Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 18 Feabhra 2020

Príomhthorthaí

Liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha

Ghlac an Chomhairle conclúidí athbhreithnithe maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach.

Tá an obair ar an liosta de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha bunaithe ar phróiseas cuimsitheach measúnaithe, faireacháin agus idirphlé le thart ar 70 dlínse tríú tír. Ó chuireamar tús leis an gcleachtadh seo, chuir 49 tír chun feidhme na hathchóirithe cánach is gá chun critéir an Aontais a chomhlíonadh. Ní féidir a shéanadh go bhfuil ag éirí go maith leis sin. Ach tá an obair sin fós idir lámha agus is próiseas dinimiciúil í ina ndéantar athbhreithniú leanúnach ar ár modheolaíocht agus ar ár gcritéir. Zdravko Marić, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Cróite

De bhreis ar an 8 ndlínse a bhí ar an liosta cheana féin, chinn an tAontas na dlínsí seo a áireamh ar a liosta de dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha:

  • Oileáin Caymen;
  • Oileáin Palau;
  • Panama;
  • na Séiséil.

Dlínsí iad sin nár chuir i bhfeidhm na hathchóirithe cánach, ar thug siad gealltanas ina leith, faoin spriocdháta a comhaontaíodh.

Feicfear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na conclúidí seo, ina gcuimsítear dlínsí ag a bhfuil gealltanais atá fós gan chomhlíonadh, an síneadh a cuireadh leis na spriocdhátaí a tugadh do 12 dhlínse faoi nach mór dóibh pé athchóirithe is gá chun beart a dhéanamh dá ngealltanais. Is le tíortha i mbéal forbartha agus atá gan lárionad airgeadais, a bhfuil dul chun cinn fóinteach déanta acu cheana i ndáil lena ngealltanais a chomhlíonadh, a bhaineann formhór na síntí a cuireadh le spriocdhátaí.

D'éirigh le 16 dlínse (Antigua agus Barbúda, an Airméin, na Bahámaí, Barbadós, an Bheilís, Beirmiúda, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean, Rinn Verde, Oileáin Cook, Curaçao, Oileáin Marshall, Montainéagró, Nárú, Niue, Saint Kitts agus Nevis, Vítneam) na hathchóirithe uile is gá a chur chun feidhme chun prionsabail an Aontais maidir le dea-rialachas cánach a chomhlíonadh roimh an spriocdháta a comhaontaíodh agus, dá bhrí sin, táthar á mbaint as Iarscríbhinn II.

Dea-rialachas cánach ar fud an domhain á chur chun cinn ag an Aontas.

An Seimeastar Eorpach

Ghlac an Chomhairle na téacsanna a leanas a bhaineann le Seimeastar Eorpach 2020, an próiseas comhordúcháin beartais eacnamaíoch:

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach an moladh go foirmiúil ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta.

Tiocfaidh deireadh le Seimeastar Eorpach 2020 i mí Iúil nuair a ghlacfar moltaí tírshonracha.

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

Thíolaic an Coimisiún a theachtaireacht maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch an Aontais, a foilsíodh an 5 Feabhra.

Déantar measúnú san athbhreithniú ar a éifeachtaí a bhí an creat faireachais eacnamaíoch chun na cuspóirí a leanas a bhaint amach:

  • airgeadas inbhuanaithe rialtais agus fás eacnamaíoch a áirithiú, agus míchothromaíochtaí eacnamaíocha a sheachaint;
  • go bhféadfaí na beartais eacnamaíocha a chomhordú ar bhealadh níos dlúithe; agus
  • cóineasú a chur chun cinn i bhfeidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát

Is iad an sé-phaca agus an dé-phaca bunchlocha an struchtúir reatha lena dtugtar aghaidh ar na leochaileachtaí a nochtadh sna géarchéimeanna eacnamaíocha agus airgeadais. Tá athrú suntasach tagtha ar an gcomhthéacs eacnamaíoch ó bunaíodh na rialacha in 2011 agus in 2013 faoi seach.

Tá seacht mbliana d’fhás i ndiaidh a chéile feicthe i ngeilleagar na hEorpa. Níl aon Bhallstát faoi réir ghné cheartaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, an "nós imeachta um easnamh iomarcach” mar a thugtar air, i gcomparáid le 24 Bhallstát in 2011.

Buiséad an Aontais

Ghlac an Chomhairle treoirlínte do bhuiséad an Aontais don bliain 2021.

Measann an Chomhairle gur cheart buiséadú stuama a áirithiú sa chéad bhuiséad eile agus gur cheart corrlaigh leordhóthanacha a bheith sna huasteorainneacha chun dul i ngleic le haon imthosca gan choinne. Ag an am céanna, ba cheart dóthain acmhainní a leithdháileadh ar chur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais is mó a rannchuidíonn le beartais an Aontais a bhaint amach. Ina theannta sin, leis an mbuiséad ba cheart a bheith in ann na gealltanais a tugadh cheana faoin CAI reatha a íoc in am trátha, d'fhonn éilimh neamhíoctha a sheachaint.

Ina theannta sin, mhol na hairí go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad an Aontais do 2018.

Athchóirithe CBL

Ghlac an Chomhairle dhá athchóiriú ar rialacha CBL atá ann cheana.

Baineann an chéad athchóiriú le calaois chánach a bhrath in idirbhearta ríomhthráchtála trasteorann. Cuirfidh na rialacha nua ar chumas na mBallstát na taifid a chuireann soláthraithe seirbhísí íocaíochta, mar shampla na bainc, ar fáil go leictreonach a bhailiú ar bhealach comhchuibhithe. Ina theannta sin, bunófar lárchóras leictreonach nua chun faisnéis íocaíochta a stóráil agus chun go ndéanfaidh oifigigh frith-chalaoise náisiúnta tuilleadh próiseála ar an bhfaisnéis sin.

Baineann an dara hathchóiriú le rialacha CBL is infheidhme maidir le gnólachtaí beaga. Leis na rialacha nua, laghdófar na hualaí riaracháin agus na costais chomhlíonta d'fhiontair bheaga agus beidh siad ina gcabhair chun timpeallacht fhioscach a chruthú a chabhróidh le FBManna méadú agus trádáil trasteorann a dhéanamh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025