- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 21/01/2019, 21 Eanáir 2019
Na príomhthorthaí
Tháinig an Grúpa Euro le chéile den chéad uair sa ghnáthfhormáid agus ina dhiaidh sin tháinig le chéile le haghaidh cruinniú i bhformáid chuimsitheach.
An ghnáthfhormáid
An seimeastar Eorpach: Moltaí maidir leis an limistéar euro do 2019
Phléigh an Grúpa Euro na dréachtmholtaí ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2019, a eisíodh i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh, sásra an Aontais um chomhordú beartais.
Formheasfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na dréachtmholtaí ar an 22 Eanáir. Glacfaidh an Chomhairle iad go foirmiúil tar éis do Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta iad a fhormhuiniú.
Ról idirnáisiúnta an euro
Phléigh an Grúpa Euro ról idirnáisiúnta an euro bunaithe ar an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Towards a stronger international role of the euro" [I dtreo ról idirnáisiúnta níos láidre don euro] ó mhí na Nollag 2018.
Sa teachtaireacht uaidh, chuir an Coimisiún in iúl go bhféadfadh an euro cur lena ról domhanda agus barr a chumais a bhaint amach, rud a léiríonn tábhacht pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro.
Spreag an plé seo malartú tuairimí spéisiúil ós pointe tábhachtach é ar chúiseanna eacnamaíocha agus polaitiúla. Ag an gcruinniú mullaigh Euro, d’iarr na ceannairí orainn a thuilleadh oibre a dhéanamh air seo, mar sin leanfaimid den phlé seo sna míonna amach romhainn. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
- Ról idirnáisiúnta an euro (suíomh gréasáin an Choimisiúin)
- Teachtaireacht ón gCoimisiún: <em>Towards a stronger international role of the euro</em> [I dtreo ról idirnáisiúnta níos láidre don euro]
Comhalta nua a cheapadh ar bhord feidhmiúcháin BCE
Sheol Uachtarán an Ghrúpa Euro glao ar iarrthóirí chun comhalta nua a cheapadh ar bhord feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh le teacht i gcomharbas ar Peter Praet, a dtagann deireadh lena théarma ar an 31 Bealtaine.
Formáid chuimsitheach
An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a dhoimhniú - Obair leantach ar chruinniú mullaigh Euro mhí na Nollag
Mhalartaigh na hairí tuairimí maidir leis an obair leantach ar chruinniú mullaigh Euro mhí na Nollag inar comhaontaíodh gur cheart do na hairí airgeadais leanúint den obair i dtreo AEA a neartú go mór ar bhonn an phacáiste chuimsithigh a d'fhormhuinigh ceannairí an Aontais.
Phléigh na hairí freisin cén chaoi an obair atá le déanamh amach anseo a eagrú. Áirítear leis sin, malartú tuairimí faoi na chéad chéimeanna eile don scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT) agus don ionstraim bhuiséadach ar mhaithe le cóineasú agus iomaíochas sa limistéar Euro agus i mBallstáit MRM II ar bhonn deonach.
Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025