- Cruinniú Mullaigh faoin Euro
An Cruinniú Mullaigh Euro, 25 Meitheamh 2021
Na príomhthorthaí
Phléigh cinn stáit nó rialtais an Aontais na dúshláin eacnamaíocha a bheidh ann don limistéar euro tar éis ghéarchéim COVID-19 agus rinne siad athbhreithniú ar an dul chun cinn maidir leis an aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil le hUachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Christine Lagarde, agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe.
An téarnamh eacnamaíoch
Chuir ceannairí an Aontais in iúl a thábhachtaí atá an fhreagairt beartais eacnamaíoch láidir ghasta chomhordaithe a tháinig ón Aontas Eorpach agus ó na Ballstáit, freagairt a d’ullmhaigh an bealach do théarnamh láidir, cuimsitheach agus inbhuanaithe as géarchéim COVID-19.
Is díol sásaimh dúinn go bhfuil dlúthchomhordú leanúnach á dhéanamh ar na beartais fhioscacha sa limistéar euro, agus tiomantas don inbhuanaitheacht fhioscach mar bhonn taca leis an méid sin, ar mhaithe leis an téarnamh a bhunú go daingean agus cosc a chur ar éifeachtaí díobhálacha fadtréimhseacha na paindéime ar ár sochaithe. Ráiteas ó chomhaltaí an Chruinnithe Mullaigh Euro
An t-aontas baincéireachta
D'athdhearbhaigh na ceannairí go bhfuil siad lántiomanta do chomhlánú an aontais baincéireachta agus d'iarr siad ar an nGrúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir le plean oibre céim ar chéim faoi cheangal ama.
Aontas na margaí caipitil
Chuir na ceannairí i dtreis an tacaíocht pholaitiúil a thugaimid d’Aontas na Margaí Caipitil agus d'iarr siad go gcuirfí chun feidhme go pras Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil. Chomhaontaigh siad nach mór pé dúshláin struchtúracha dá bhfuil ann ar chomhtháthú agus ar fhorbairt na margaí caipitil a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe orthu siúd i réimsí spriocdhírithe na ndlíthe dócmhainneachta corparáidí.
D’fhéadfadh an maoiniú glas agus caighdeán bannaí glasa a bheith ina sporadh le hAontas Margaí Caipitil lánfhorbartha a bhaint amach. Ráiteas ó chomhaltaí an Chruinnithe Mullaigh Euro
Déanfar an dul chun cinn maidir leis na saincheisteanna sin a athbhreithniú ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aige i mí na Nollag 2021.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Litir ó Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe, chuig Uachtarán an Chruinnithe Mullaigh Euro, Charles Michel roimh Chruinniú Mullaigh Euro an 25 Meitheamh
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Clár oibre sealadach
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025