Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 03/12/2018, 3 Nollaig 2018

Na príomhthorthaí

Tháinig an Grúpa Euro le chéile den chéad uair sa ghnáthfhormáid agus ina dhiaidh sin tháinig le chéile le haghaidh cruinniú i bhformáid chuimsitheach.

An ghnáthfhormáid

Measúnú ar dhréachtphleananna buiséid na mBallstát

Phléigh an Grúpa Euro an staid bhuiséadach fhoriomlán agus na hionchais bhuiséadacha sa limistéar euro agus rinne siad athbhreithniú ar staid eacnamaíoch agus bhuiséadach na mBallstát i dtrácht.

Bhí an plé bunaithe ar thuairimí an Choimisiúin maidir le dréachtphleananna buiséadacha an 19 dtír sa limistéir euro agus ar an teachtaireacht ón gCoimisiún ar an measúnú foriomlán a rinneadh ar na dréachtphleananna buiséadacha.

Bhí toradh an phlé sin léirithe sa ráiteas ón nGrúpa Euro.

Is é seo an séú babhta a rinneadh an measúnú seo agus is í seo an chéad uair, an chéad bhliain, go meastar nach mbeidh easnamh iomarcach á chlárú ag aon tír, é sin le rá os cionn 3% de OTI. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Faireachas iarchláir na mBallstát

An Ghréig

Chuir an Coimisiún Eorpach an chéad tuarascáil faireachais fheabhsaithe don Ghréig faoi bhráid na n-airí.

Ghlac an Coimisiún cinneadh ar an 11 Iúil an creat faireachais fheabhsaithe don Ghréig a ghníomhachtú, a tháinig i bhfeidhm tar éis dheireadh chlár an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, i mí Lúnasa 2018.

A bhuí leis na tuarascálacha ráithiúla faireachais feabhsaithe is féidir faireachán grinn a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais agus ar na gealltanais bheartais iarchláir, mar a chomhaontaigh an Grúpa Euro i mí an Mheithimh 2018.

An Chipir

Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas maidir le príomhthorthaí an chúigiú misean faireachais iarchláirgo dtí an Chipir a bhí ar siúl idir an 24 agus an 28 Márta 2018. Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas freisin faoi chóras réamhrabhaidh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Ag an am céanna, rinne CAI misean faoi Airteagail IV a chur i gcrích.

An Spáinn

Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas maidir le príomhthorthaí an deichiú misean faireachais iarchláir go dtí an Spáinn a bhí ar siúl idir an 4 agus an 5 Deireadh Fómhair 2018. Cuireadh an Grúpa Euro ar an eolas freisin faoi chóras réamhrabhaidh an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh.

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh agus leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas. Déantar tuairisciú agus misin dhá uair sa bhliain.

Misean eatramhach an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) faoi Airteagal IV go dtí an limistéar euro

Thíolaic CAI a chuid príomhthorthaí ó mhisean eatramhach an limistéar euro faoi Airteagal IV.

Bíonncomhairliúchán bliantúil ar bheartais an limistéir euro ag CAI trí bhíthin misean eatramhach i dtreo dheireadh na bliana de ghnáth agus an ceann deiridh déanach san earrach. Is gnách na torthaí a phlé leis an nGrúpa Euro.

Clár oibre an Ghrúpa Euro don chéad seimeastar de 2019

Chomh maith leis seo, ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre don chéad leath de 2019.

Formáid chuimsitheach

AEA a neartú - Ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag

D'ullmhaigh an Grúpa Euro, i bhformáid chuimsitheach, an Cruinniú Mullaigh Euro a bheidh ar siúl ar an 14 Nollaig. Táthar ag súil go nglacfaidh an Cruinniú Mullaigh cinntí nithiúla agus go dtabharfaidh sé treoir maidir leis an mbealach chun cinn i ndáil le AEA a neartú.

tuarascáil do na ceannairí maidir le AEA a neartú comhaontaithe ag na hairí, lena n-áirítear dréacht-téarmaí tagartha an chúltaca choitinn don Chiste Réitigh Aonair, bileog téarmaí maidir le hathchóiriú ar SCE agus an bealach ar aghaidh don aontas baincéireachta agus ionstraimí iomaíochais, cóineasaithe agus cobhsaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann.

Tar éis roinnt míonna dianchaibidlíochta agus tar éis cruinniú fada crua thángthas ar phlean cuimsitheach chun an euro a neartú. Plean comhaontaithe ag gach uile duine againn. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025