Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 11/02/2019, 11 Feabhra 2019

Na príomhthorthaí

Tháinig an Grúpa Euro le chéile den chéad uair sa ghnáthfhormáid agus ina dhiaidh sin tháinig le chéile le haghaidh cruinniú den Ghrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach.

An ghnáthfhormáid

Faireachas iarchláir: Éire agus an Phortaingéil

Chuir an Coimisiún Eorpach agus BCE na hairí ar an eolas faoi phríomhthorthaí an 10ú misean faireachais iarchláirgo hÉirinn a rinneadh idir 13-16 Samhain 2018, agus ar an 9ú misean faireachais iarchláir go dtí an Phortaingéil a cuireadh i gcrích idir 26-30 Samhain 2018.

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad de na hiasachtaí a fuarthas. Déantar tuairisciú agus misin dhá uair sa bhliain.

A thacaíocht tugtha ag an ngrúpa euro do Philip Lane mar ainmniúchán do bhord feidhmiúcháin BCE

Phléigh an Grúpa Euro an t-ainmniúchán le haghaidh an fholúntais atá ag teacht aníos i mBanc Ceannais na hEorpa (BCE), agus thug a thacaíocht do Philip Lane mar iarrthóir, gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann, le teacht i gcomharbas ar Peter Praet, a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige ar an 31 Bealtaine.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
"D'aontaigh an Grúpa Euro ainmniúchán Philip Lane a fhormhuiniú d'aon ghuth. Faoi mar a chuir roinnt airí in iúl inniu, is iontach an rogha é Philip don phost seo."
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Réamhaisnéis eatramhach gheimhridh ón gCoimisiún

Phléigh an Grúpa Euro an staid eacnamaíoch agus atá roimhe amach sa limistéar euro, ar bhonn na réamhaisnéise geimhridh ón gCoimisiún.

Formáid chuimsitheach

AEA a dhoimhniú - an bealach chun tosaigh maidir leis an ionstraim bhuiséadach cóineasaithe agus iomaíochais

Tar éis do cheannairí an Aontais sainordú a fháil ag an gCruinniú Mullaigh Euro ar an 14 Nollaig, lean an Grúpa Euro den phlé ar dhoimhniú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i bhformáid oscailte chuimsitheach.

Mhalartaigh na hairí a dtuairimí den chéad uair faoin mbealach chun tosaigh maidir leis an ionstraim bhuiséadach cóineasaithe agus iomaíochais don limistéar euro agus Ballstáit Shásra Rátaí Malairte na hEorpa ERM II ar bhonn deonach.

"Is cuimhin libh go léir gurbh ábhar conspóideach é seo i mí na Nollag, ach tá ré nua romhainn anois. Chomhaontaigh na ceannairí an ionstraim agus ní mór dúinn í a mhionsonrú anois. Tá meon cuiditheach le brath inár measc agus tá mé cinnte go dtiocfaimid ar chomhaontú roimh an sprioc-am i mí an Mheithimh." Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE
Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025