le FBManna agus le gnólachtaí nua-thionscanta.
Thug an Chomhairle dá haire freisin an dul chun cinn a rinneadh maidir leis na hullmhúcháin i dtaca le scórchlár iomaíochais a bhunú. Leis an uirlis seo beidh an Coimisiún agus tíortha an Aontais in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar fhorbairtí i réimse an iomaíochais agus feabhas a chur ar cháilíocht an phróisis cinnteoireachta. Áireofar sa scórchlár táscairí ar iomaíochas go ginearálta chomh maith le maidir leis na réimsí téamacha is ábhartha don tseiceáil ar iomaíochas.
-
29 Feabhra Cuidiú le FBManna méadú orthu agus fostaíocht a chruthú
Faoin "tseiceáil ar an iomaíochas" rinne na hairí tuairimí a mhalartú maidir leis an gcaoi ab fhearr a bhféadfaí cuidiú le FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta fostaíocht a chruthú agus méadú orthu.
Pléadh an cheist ar bhonn cur i láthair ón gCoimisiún ina dtaispeántar sonraí comparáideacha ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar ghnéithe atá nasctha le méadú ar ghnólachtaí nuathionscanta.
Ba dhíol sásaimh do thoscaireachtaí áirithe go bhfuil FBManna san Eoraip ag leathnú anois arís, d'éis dóibh a bheith ag laghdú le blianta, agus go bhfuil siad ag fostú in athuair mar a thaispeántar i dtuairisc bhliantúil 2014/2015 ón gCoimisiún le haghaidh FBManna na hEorpa.
Thaispeáin tromlach na dtoscaireachtaí roinnt príomhréimsí ina bhféadfadh beartais an Aontais cuidiú le comhlachtaí méadú orthu, lena n-áirítear:
- rochtain ar airgeadas a éascú
- gníomhaíochtaí trasteorann a spreagadh tríd an margadh inmheánach a fhorbairt tuilleadh
- prionsabail rialála níos fearr a chur i bhfeidhm d'fhonn timpeallacht rialála a chruthú a bheidh slán i bhfad na haimsire.
D'admhaigh na hairí, áfach, go bhfuil cuid mhaith ilchineálachta sna poist a chruthaíonn FBM sna Ballstáit agus sna hearnálacha sin den ghníomhaíocht eacnamaíoch.
I dtuairisc na bliana seo caite ón líonra de thoscairí FBM, dearbhaíodh freisin gurb iad FBManna is cosúil atá i dtús cadhnaíochta ó thaobh poist a chruthú in earnáil FBM, gurb iad sin go príomha FBManna a bhí ag soláthar seirbhísí. De réir na tuairisce, a cuireadh i láthair na Comhairle ar an 30 Samhain, tá FBManna go ginearálta ag téarnamh ón ngéarchéim eacnamaíoch go mall réidh socair.
In 2014, cuireadh 3.3 % lena luach breise sin (i gcomparáid le 1.6 % in 2013). Ina theannta sin mhéadaigh líon FBManna go dtí 22.3 milliún .i. 3.6% níos mó ná mar a bhí in 2008.
Den chéad uair in imeacht sé bliana méadaíodh líon na bpost in FBManna (le 1.2%).
Is léiriú é an treocht dhearfach i bhfeidhmíocht FBM ar an bhfeabhas atá sna dálaí maicreacnamaíocha agus gnó. Ach ní shroicheann an téarnamh ón ngéarchéim gach áit ar an luas céanna.
Tharla i bhformhór mór na mBallstát gur mhéadaigh FBManna ar a gcuid gnó in 2014. Ach sna tíortha sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim níl téarnamh FBM tosaithe i gceart fós.
-
18 Feabhra Iarrann ceannairí na hEorpa go ndéanfaí dianfhaireachán ar an iomaíochas
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Eorpach ghlac ceannairí na hEorpa dearbhú ar an iomaíochas ina n-aibhsítear an tábhacht a bhaineann leis an iomaíochas maidir le fostaíocht agus fás a ghiniúint agus an gá atá le hacmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh a shaothrú go hiomlán. Leis an dearbhú sin spreagtar institiúidí agus tíortha an Aontais chun luí amach orthu féin le rialáil níos fearr a bhaint amach agus dlíthe de chuid na hEorpa nach bhfuil gá leo a aisghairm d'fhonn borradh a chur faoin iomaíochas.
Leis an dearbhú sin athneartaítear an gá atá ag an Eoraip lena hiomaíochas idirnáisiúnta a threisiú i seirbhísí agus i dtáirgí agus i bpríomhréimsí amhail an fuinneamh agus sa mhargadh aonair digiteach.
Iarrtar ann freisin go mbunófaí córas trádála láidir iltaobhach agus é bunaithe ar rialacha, agus éilítear ann gur gá comhaontuithe trádála déthaobhacha uaillmhianacha le tíortha agus le bloic nach bhfuil san Aontas Eorpach a thabhairt chun críche.
Sa dearbhú sin d'iarr ceannairí an Aontais Eorpaigh ar an gComhairle Iomaíochais "an dul chun cinn maidir leis na gnéithe éagsúla a mheasúnú go rialta" ar gnéithe iad a mbíonn tionchar acu ar iomaíochas an Aontais Eorpaigh. Déanann sé sin ról an phróisis maidir leis an tseiceáil ar an iomaíochas a athneartú.
-
2015
-
30 Samhain Iomaíochas an Aontais Eorpaigh sna margaí domhanda
Scrúdaigh an Chomhairle an caidreamh idir comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh agus iomaíochas an Aontais Eorpaigh sna margaí domhanda agus aird ar leith á díriú ar scaireanna margaidh an Aontais sna margaí onnmhairithe domhanda agus na buntáistí iomaíocha lena mbaineann don Aontas Eorpach.
Le linn na díospóireachta bhí roinnt toscaireachtaí i bhfabhar úsáid iomlán thráthúil a bhaint as raon ionstraimí beartas trádála an Aontais d'fhonn cothroime iomaíochta domhanda a áirithiú. Luadh an staid anacair i roinnt earnálacha tionsclaíocha i ndáil leis sin, amhail tionscal na cruach.
D'fhógair an Coimisiún go n-eagrófaí comhdháil ardleibhéil do gheallsealbhóirí maidir leis na tionscail dianfhuinnimh, lena n-áirítear earnáil na cruach, go luath amach anseo d'fhonn an staid reatha a athbhreithniú agus réitigh iomchuí a mheá.
Reáchtáladh an díospóireacht ar bhonn tuarascála arna hullmhú ag uachtaránacht Lucsamburg. Tugtar forléargas sa tuarascáil ar an obair a rinneadh faoi uachtaránacht Lucsamburg agus déantar roinnt moltaí inti faoin gcaoi ar féidir príomhshruthú iomaíochais a fheabhsú tuilleadh amach anseo.
-
1 Deireadh Fómhair An staid ina bhfuil comhtháthú an mhargaidh inmheánaigh
Bhí a gcéad díospóireachtaí ag na hairí iomaíochais faoi phróiseas nuasheolta na seiceála ar an iomaíochas. Díríodh sna díospóireachtaí ar na nithe seo leanas:
- na treochtaí agus na figiúirí eacnamaíocha is déanaí arna mbunú ar chur i láthair ón gCoimisiún ina ndírítear ar shaincheisteanna micreacnamaíocha
- príomhshruthú an iomaíochais, arna bhunú ar liosta mórthionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an iomaíochas
Measadh do roinnt rannpháirtithe gur ghá cuidiú le cuideachtaí san Aontas a leibhéal iomaíochais a ardú agus cuidiú leo fairsingiú trí dhálaí rialála a shimpliú agus a dhéanamh intuartha. Chuideodh an méid sin le leibhéal na hinfheistíochta san Eoraip a spreagadh freisin.
Bhí mórán den tuairim gur cheart go mbeadh rialacha an Aontais níos éifeachtaí agus go mbeadh fíorluach breise do thomhaltóirí agus do chuideachtaí ag gabháil leo.
Tharraing riar maith toscaireachtaí aird ar ghnéithe den bheartas trádála i ndáil leis an acmhainn iomaíochais atá ag tionscail agus gnólachtaí san Eoraip.
Ar na príomhdhúshláin a bheidh ann maidir leis an iomaíochas a spreagadh, áiríodh iad seo leanas:
- digitiú an mhargaidh aonair, na tionsclaíochta agus na bhfiontar beag agus meánmhéide
- prionsabail na rialála cliste a chur i bhfeidhm ach gan an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóirí agus oibrithe a threascairt
- tacú le braislí nuálaíochta
Tharraing uachtaránacht Lucsamburg suas liosta táscach neamhchuimsitheach tionscnamh atá ar na bacáin agus atá ann faoi láthair ar dócha go mbeidh mórthionchar acu ar an iomaíochas, lena n-áirítear tionscnaimh a bpléann foirmíochtaí eile de chuid na Comhairle leo. Chuir sé sin forléargas neamhfhoirmiúil ar phríomhchomhaid do phríomhshruthú an iomaíochais ar fáil do na hairí.
De thoradh na ndíospóireachtaí sin, d'éirigh leis an uachtaránacht tuairisc a chur síos agus a seoladh ar aghaidh chuig an gComhairle Iomaíochais an 30 Samhain.