"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (Taighde agus nuálaíocht), 29 Meán Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
Ghlac an Chomhairle cuir chuige ghinearálta maidir leis an dréachtrialachán lena mbunaítear Fís Eorpach, clár réime um thaighde agus um nuálaíocht an Aontais do na blianta 2021 go 2027, agus an dréachtchinneadh lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme.
Is céim thábhachtach chun tosaigh i dtreo Fís Eorpach a ghlacadh go críochnaitheach é an comhaontú. Ní mór dúinn anois a chinntiú le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún go bhféadfaidh Clár Réime réamhbhreathnaitheach um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais teacht i bhfeidhm ag tús na bliana seo chugainn. Is é seo an cúram comhpháirteach atá orainn ar mhaithe le pobal taighde agus nuálaíochta na hEorpa agus ar mhaithe le hiomaíochas an Aontais.
Anja Karliczek, Aire Cónaidhme Oideachais agus Taighde na Gearmáine
Leis an gcomhaontú sin, féadfaidh an Chomhairle bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun an dá ghníomh dlí a ghlacadh roimh dheireadh na bliana.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.