Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

Físchomhdháil airí an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta, 18 Meán Fómhair 2020

Na príomhthorthaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí trí fhíschomhdháil maidir leis na gníomhaíochtaí tosaíochta is gá chun feidhmiú an mhargaidh aonair a athbhunú agus a fheabhsú d’fhonn téarnamh tapa gheilleagar an Aontais a áirithiú tar éis ghéarchéim COVID-19.

Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Sainaithníodh i bplé an lae inniu na gníomhaíochtaí bunriachtanacha atá mar ábhar tosaíochta d’fhonn margadh aonair atá ag feidhmiú go hiomlán, atá níos comhtháite agus níos athléimní a bhaint amach. Is réamhriachtanas ríthábhachtach é sin chun geilleagar an Aontais a théarnamh go tapa fad a chuireann sé géarchéim COVID-19 de.
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine
Peter Altmaier, Aire Cónaidhme Gnóthaí Eacnamaíocha agus Fuinnimh na Gearmáine

Admhaíodh go forleathan gur gá sláine an mhargaidh aonair a athbhunú go pras trí dheireadh a chur le gach eisceacht shealadach a chuir na Ballstáit aonair i bhfeidhm le linn ghéarchéim COVID-19. Luadh gurb é tascfhórsa forfheidhmithe an mhargaidh aonair (SMET) an phríomhuirlis chun bacainní neamhriachtanacha ar shaorchúrsaíocht trasteorann earraí agus seirbhísí a shainaithint.

D’iarr na hairí ar an gCoimisiún tuarascáil straitéiseach bhliantúil a thíolacadh faoin 15 Eanáir 2021 mar uirlis chun bacainní nach bhfuil údar leo a shainaithint agus a bhaint, chun athléimneacht an mhargaidh aonair agus staid chur chun feidhme phlean gníomhaíochta forfheidhmiúcháin 2020 a mheas.

D’admhaigh na hairí go bhfuil cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach i bpacáiste mhí an Mhárta 2020 ón gCoimisiún bunriachtanach i gcónaí d’fheidhmiú an mhargaidh aonair. Chuir siad i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá dlúthchomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le gníomhaíochtaí den chineál sin.

Chuir roinnt daoine chun suntais a thábhachtaí atá sé féachaint an bhféadfaí tairbh a bhaint as cumas neamhshaothraithe an mhargaidh aonair, go háirithe i réimse na seirbhísí.

Chuir roinnt airí in iúl go dtacaíonn siad le hathchóirithe struchtúracha, i gcás inar gá, don aistriú i dtreo geilleagar glas agus digiteach a bheidh iomaíoch, inbhuanaithe agus cuimsitheach. Ba cheart na hathchóirithe sin a éascú le creat rialála ar leibhéal an Aontais atá comhsheasmhach, éifeachtúil, digiteach mar réamhshocrú agus a sheasfaidh an aimsir amach anseo. Sa chomhthéacs céanna, admhaíodh go forleathan go bhfuil gá le timpeallacht chumasúcháin ghnó a chuireann ar chumas gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), leas iomlán a bhaint as an margadh aonair.

Tacaíodh tríd is tríd le margadh aonair níos athléimní, a bheadh in ann seasamh i gcoinne géarchéimeanna amhail an ceann a tháinig as paindéim COVID-19. I bhfianaise timpeallacht idirnáisiúnta atá ag éirí níos deacra i gcónaí, labhair na hairí i bhfabhar athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú in earnálacha leochaileacha agus tábhachtacha teicneolaíocha, agus ag an am céanna prionsabail an gheilleagair oscailte agus saorthrádáil chóir inbhuanaithe a chosaint.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025