Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Buiséad), 15-18 Samhain 2019

Na príomhthorthaí

D'fhormhuinigh an Chomhairle comhaontú maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh don bhliain 2020, comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa sa choiste idir-réitigh. Is ar an bhfás agus ar an iomaíochas, ar an ngníomhú ar son na haeráide, agus ar thosaíochtaí eile de chuid an Aontais amhail an tslándáil agus bainistiú na himirce, a dhíríonn an buiséad go sonrach.

Socraíodh gur €168.7 billiún méid na ngealltanas iomlán. Is méadú 1.5 % é sin ar bhuiséad na bliana 2019 mar a leasaíodh é. Coinneofar €1.5 billiún ionas go mbeidh sé ar fáil faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt ar riachtanais nach féidir a thuar.

Is é €153.6 billiún méid iomlán na n-íocaíochtaí, méadú 3.4 % ar mhéid na bliana 2019. Léirítear leis an méadú sin go bhfuil na cláir don tréimhse 2014-2020 á gcur chun feidhme go leanúnach agus faoi lánseol. Is é is aidhm dóibh sin a chinntiú go ndéanfar íocaíochtaí le tairbhithe ar a mithidí agus go seachnófar carnadh na n-éileamh íocaíochta in imeacht na mblianta beaga atá amach romhainn, go háirithe maidir leis an mbeartas comhtháthaithe.

Is ar an tuiscint go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith rannpháirteach go hiomlán i maoiniú agus i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais don bhliain 2020 atá na figiúirí a comhaontaíodh bunaithe.

Kimmo Tiilikainen, Rúnaí Stáit, Aireacht Airgeadais na Fionlainne, Príomh-Idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais don bhliain 2020
Neartóidh buiséad na bliana seo chugainn an tacaíocht a thabharfar do réimsí tosaíochta an Aontais agus do na cláir is fearr feidhmíocht de chuid an Aontais. Áirithítear leis freisin cur chuige réadúil lena gcuirfear san áireamh leas na gcáiníocóirí agus an gá a bheith faoi réir do na dúshláin nua a d'fhéadfadh teacht chun cinn in 2020. Ba mhaith liom aird a tharraingt go háirithe ar an iarracht a rinneadh chun buiséad an Aontais a "ghlasú" a thuilleadh agus chun a áirithiú gur ar son chlár oibre aeráide an Aontais a fheidhmeofar é.
Kimmo Tiilikainen, Rúnaí Stáit, Aireacht Airgeadais na Fionlainne, Príomh-Idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais don bhliain 2020
Kimmo Tiilikainen, Rúnaí Stáit, Aireacht Airgeadais na Fionlainne, Príomh-Idirbheartaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais don bhliain 2020

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025