Skip to content

Freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19

Forléargas ar na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh ar leibhéal an Aontais chun an fhreagairt ar ráig COVID-19 a chomhordú, tionchar socheacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus tacú le téarnamh thíortha an Aontais.

Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm ar gach tír san Aontas. Ó thosaigh ráig COVID-19, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair as lámha a chéile chun sláinte agus dea-bhail shaoránaigh an Aontais a chosaint, córais náisiúnta cúraim sláinte a atreisiú agus chun leathadh an víris a shrianadh.

Ag an am céanna, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag comhordú na freagartha chun tionchar socheacnamaíoch COVID-19 a mhaolú agus tacú le téarnamh thíortha an Aontais.

Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19

I mí an Mhárta 2020 tháinig ceannairí an Aontais ar cheithre thosaíocht chun freagairt éigeandála an Aontais ar phaindéim COVID-19 a threorú:

  • teorainn a chur le leathadh an víris
  • soláthar trealaimh leighis a chinntiú
  • taighde a chur chun cinn maidir le cóireálacha agus vacsaíní
  • tacú le poist, le gnólachtaí agus leis an ngeilleagar

Le linn bhuaic ghéarchéim COVID-19, tháinig ceannairí an Aontais le chéile go rialta trí fhíschomhdháil chun an cás a phlé agus a mheas agus chun an ghníomhaíocht a chomhordú. Fiú tar éis na géarchéime d'fhill an Chomhairle Eorpach go rialta ar cheist COVID-19.

Agus iad ag obair ar an téarnamh a bheidh ann amach anseo, chomhaontaigh ceannairí an Aontais leanúint den iarracht comhordúcháin ar leibhéal an Aontais i réimsí éagsúla:

  • forbairt, monarú agus úsáid vacsaíní COVID-19
  • straitéisí tástála agus aitheantas frithpháirteach tástálacha
  • rianú teagmhálaithe trasteorann
  • rialacháin choraintín
  • deimhnithe digiteacha idir-inoibritheacha um vacsaíniú

Vacsaíní sábháilte agus éifeachtacha in aghaidh COVID-19

Is réiteach inbhuanaithe agus is bunchloch d'fhreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 iad vacsaíní sábháilte éifeachtacha i gcoinne COVID-19 a fhorbairt agus a dháileadh.

Ó thosaigh an phaindéim, tá cistiú taighde á atreorú ag an Aontas chuig na hábhair vacsaíne is mó a bhfuil gealladh fúthu, agus tá iarracht chomhpháirteach á comhordú aige chun táirgeadh dóthain vacsaíní san Aontas a chinntiú.

An 27 Nollaig 2020 cuireadh tús leis an bhfeachtas vacsaínithe COVID-19 ar fud an Aontais. Faoi mhí an Mheithimh 2022, 18 mí ina dhiaidh sin, tá naonúr as gach deichniúr de phobal fásta an Aontais (86%) vacsaínithe go hiomlán in aghaidh COVID-19.

Ní neart go cur le chéile: aistear éachtach vacsaíní COVID-19

Is de bharr nuálaíocht agus seiftiúlacht eolaíoch, maille le comhar leanúnach, cinntí polaitiúla tráthúla agus iarrachtaí ollmhóra leighis agus lóistíochta, a bhíothas in ann na dúshláin iomadúla a shárú go gasta chun daoine a chosaint ar an gcoróinvíreas.

Conas? Cad iad na dúshláin atá fós le sárú chun an ceann is fearr a fháil ar an bpaindéim? Lean aistear vacsaíní COVID-19 óna n-aireagán i saotharlann go dtí a dtabhairt do dhaoine ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Léaráid agus grianghraif maidir le vacsaíní COVID-19

Bearta taistil a chomhordú

Déanann tíortha an Aontais comhordú sa Chomhairle maidir le saorghluaiseacht a éascú san Aontas le linn phaindéim COVID-19.

Chuige sin, glacann siad moltaí coiteanna maidir le bearta taistil a thugtar cothrom le dáta go rialta agus a chuirtear in oiriúint don staid eipidéimeolaíoch reatha. Glacadh na moltaí is déanaí ón gComhairle maidir le bearta taistil an 13 Nollaig 2022.

Faoi na moltaí nua, níor cheart do na Ballstáit aon srianta a fhorchur ar thaisteal ar fhorais na sláinte poiblí. Mar sin féin, tá roinnt coimircí sna moltaí chun staid eipidéimeolaíoch atá ag dul in olcas nó teacht chun cinn athraithigh nua ar údar imní é a chlúdach.

Deimhniú digiteach COVID an Aontais

D'aontaigh an tAontas deimhniú digiteach COVID an Aontais atá comhchoiteann a eisiúint chun an tsaorghluaiseacht shábháilte le linn phaindéim COVID-19 a éascú trí fhianaise a chur ar fáil go bhfuil an duine atá i gceist:

  • vacsaínithe in aghaidh COVID-19
  • tar éis toradh diúltach tástála a fháil
  • tagtha chuige féin tar éis COVID-19 a bheith air

Bhí an rialachán lenar bunaíodh deimhniú digiteach COVID an Aontais bailí ón 1 Iúil 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2023.

Ó mhí an Mheithimh 2023 ar aghaidh, beidh córas deimhnithe dhigitigh COVID-19 an Aontais á úsáid ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun córas domhanda a bhunú lena gcabhrófar le saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar bhagairtí sláinte anois agus feasta, paindéimí san áireamh.

Deimhniú digiteach COVID an Aontais ag cur cód QR i bhfeidhm ar fhón cliste
Deimhniú digiteach COVID an Aontais (Grafaic faisnéise)

Deimhniú digiteach COVID an Aontais (Grafaic faisnéise)

Plean téarnaimh don Eoraip

D'aontaigh ceannairí an Aontais plean téarnaimh don Eoraip a chur i dtoll a chéile chun cabhrú le saoránaigh, gnólachtaí agus tíortha an Aontais teacht slán ón sleabhcadh eacnamaíoch a tharla mar gheall ar phaindéim COVID-19. An 23 Aibreán 2020, gheall siad go mbunófaí ciste téarnaimh an Aontais a bheadh dírithe ar éifeachtaí na géarchéime a mhaolú.

An 21 Iúil 2020, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú faoi bhuiséad foriomlán €1 824 bhilliún do 2021-2027. Tríd an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) a chomhcheangal le hiarracht téarnaimh urghnách de €750 billiún (€800 billiún i bpraghsanna reatha), Next Generation EU (NGEU), cabhróidh an pacáiste leis an Aontas san atógáil tar éis phaindéim COVID-19, agus tacóidh sé leis an infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach.

Cuirfear na gnéithe sin leis na trí líontán sábhála €540 billiún atá curtha ar fáil cheana féin ag an Aontas chun tacú le hoibrithe, le gnólachtaí agus le tíortha.

Léiriú ar bhuiséad AE mar chiúb Rubik.
Buiséad AE 2021-2027 agus plean téarnaimh (Grafaic faisnéise)

Buiséad AE 2021-2027 agus plean téarnaimh (Grafaic faisnéise)

Léaráid: bean agus masc aghaidhe uirthi, bean le bratach an Aontais.

5 bhealach a n-oibríonn an tAontas agus na Ballstáit le chéile i gcoinne COVID-19

Tá scéal iontach le hinsint faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas lena Bhallstáit le chéile mar fhoireann chun cabhrú le daoine le linn phaindéim COVID-19. Idir vacsaíní sábháilte éifeachtacha a bhaint amach, threalamh leighis a sheoladh chuig an áit is mó a bhfuil gá leis, agus othair ó thíortha eile a thógáil isteach; idir phoist agus oibrithe a chosaint agus cabhrú le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, rinne tíortha an Aontais iarracht thar na bearta chun tacú le chéile.

Dlúthpháirtíocht dhomhanda

Dúshlán domhanda is ea géarchéim COVID-19 a éilíonn freagairt dhomhanda. Ag gníomhú dóibh le chéile, faoi threoir phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an iltaobhachais, tá tacaíocht curtha ar fáil ag tíortha an Aontais do chomhpháirtithe ar fud an domhain agus maoiniú suntasach faighte acu chun dul i ngleic le hiarmhairtí suaiteacha na paindéime ar an scála domhanda.

Tá Foireann na hEorpa ar cheann de phríomhdheontóirí COVAX, an comhoibriú domhanda chun dlús a chur le forbairt, táirgeadh agus rochtain chothromasach ar thástálacha, ar chóireálacha agus ar vacsaíní COVID-19.

Thug Ballstáit an Aontais gealltanas i mí na Bealtaine 2021 i ndáil le dáileoga de vacsaíní COVID-19 a dheonú do chomhpháirtithe ar fud an domhain. Anuas air sin, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag cuidiú le comhpháirtithe trí dheonacháin agus onnmhairí vacsaíní, chomh maith le tacaíocht airgeadais agus dhaonnúil do thíortha atá i ngátar.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Ní chloífear COVID-19 in éagmais na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta domhanda.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
Léaráid: COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní.
COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

An 30 Márta 2021, chuaigh grúpa ceannairí domhanda i bpáirt le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte chun conradh idirnáisiúnta a iarraidh lena gcuirfear feabhas ar ullmhacht agus freagairt paindéime i ndiaidh COVID-19, ar mhaithe leis na glúine atá le teacht.

Ag seisiún speisialta den Chomhthionól Domhanda Sláinte, an 1 Nollaig 2021, ghlac 194 chomhalta EDS an cinneadh tús a chur leis an bpróiseas chun comhaontú idirnáisiúnta nua maidir le paindéimí a dhréachtú agus a chaibidil.

Le linn na géarchéime seo, tá dlús á chur ag na Ballstáit lena n-iarrachtaí tacú le chéile, ag cabhrú leo siúd is mó atá i ngátar agus ag comhroinnt acmhainní chun leathadh an víris a chomhrac. Seo é an dlúthpháirtíocht Eorpach i mbarr a maitheasa.

Ina theannta sin, tá an tAontas ag cabhrú le saoránaigh de chuid an Aontais a sáinníodh i dtríú tíortha le linn chéad ráig na paindéime. Sna chéad mhíonna den phaindéim, d’oibrigh toscaireachtaí an Aontais le hambasáidí na mBallstát chun comhordú a dhéanamh ar aisdúichiú breis agus 650 000 saoránach de chuid an Aontais, agus é ag cuidiú le costais breis agus 400 eitilt athdhúichithe a d'eagraigh na Ballstáit.

Léaráid: 10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí
10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí (Grafaic faisnéise)

10 ndreasacht agus sochar maidir le conradh idirnáisiúnta ar phaindéimí (Grafaic faisnéise)

A bhfuil déanta ag an Aontas cheana féin

In aimsir seo na géarchéime, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair as láimh a chéile.

Chuir an tAontas acmhainní ar fáil chun tacú leis an bhfreagairt éigeandála ar an víreas: lena gcinntítear soláthar trealaimh cosanta, lena gcuirtear borradh faoin taighde agus lena dtacaítear lenár gcomhpháirtithe domhanda atá i ngátar.

Grafaic faisnéise: Freagairt éigeandála ar phaindéim COVID-19: a bhfuil déanta ag an Aontas.
Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)

Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)

Ról na Comhairle: comhordú na géarchéime

An 28 Eanáir 2020, chinn Uachtaránacht na Cróite sásra comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna a ghníomhachtú sa mhodh comhroinnte eolais mar fhreagairt ar ráig COVID-19. Is é IPCR creat an Aontais chun géarchéimeanna trasearnála a chomhordú ar an leibhéal polaitiúil is airde.

Beidh rochtain ag na Ballstáit ar na nithe seo a leanas leis an modh comhroinnte eolais:

  • tuarascálacha rialta maidir le feasacht agus anailís ar an suíomh ón gCoimisiún Eorpach agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
  • leathanach faoi leith ar ardán gréasáin slán chun eolas a chomhroinnt

Agus cúrsaí ag dul in olcas agus i bhfianaise na n-earnálacha éagsúla atá thíos leis (an tsláinte, cúrsaí consalachta, an chosaint shibhialta, an geilleagar) i ngeall ar phaindéim COVID-19, rinne an Uachtaránacht géarú ar ghníomhachtú shásra IPCR go dtí an modh iomlán an 2 Márta 2020. Agus an modh gníomhachtaithe iomlán i bhfearas, is féidir cruinnithe comhchéime géarchéime a thionól le rannpháirtíocht na bpáirtithe seo a leanas:

  • na Ballstáit lena mbaineann
  • an Coimisiún Eorpach
  • an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
  • oifig Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • gníomhaireachtaí agus saineolaithe ábhartha an Aontais

Le linn na chéad ráige, chinn Uachtaránacht na Cróite cruinnithe comhchéime rialta a thionól chun malartú eolais agus comhordú na freagartha géarchéime ar phaindéim COVID-19 a éascú. Lean na huachtaránachtaí a bhí ann ina dhiaidh sin de na cruinnithe comhchéime a thionól go rialta.

An 2 Bealtaine 2023, chinn Uachtaránacht na Sualainne socruithe comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR) le haghaidh COVID-19, ina modh iomlán, a dhíghníomhachtú. Coinnítear IPCR le haghaidh COVID-19 sa mhód faireacháin agus leantar de bheith ag déileáil le hábhair a bhaineann le COVID-19 i gcoiste slándála sláinte an Aontais agus i Meitheal na Comhairle um an tSláinte Phoiblí.

Míniú ar an gcaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim
An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim (Grafaic faisnéise)

An chaoi a n-oibríonn sásra IPCR um fhreagairt ar ghéarchéim (Grafaic faisnéise)

Cúlra

Is galar é COVID-19 ar coróinvíreas (SARS-CoV-2) de chineál nua is cúis leis. Tugadh faoi deara den chéad uair é i mí na Nollag 2019 sa tSín.

I mí na Nollag 2019, tháinig ráig de COVID-19 chun cinn i mbardas Wuhan sa tSín agus scaip sé go gasta go réigiúin eile sa tSín agus ar fud an domhain. Faoi mhí Eanáir 2020, tháinig cásanna chun cinn thall is abhus i roinnt Ballstát de chuid an Aontais.

Ag deireadh mhí Feabhra 2020, thuairiscigh an Iodáil méadú suntasach ar chásanna COVID-19 i réigiúin thuaidh na tíre. Thosaigh an chuid is mó de Bhallstáit eile an Aontais ag tuairisciú cásanna den víreas.

Faoi mhí an Mhárta 2020, bhí cásanna COVID-19 tuairiscithe ag Ballstáit uile an Aontais. Tá méadú leanúnach tagtha ó shin ar líon na gcásanna.

Tá dlúthfhaireachán ar bun ag an gComhairle agus ag institiúidí eile de chuid an Aontais agus tá siad ag gníomhú. Cuimsítear leis sin reachtaíocht ábhartha an Aontais a ghlacadh mar aon le comhordú leanúnach leis na Ballstáit chun eolas a chomhroinnt, measúnú a dhéanamh ar riachtanais agus freagairt chomhsheasmhach a chinntiú ar fud an Aontais.

Tá an fhreagairt dhomhanda á comhordú ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte . An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur paindéim dhomhanda é COVID-19. Tá an tAontas ag cur go díreach le freagairt dhomhanda na Eagraíochta Domhanda Sláinte.

Faoi mhí na Bealtaine 2023, bhí beagnach 7 milliún duine (6 921 614) tar éis bás a fháil mar gheall ar an bpaindéim, de réir EDS. An 5 Bealtaine 2023, d’fhógair EDS nach raibh COVID-19 ina éigeandáil sláinte poiblí a thuilleadh.

Chun an t-eolas is déanaí a fháil maidir le cruinnithe na Comhairle, preaseisiúintí, grafaicí faisnéise agus foilseacháin a bhaineann le COVID-19, féach: