Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil na n-airí atá freagrach as an spás, 20 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Ról na hEorpa sa gheilleagar domhanda spáis

Bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí trí fhíschomhdháil maidir le ról na hEorpa sa gheilleagar domhanda spáis. Phléigh siad conas a d'fhéadfadh an tAontas feabhas a chur ar iomaíochas thionscal spáis an Aontais agus ról níos mó a imirt maidir le córais rialála idirnáisiúnta a mhúnlú.

Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Cuireann an geilleagar domhanda spáis deiseanna ollmhóra ar fáil do thionscal spáis agus do sholáthraithe seirbhísí an-iomaíoch na hEorpa. Tá an tAontas Eorpach, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus na Ballstáit ag teacht le céile chun iomaíochas teicneolaíoch a chothú, chun cothrom na Féinne a chruthú ar an leibhéal domhanda agus chun rialacha idirnáisiúnta le haghaidh limistéir rialála cinntitheacha a mhúnlú amhail an bainistiú spástráchta agus an chibearshlándáil.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine

Leag na hairí béim ar an ngá atá le treoirlínte na Comhairle Eorpaí maidir le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a chinntiú, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i réimse an spáis freisin.

Leag siad béim ar an ról tábhachtach atá ag earnáil an spáis go ginearálta agus go sonrach i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

Chuir go leor toscaireachtaí in iúl go n-úsáidtear sonraí ó fheidhmeanna spáis i raon leathan réimsí amhail intleacht shaorga, teileachumarsáid, fuinneamh, iompar, talmhaíocht, cosc tubaistí agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Leag na hairí béim ar thábhacht na gclár suaitheanta Eorpach Copernicus agus Galileo agus ar an ngá atá ann iad a choinneáil oibríochtúil agus iad a fhorbairt a thuilleadh.

Chuir siad in iúl gur gá aird ar leith a thabhairt ar an gcibearshlándáil i réimse an spáis.

Labhair roinnt mhaith airí i bhfabhar comhar agus comhordú níos láidre d'fhonn tionchar a imirt ar an leibhéal idirnáisiúnta. Luaigh roinnt airí an bainistiú spástráchta mar réimse ina bhfuil gá le rialáil agus le caighdeáin. Ardaíodh cosaint ceart intleachtúil mar shaincheist thábhachtach freisin.

Leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar iomaíochas thionscal spáis na hEorpa i margaí domhanda i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar thráchtálú spáis. Maidir leis sin, cuireadh in iúl go bhfuil timpeallacht chumasúcháin de dhíth ar thionscal an spáis chun réitigh nuálacha agus réitigh nuálacha airgeadais a chur ar fáil. Chun margadh domhanda cothrom in earnáil an spáis a bhaint amach, mheas na hairí go mbeadh sé ríthábhachtach cothrom na Féinne a chruthú idir na gníomhaithe uile.

Beartas Eorpach spáis - Ullmhúchán don Chomhairle Spáis

D'ullmhaigh na hairí an deichiú cruinniú de chuid na Comhairle um an Spás[1], a thionólfadh trí fhíschomhdháil ar an lá céanna. Mar chuid den ullmhúchán sin, ghlac an Chomhairle tacar conclúidí le déanaí (féach an nasc thíos). Tugadh ar aird go mbeadh díospóireacht bheartais ag an gComhairle um an Spás maidir leis an rannchuidiú Eorpach chun prionsabail lárnacha don gheilleagar domhanda spáis a bhunú.

[1] Is comhchruinniú comhchéimneach é an Chomhairle um an Spás de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Iomaíochas – Cumraíocht spáis) agus Chomhairle GSE ar leibhéal na n-airí. Is fóram é lenar féidir leis an Aontas agus le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhair maidir le beartas spáis na hEorpa. Tá GSE comhdhéanta de na 22 Bhallstát seo a leanas: An Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an Spáinn agus an tSualainn (ar Ballstáit Aontais iad freisin) + an Ríocht Aontaithe, an Iorua agus an Eilvéis. Suíonn Ceanada sa Chomhairle freisin agus glacann sé páirt i roinnt tionscadal faoi Chomhaontú Comhair. Is Comhalta Comhlach í an tSlóivéin. Tá Comhaontuithe Comhair le GSE i seacht mBallstát eile de chuid an Aontais: An Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta agus an tSlóvaic.

Aon ghnó eile

Clár Oibre na hUachtaránachta inteachta

Chuir toscaireacht na Portaingéile i láthair na tosaíochtaí i réimse an spáis a bheidh ag Uachtaránacht na Portaingéile. Tugadh ar aird go bhfuil sé ar intinn aici díriú ar na nithe seo a leanas:

  • bunsraith a chur faoi straitéis Eorpach don Spás Nua, rochtain ar an spás a oscailt agus sonraí a fhaightear trí shatailítí a úsáid,
  • éiceachórais spáis Eorpacha agus earnálacha gnó iartheachtacha a threisiú ar fud na hEorpa chun dul i dtreo ‘pláinéad digiteach’ trí chomhtháthú córas a bhfuil ardteicneolaíocht faisnéise ag baint leo,
  • feabhas a chur ar athléimneacht slabhraí luacha agus eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh,
  • leas a bhaint as teicneolaíochtaí spáis agus as sonraí le haghaidh forbairt inbhuanaithe na limistéar cósta agus an gheilleagair ghoirm,
  • comhar idir earnálacha spáis agus neamh-spáis agus feidhmchláir sonraí le haghaidh aistriú atá inbhuanaithe, glas agus digiteach agus bealaí nua do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha á gcur chun cinn san ‘Antrapaicéineach’,
  • an comhar idir an tAontas agus an Afraic a threisiú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025