"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 21/01/2020, 21 Eanáir 2020
Príomhthorthaí
Cánachas digiteach
Bhí malartú tuairimí ag na hairí airgeadais maidir leis na dúshláin chánach a eascraíonn as an digiteáil. Bhreithnigh siad an dul chun cinn atá déanta i gcomhthéacs na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, maidir le hath-leithdháileadh brabús gnólachtaí digitithe ("Colún 1") agus athchóiriú ginearálta ar chánachas corparáideach idirnáisiúnta ("Colún 2).
Tá ECFE ag obair go dian le roinnt míonna anuas d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le struchtúr réitigh dhomhanda ag an gcruinniú a bheidh aici an 29-30 Eanáir 2020.
Tá athruithe bunúsacha tagtha, de bharr na digiteála, ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cuideachtaí, rud a fhágann gur gá dúinn ár rialacha a oiriúnú, go háirithe i réimse an chánachais. Is saincheist dhomhanda í seo agus réiteach domhanda atá ag teastáil uaithi. Sin í an chúis a bhfuil an tAontas tiomanta páirt ghníomhach dhearfach a ghlacadh sa chaibidlíocht leanúnach i gcomhthéacs ECFE.
Zdravko Marić, Aire Airgeadais na Cróite
Dearbhaíodh sa díospóireacht gurb é réiteach idirnáisiúnta ar chánachas digiteach an bealach is fearr chun cinn, mar go gcoiscfeadh sé ilroinnt agus bearta aontaobhacha. D’admhaigh na hairí go raibh ECFE ag obair faoi bhrú mór ama chun teacht ar chomhdhearcadh domhanda faoi dheireadh 2020, agus tharraing cuid mhór acu aird ar an tábhacht atá le leas maith a bhaint as an dlús polaitiúil atá ann faoi láthair.
Mar fhocal scoir ón uachtaránacht, dúirt sí go leanfadh sí de bheith ag freastal ar chruinnithe idirnáisiúnta faoin tsaincheist sin. Reáchtálfaidh sí pléití teicniúla sa Chomhairle chun an chaibidlíocht a tharlóidh ag ECFE a ullmhú, a mhéid is féidir, agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na mBallstát.
Ní mór córais chánachais a fhorbairt chun go mbeadh siad in oiriúint don ré dhigiteach
Comhaontú Glas don Eoraip
Phléigh na hairí na gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais den Chomhaontú Glas don Eoraip. Thíolaic an Coimisiún an teachtaireacht uaidh a foilsíodh ar an 14 Eanáir maidir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe.
Leis an bplean, táthar ag féachaint le EUR 1 trilliún ar a laghad d’infheistíocht a spreagadh sna deich mbliana seo chugainn. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid sin a ghnóthú trí leas a bhaint as buiséad an Aontais, trí “Chiste Aistrithe Cóir”, agus trí chistiú príobháideach a thabhairt isteach trí ráthaíochtaí faoi chlár InvestEU a ghiaráil. Foráiltear sa phlean freisin go mbeidh ról níos mó ag BEI i ndáil le tionscadail inbhuanaithe a mhaoiniú.
Le linn na díospóireachta, chuir na hairí i bhfios go láidir a thábhachtaí agus a ábhartha atá an Comhaontú Glas don Eoraip agus go bhfuil siad réidh le tús áite a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nithiúla a chuirfidh an Coimisiún chun cinn faoin gcomhaontú sna míonna beaga atá romhainn.
Chuir an Chomhairle tús le próiseas bliantúil an ‘tSeimeastair Eorpaigh’ i dtaca le faireachán a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha na mBallstát.
Thíolaic an Coimisiún pacáiste an Fhómhair uaidh a foilsíodh an 17 Nollaig 2019, lena n-áirítear:
tuarascáil uaidh ar an straitéis bhliantúil don fhás inbhuanaithe, ina leagtar béim ar na príomhdhúshláin in 2020,
'tuarascáil maidir leis an sásra foláirimh' do 2020 agus
an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro.
Táthar ag dréim go bhformheasfaidh an Chomhairle an moladh agus go nglacfaidh sí le conclúidí maidir leis an dá thuarascáil ag cruinniú Ecofin an 18 Feabhra 2020. Formhuineofar an moladh ansin ag an gComhairle Eorpach ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mhárta.
Tiocfaidh deireadh le Seimeastar Eorpach 2020 i mí Iúil nuair a ghlacfar moltaí tírshonracha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.