"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10/10/2019, 10 Deireadh Fómhair 2019
Na príomhthorthaí
Sciúradh airgid
Plean gníomhaíochta um fhrithsciúradh airgid
Phléigh an Chomhairle an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplean gníomhaíochta um fhrithsciúradh airgid mar a leagadh amach i mí na Nollag 2018 é, agus phléigh sí na tosaíochtaí straitéiseach lena dtreorófar gníomhaíochtaí fadtéarmacha an Choimisiúin feasta. Meastar go nglacfaidh an Chomhairle na conclúidí maidir leis an ábhar sin i mí na Nollag 2019.
Chun dul i ngleic leis an éillitheacht, an gháinneáil, an imghabháil chánach nó an sceimhlitheoireacht, is gá aghaidh a thabhairt ar shreafaí airgid neamhdhleathacha lena maoinítear na gníomhaíochtaí sin. Is minice gur ar bhonn trasteorann a bhíonn an choireacht anois, dá bharr sin ní mór don Aontas creat rialála a oiriúnú chun slándáil a saoránach agus sláine chóras airgeadais an Aontais a áirithiú.
Mika Lintilä, Aire Cónaidhme Airgeadais na Fionlainne, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle faoi láthair
Rinne na hairí na heasnaimh, a shainaithin an Coimisiún ina phacáiste tuarascálacha ó mhí Iúil 2019, a mheas, lena n-áirítear athbhreithniú post mortem ar na cásanna sciúrtha airgid a líomhnaíodh le déanaí a raibh baint ag bainc de chuid an Aontais leo. Chuir siad i dtreis a thábhachtaí atá sé athchóirithe a comhaontaíodh le déanaí, go háirithe an 5ú hathbhreithniú ar an treoir maidir le sciúradh airgid (Treoir AML), na ceanglais nua chaipitil do na bainc (CRD5) agus an córas Eorpach athbhreithnithe maoirseoirí airgeadais, agus an comhar agus malartuithe faisnéise idir na húdaráis inniúla, a fheabhsú. Ina theannta sin, rinne na hairí a marana ar an bhféidearthacht rialacha AML a chomhchuibhiú a thuilleadh, go háirithe rialachán a dhéanamh de Threoir AML agus cúraimí maoirseachta sonracha AML a thabhairt do chomhlacht de chuid an Aontais.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na príomhghnéithe a bhaineann le modheolaíocht athbhreithnithe an Choimisiúin chun liosta a chur i dtoll a chéile de "tríú tíortha ardriosca" i réimse an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta. A luaithe a bheidh an mhodheolaíocht socraithe, cuirfidh an Coimisiún dréachtliosta nua tíortha ar aghaidh – gníomh tarmligthe a bheidh i gceist.
Leis an 5ú treoir maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, a glacadh i mí na Bealtaine 2018, leagtar amach oibleagáid dlínsí tríú tír a aithint, ar dlínsí iad a bhfuil easnaimh straitéiseacha ina gcórais fhrithsciúrtha airgid agus fhrithmhaoinithe sceimhlitheoireachta atá ina mbagairt shuntasach ar chóras airgeadais an Aontais.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir cathaoirleach an ghrúpa saoithe ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt tuarascáil chríochnaitheach i láthair faoin mbealach inar féidir breisluach ollstruchtúir airgeadais Eorpaigh a uasmhéadú, agus na comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil rannpháirteach ann á gcur san áireamh.
Maítear sa tuarascáil gur cheart maoiniú forbartha agus gníomhaíochtaí aeráide lasmuigh den Aontas a chuíchóiriú agus a chomhdhlúthú le go mbeadh aon eintiteas amháin ann, "Banc Eorpach um Aeráid agus Forbairt Inbhuanaithe", d'fhonn forluí a sheachaint agus láithreacht, ról agus acmhainneacht fhadtéarmach an Aontais a neartú chun go bhféadfar tosaíochtaí forbartha an Aontais a chur i gcrích. Leagtar amach ann chomh maith roinnt roghanna faoi cé mar is féidir an méid sin a bhaint amach. Ina theannta sin, léirítear sa tuarascáil a fhiúntaí a bheadh sé bearta breise a dhéanamh láithreach chun ionad beartais láidir a bhunú san Aontas, agus leas a bhaint as buiséad forbartha an Aontais sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile chun an tAontas a spreagadh an córas reatha a athchóiriú.
Le linn an phlé, chuir na hairí béim ar a thábhachtaí a bhí sé go mbeifí ag obair chun go mbeadh comhdhearcadh ann agus go mbainfí tairbhe as timthriall nua institiúideach an Aontais agus as an gcaibidlíocht leanúnach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Idir an dá linn, ba cheart go mbeadh dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh bearta gearrthéarmacha de. Ábhar tosaíochta de chuid Uachtaránacht na Fionlainne is ea an tsaincheist sin agus é mar aidhm aici na conclúidí ón gComhairle maidir leis an tuarascáil a ghlacadh i mí na Nollag 2019.
Sheol an Chomhairle moladh chuig an gComhairle Eorpach maidir le hainmniúchán Fabio Panetta, Leas-Ghobharnóir Sinsearach ar Bhanc na hIodáile i láthair na huaire, mar iarrthóir chun teacht i gcomharbacht ar Benoieuro Coeuré ar bhord feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh.
Táthar ag súil go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh foirmiúil faoi dheireadh na bliana, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE.
Ina theannta sin, chuir na hairí an dlaíóg mhullaigh ar na hullmhúcháin do na cruinnithe idirnáisiúnta (cruinniú airgeadais G20 ar an 17-18 Deireadh Fómhair agus cruinnithe bliantúla CAI ar an 14-20 Deireadh Fómhair, Washington DC) agus rinne siad a marana ar na gníomhaíochtaí is déanaí de chuid chomhghuaillíocht na n-airí airgeadais ar son na gníomhaíochta aeráide. Anuas air sin, phléigh na hairí próiseas faireacháin bheartas 'Seimeastair Eorpach' 2019 i bhfianaise chiall cheannaithe 2019.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.