- Cruinniú Mullaigh faoin Euro
An Cruinniú Mullaigh Euro, 16 Nollaig 2021
Na príomhthorthaí
Tionóladh an Cruinniú Mullaigh Euro i bhformáid chuimsitheach, a raibh 27 gceannaire uile an Aontais i láthair ann, agus é ag díriú ar théarnamh eacnamaíoch agus ar dhul chun cinn maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bhaint amach.
I ráiteas ó cheannairí an Aontais, d’admhaigh ceannairí an Aontais gur a bhuí leis an bhfreagairt láidir ghasta chomhordaithe a tháinig ón Aontas agus na Ballstáit ó thaobh an bheartais eacnamaíoch de, tá againn téarnamh láidir as géarchéim COVID-19. Dúirt siad freisin go leanann siad de bheith diongbháilte solúbtha ina bhfreagairt.
Ionchas eacnamaíoch
Thug ceannairí an Aontais dá n-aire an litir ó Uachtarán an Ghrúpa Euro dar dáta an 10 Nollaig 2021, agus an ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis na dréachtphleananna buiséadacha do 2022. Chuir siad i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de dhlúthchomhordú a dhéanamh ar bheartais fhioscacha an limistéir euro chun téarnamh inbhuanaithe cuimsitheach a bhunú.
An t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil
Thug ceannairí an Aontais dá n-aire gur den ríthábhacht an t-aontas baincéireachta a chomhlánú agus go mbeadh aontas na margaí caipitil domhain, comhtháite, dea-fheidhmiúil más uainn a chinntiú go mbeidh againn córas cobhsaí airgeadais, más uainn tacú le hiomaíochas an Aontais, agus más uainn an maoiniú is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach a chur ar fáil dóibh.
Ós amhlaidh atá, is fada le ceannairí an Aontais go dtiocfaidh i bhfeidhm an comhaontú lena leasaítear an Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus go dtabharfar isteach an cúlstop don Chiste Réitigh Aonair a luaithe is féidir.
Agus an tiomantas polaitiúil don aontas baincéireachta á dhearbhú acu an athuair, d'iarr ceannairí an Aontais ar an nGrúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, teacht ar chomhaontú maidir le plean oibre céim ar chéim faoi cheangal ama ina léireofar mar a thabharfar i gcrích é.
D’iarr ceannairí an Aontais freisin go gcuirfí dlús le doimhniú aontas na margaí caipitil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
Cruinnithe eile: Cruinniú Mullaigh faoin Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025