Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil na n-airí atá freagrach as an margadh inmheánach agus as an tionsclaíocht, 12 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí atá freagrach as an margadh inmheánach agus as an tionsclaíocht maidir le saincheisteanna a thagann faoina n-inniúlacht i ndáil leis an “Plean téarnaimh don Eoraip”, a thíolaic an Coimisiún an 27 Bealtaine 2020.

Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite
Is mithid dúinn an chiall a ceannaíodh ó ghéarchéim COVID-19 a chur i ngníomh. Ní mór dúinn gach beart is gá a dhéanamh chun geilleagar an Aontais ina iomláine a théarnamh go pras agus go hinbhuanaithe. Téarnamh atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar dhlúthchomhar, ar mhargadh inmheánach a fheidhmíonn go hiomlán agus ar aistriú cóir agus inbhuanaithe i dtreo geilleagar glas agus digiteach. Téarnamh a bheidh in ann turraingí comhchosúla a chosc amach anseo trí theacht aniar agus uathriail ár slabhraí luacha straitéiseacha a neartú.
Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite
Darko Horvat, Aire Geilleagair, Fiontraíochta agus Ceardaíochta na Cróite

Ba dhíol sásaimh do na hairí i gcoitinne cuspóirí an “Phlean Téarnaimh don Eoraip” agus chuir siad i bhfios go láidir gur ar iontaoibh na Comhairle Iomaíochais ba cheart comhordú agus faireachán chur chun feidhme an mhargaidh inmheánaigh agus gnéithe tionsclaíochta a chur.

Tacaíodh go forleathan leis an margadh aonair a athbhunú, a neartú agus a dhoimhniú. Chuige sin, d’iarr na hairí ar an gCoimisiún leanúint de na bearta a bhí tuartha (agus más gá iad a thabhairt cothrom le dáta) i bpacáiste mhí an Mhárta 2020, inar leagadh amach straitéis thionsclaíoch nua, straitéis FBM, plean gníomhaíochta maidir le forfheidhmiú an mhargaidh aonair, anailís ar na bacainní atá fós ann don mhargadh aonair agus plean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach.

Daingníodh an toil pholaitiúil chun aistriú cóir agus cothrom chuig geilleagarglas digiteach a bhaint amach.

Agus na ceachtanna a foghlaimíodh le linn ghéarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé teacht aniar eacnamaíoch agus uathriail straitéiseach an Aontais a neartú ar fud na bpríomhtheicneolaíochtaí agus na slabhraí luacha, agus prionsabail an gheilleagair oscailte á gcaomhnú ag an am céanna, lena n-áirítear an tsaorthrádáil chóir.

Iarrann sí an athuair go ndéanfaí athbhreithniú ar bheartais iomaíochta agus státchabhrach an Aontais i bhfianaise forbairtí nua teicneolaíochta agus margaidh domhanda.

Ag deireadh an phlé, d’eisigh na hairí an ráiteas comhpháirteach seo a leanas ina leagtar amach an fhís atá acu maidir leis an bPlean Téarnaimh don Eoraip a chur chun feidhme:

Clár oibre Uachtaránacht inteachta na Gearmáine ar an gComhairle

Chuir Uachtaránacht inteachta na Gearmáine ar an gComhairle na hairí ar an eolas faoin gclár oibre i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta don dara seimeastar de 2020. Tugadh ar aird go ndíreofaí go príomha ar an margadh aonair a athbhunú agus a neartú, earnáil thionsclaíoch na hEorpa a neartú mar inneall don fhás agus mar chumasóir don chlaochlú digiteach agus glas, an teacht aniar agus cumas eacnamaíoch a chothú i gcúrsaí gnó, go háirithe FBManna, agus dlí na hiomaíochta agus beartas státchabhrach a nuachóiriú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025