Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil airí an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta, 19 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Lántairbhe a bhaint as an téarnamh: tionsclaíocht Eorpach atá níos dinimiciúla, níos athléimní agus níos iomaíche a bhaint amach trí infheistíochtaí sa chlaochlú glas #CleanIndustry

Beidh díospóireacht neamhfhoirmiúil bheartais ag na hairí faoin mbealach chun an leas is fearr a bhaint as an bplean téarnaimh chun tionsclaíocht na hEorpa a bheidh níos dinimiciúla, níos athléimní agus níos iomaíche a bhaint amach trí infheistíochtaí san aistriú glas. Leanadh den plé ar na conclúidí maidir le ‘Téarnamh lena gcuirtear chun cinn an t-aistriú go tionsclaíocht Eorpach níos dinimiciúla, níos athléimní agus níos iomaíche’, a ghlac an Chomhairle an 16 Samhain trí nós imeachta i scríbhinn. Ba cheart go mbeidís mar ionchur na Comhairle in obair ullmhúcháin an Choimisiúin chun nuashonrú a dhéanamh ar a ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’.

Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Tionsclaíocht Aontais a bheidh iomaíoch agus athléimneach i margadh aonair a bheidh níos comhtháite agus a fheidhmeoidh go hiomlán, beidh sé mar chnámh droma ag an téarnamh as géarchéim COVID-19. Tá sé de dhualgas orainn treoir a chur ar fáil maidir lenár bplean don bheartas tionsclaíoch sna blianta agus sna deich mbliana amach romhainn. Is éard atá i gceist leis sin obair a dhéanamh chun an creat dlíthiúil is leordhóthanaí a bhaint amach – agus an creat sin a áirithiú – chun aistriú tapa, cóir agus inbhuanaithe go geilleagar glas digiteach a bhaint amach, agus chun na dreasachtaí cearta a leagan síos, i dtéarmaí airgeadais freisin, chun an bealach teicneolaíoch a leanúint i dtreo todhchaí iomaíoch.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine

Dhearbhaigh an Coimisiún go bhfuil sé de rún aige an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip a thabhairt cothrom le dáta chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 a chur san áireamh, amhail an gá le spleáchas an Aontais ar sholáthar agus éileamh seachtrach in earnálacha agus ábhair straitéiseacha a laghdú, agus chun infheistíocht a mhéadú san aistriú glas agus digiteach i ndáil leis an nuálaíocht theicneolaíoch agus dhigiteach.

Bhí na hairí den tuairim, tríd is tríd, gur réamhchoinníoll é aistriú glas thionsclaíocht an Aontais chun aeráidneodracht agus spriocanna eile aeráide a bhaint amach. Dá bhrí sin, leis an nuashonrú ar an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip a fógraíodh, ba cheart go spreagfaí tuilleadh infheistíochtaí i nuálaíocht inbhuanaithe, ghlas agus dhigiteach, chomh maith le tuilleadh comhar uile-Eorpach i bpríomhtheicneolaíochtaí inbhuanaithe agus glasa chun go mbeidh rath ar an scéal sin.

Leag go leor airí béim ar an ngá atá le teacht ar an mbealach is oiriúnaí agus is éifeachtúla chun dul chun cinn a dhéanamh leis an aistriú glas agus iomaíochas thionsclaíocht an Aontais a neartú ag an am céanna, go háirithe sna hearnálacha dianfhuinnimh atá aige.

Chuir roinnt daoine in iúl go láidir go dteastaíonn soiléireacht agus intuarthacht ón tionsclaíocht, agus cheistigh siad a iomchuí atá sé spriocanna idirmheánacha comhaontaithe a mhodhnú.

Leag roinnt mhaith airí béim ar a thábhachtaí atá margadh aonair lánfheidhmiúil, go háirithe i réimse na seirbhísí, agus timpeallacht chobhsaí rialála, go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí.

Cé gur labhair roinnt airí i bhfabhar tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEIanna) a sheoladh in earnálacha éagsúla agus i slabhraí luacha straitéiseacha, chuir roinnt eile acu in iúl nach raibh i gceist le IPCEIanna ach ceann amháin de na huirlisí ábhartha a bhí ar fáil agus gur cheart iad a theorannú do chásanna ina gcliseann ar an margadh. D'agair roinnt acu ar son cuimsitheacht IPCEIanna a mhéadú, ó thaobh clúdach geografach nó ó thaobh mhéid na bhfiontar rannpháirteach.

Chuir roinnt airí béim ar a ábhartha atá geilleagar oscailte do thionsclaíocht iomaíoch, rathúil agus athléimneach san Aontas.

I measc na bpríomhghnéithe eile a luadh, bhí an gá leis an ngeilleagar ciorclach agus comhghuaillíochtaí tionsclaíocha a chur chun cinn, chomh maith leis an ról tábhachtach atá ag an taighde agus ag an nuálaíocht i gcur chun feidhme rathúil phríomhchuspóirí straitéis bheartas tionsclaíoch an Aontais a áirithiú ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de.

Cúlra

Mar fhreagairt ar iarrataí a rinne an Chomhairle Eorpach arís is arís eile, d’fhoilsigh an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip i mí an Mhárta 2020.

Agus géarchéim COVID-19 agus an tionchar atá aici ar gheilleagar na hEorpa le brath go fóill, treisíodh an gá atá le freagairt thapa, uaillmhianach agus chuimsitheach ar bheartas tionsclaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena gcumhdófar na héiceachórais thionsclaíocha uile.

D’fhógair an Coimisiún le déanaí nuashonrú ar an Straitéis Tionsclaíochta Nua don Eoraip, a chuirfí i láthair sa chéad leath de 2021 agus lena gcuirfí san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, ón gcomhthéacs iomaíoch domhanda, agus ón ngá atá ann dlús a chur leis an dá aistriú, idir ghlas agus dhigiteach. Is é an plé a dhéanfaidh na hairí an 19 Samhain (mar aon leis na conclúidí thuasluaite ón gComhairle) ionchur na Comhairle d’ullmhúcháin an Choimisiúin i ndáil leis sin

Aon ghnó eile

a) tuarascáil bhliantúil 2020 ó Líonra Toscairí na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBManna)

Thíolaic an Coimisiún tuarascáil bhliantúil 2020 ó Líonra Toscairí na FBManna. Tugtar forléargas sa tuarascáil ar na treochtaí is déanaí i bhfeidhmíocht FBManna san Eoraip agus déantar achoimre inti ar an obair a rinne na toscairí FBManna in 2020. Cuirtear i láthair ann freisin na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an líonra in 2021, chomh maith le moltaí le haghaidh gníomhaíochta.

B) An clár oibre nua do thomhaltóirí

Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an gClár Oibre Eorpach nua do Thomhaltóirí, a glacadh an 13 Samhain.

Ós rud é go rachaidh an Clár Eorpach do Thomhaltóirí atá ann faoi láthair in éag ag deireadh 2020, measann an Coimisiún gur gá súil úr a chaitheamh ar thosaíochtaí do na blianta atá le teacht, go háirithe i bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19.

Is é cuspóir an Choimisiúin na sineirgí idir beartais an Aontais agus beartais tomhaltóirí náisiúnta a threisiú i gcás roinnt tosaíochtaí, go háirithe an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus cearta tomhaltóirí ar líne a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

c) Clár Oibre na hUachtaránachta inteachta

Chuir toscaireacht na Portaingéile i láthair príomhthosaíochtaí a huachtaránachta inteachta ar an gComhairle i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta. Tugadh ar aird go bhfuil sé ar intinn aici díriú ar na nithe seo a leanas:

  • margadh aonair an Aontais a threisiú,
  • an Straitéis Tionsclaíochta Nua a thabhairt cothrom le dáta,
  • gné sheachtrach an iomaíochais,
  • slabhraí luacha straitéiseacha agus ról na FBManna,
  • turasóireacht inbhuanaithe a chothú,
  • cumhachtú digiteach saoránach agus gnólachtaí,
  • an geilleagar sonraí agus nascacht,
  • creat digiteach a sheasfaidh an aimsir (Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus Gníomh um an Margadh Digiteach),
  • An clár oibre nua do thomhaltóirí,
  • eolaíocht sonraí i mbun nuálaíochta chun rialáil a fheabhsú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025