Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 05/12/2019, 5 Nollaig 2019

Príomhthorthaí

Gníomhú ar son na haeráide

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le creat an Aontais i ndáil le cánachas fuinnimh.

Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne
Tá ról tábhachtach ag Treoir an Aontais maidir le Cánachas Fuinnimh chun cánachas ar fhuinneamh a chomhchuibhiú agus i dtaca le dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an Aontais. Ach leis an athbhreithniú ar an treoir, d'fhéadfaí cur le cuspóirí comhshaoil agus tacú leis an aistriú chuig Aontas a bheadh aeráidneodrach.
Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne
Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne

Thacaigh an Chomhairle le nuashonrú ar an gcreat dlíthiúil maidir le cánachas fuinnimh a chuirfidh le cuspóirí beartais eacnamaíoch agus comhshaoil i gcoitinne.

D’fhormheas an Chomhairle plean oibre maidir le gníomhú ar son na haeráide lena mbunófar plé rialta beartais ag Comhairle ECOFIN i ndáil le gníomhú ar son na haeráide. Phléigh na hairí airgeadais freisin an clár oibre don mhaoiniú inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo.

Frithsciúradh airgid

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí straitéiseacha ó thaobh frithsciúradh airgid agus i ndáil le maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

Is príomhthosaíocht don Aontas Eorpach é sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. Is cúis áthais dom go rabhamar in ann teacht ar chomhaontú maidir le tosaíochtaí nua uaillmhianacha i gcoinne sciúradh airgid, tosaíochtaí a thugann treoir pholaitiúil shoiléir don Choimisiún nua chun an obair seo a thabhairt ar aghaidh. Mika Lintilä, Aire Airgeadais na Fionlainne

Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún féachaint ar ghníomhaíochtaí breise a d'fhéadfaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcreat reatha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a mheas:

  • bealaí chun comhar níos láidre agus níos éifeachtaí a chinntiú idir na húdaráis agus na comhlachtaí ábhartha a bhfuil ról acu maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, agus trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní maidir le malartú eolais eatarthu;
  • an bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe áirithe ar bhealach níos fearr trí rialachán;
  • na deiseanna, buntáistí agus míbhuntáistí a bhainfeadh le freagrachtaí agus cumhachtaí maoirseachta áirithe a thabhairt do chomhlacht de chuid an Aontais.
Tá gá le comhar breise maidir le frithsciúradh airgid.

Aontas na margaí caipitil

Ghlac an Chomhairle conclúidí lena leagtar amach cuspóirí chun aontas na margaí caipitil (AMC) a dhoimhniú a thuilleadh. Leis na conclúidí, múnlófar formáid agus raon feidhme an treochláir nua le haghaidh gníomhaíocht bhreise chun margaí caipitil Bhallstáit an Aontais a chomhtháthú a thuilleadh.

Criptea-airgeadra stablecoin

Ghlac an Chomhairle agus an Coimisiún ráiteas comhpháirteach freisin maidir leis an gcriptea-airgeadra stablecoin. Cuireann an ráiteas chun suntais na deiseanna a bhaineann leis an gcriptea-airgeadra stablecoin i dtéarmaí íocaíochtaí atá saor agus tapa ach chomh maith leis sin na rioscaí a bhaineann leo.

Cuireann an Chomhairle agus an Coimisiún chun suntais a réidhe atá siad gach beart is gá a ghlacadh chun caighdeáin iomchuí i ndáil le cosaint tomhaltóirí agus coinníollacha airgeadaíochta agus airgeadais a áirithiú. Dearbhaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún nár cheart aon socrú domhanda maidir leis an gcriptea-airgeadra stablecoin a chur ag feidhmiú san Aontas Eorpach go dtí go sainaithneofar agus do dtabharfar aghaidh go leordhóthanach ar na dúshláin agus na rioscaí dlíthiúla, rialála agus maoirseachta.

An t-ollstruchtúr airgeadais don fhorbairt

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hollstruchtúr airgeadais an Aontais don fhorbairt.

Cuireann na conclúidí chun suntais an gá atá leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a dhéanamh níos láidre, níos solúbtha, níos comhtháite, níos comhleanúnaí, níos straitéisí agus níos freagrúla don athrú aeráide agus do riachtanais forbartha. Tugann siad tacaíocht do na bearta gearrthéarmacha a cuireadh chun cinn sa tuarascáil ó Ghrúpa na Saoithe, agus leagann siad amach an bealach chun cinn chun machnamh polaitiúil a ullmhú maidir le hathchóirithe institiúideacha a d'fhéadfaí a dhéanamh amach anseo.

An t-aontas baincéireachta

Rinne an Chomhairle an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an aontas baincéireachta a neartú faoi Uachtaránacht na Fionlainne a mheas.

Chuir an Coimisiún staid na himeartha i láthair a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip.

Dlínsí atá neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach

Ghlac an Chomhairle conclúidí agus d'fhormhuinigh sí tuarascáil sé mhí maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Mheitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó) gan aon phlé a dhéanamh.

Áirítear go háirithe sa tuarascáil mionsonrú ar an staid mar atá i leith liosta an Aontais de dhlínsí atá neamh-chomhoibríoch chun críoch cánach.

Áirítear freisin treoir maidir le bearta cosanta náisiúnta a chomhordú a thuilleadh i réimse na cánach agus i dtaca le dlínsí neamh-chomhoibríocha (atá in Iarscríbhinn 4 den tuarascáil). Sa treoir sin iarrtar ar na Ballstáit uile beart cosanta reachtach a chur i bhfeidhm maidir le cánachas vis-à-vis na dlínsí a liostaítear amhail ón 1 Eanáir 2021, leis an aidhm na dlínsí sin a spreagadh chun na critéir a chomhlíonadh maidir le scagadh sa Chód Iompair maidir le cánachas atá cothrom agus trédhearcach.

An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

D'eisigh an Chomhairle cinntí maidir leis an Ungáir agus an Rómáin, atá faoi réir nósanna imeachta diallais shuntasaigh atá ag dul ar aghaidh. Daingnítear leis na cinntí nach ndearnadh bearta éifeachtacha. Thug an Chomhairle moltaí nua uaithi maidir le bearta chun na diallais a cheartú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025