"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Thug na hinstitiúidí tuairisc don Ghrúpa Euro ar an dul chun cinn atá déanta ag na húdaráis sa Ghréig le cur chun feidhme na ngealltanas athchóiriúcháin a sonraíodh sa ráiteas ón nGrúpa Euro ar an 22 Meitheamh 2018, agus lena rabhthas ag feitheamh nuair a bhí an cruinniú deireanach den Ghrúpa Euro ann.
Chuir an Grúpa Euro fáilte roimh bhuiséad a bheith glactha do 2019, a bhfuiltear ag tuar go gcinnteofar leis go mbainfear amach an phríomhsprioc bharrachais 3.5% OTI, agus go gcríochnófar na hathchóiriúcháin struchtúrtha tábhachtacha, idirbhearta tábhachtacha príobháidithe san áireamh.
D'fháiltigh na hairí freisin roimh mheasúnú na n-institiúidí Eorpacha go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí de dhíth chun na gealltanais athchóiriúcháin do dheireadh 2018 a chomhlíonadh déanta agus go bhfuil na coinníollacha riachtanacha i bhfeidhm chun a dhaingniú go n-eiseofar an chéad tráinse de na bearta fiachais atá teagmhasach le beartas, faoi réir comhlánú nósanna imeachta náisiúnta.
Tá a gealltanais athchóiriúcháin comhlíonta ag an nGréig. Faoi réir nósanna imeachta náisiúnta agus chinntí bhord na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), gheobhaidh an Ghréig
deontas €970 milliún.
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
An t-aontas baincéireachta: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro
Chuir cathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), Andrea Enria, i láthair na gníomhaíochtaí a raibh an Bord Maoirseachta ina mbun le déanaí, a chuimsigh iasachtaí neamhthuillmheacha, ullmhacht i gcomhair Brexit, frithsciúradh airgid, agus na dúshláin mhaoirseachta don bhliain 2019.
Thug Elke König, cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair cur síos ar a bhfuil ar siúl ag an mBord.
Na hullmhúcháin i gcomhair cruinnithe idirnáisiúnta
Rinne an Grúpa Euro a mharana ar an mboilsciú agus na forbairtí i ndáil leis an ráta malairte le roinnt míonna anuas agus cruinnithe earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar na bacáin. Pléann an Grúpa Euro forbairtí ar an ráta malairte go tráthrialta, go háirithe roimh chruinnithe idirnáisiúnta.
Phléigh an Grúpa Euro dréachtphlean buiséadach nuashonraithe Lucsamburg don bhliain 2019, bunaithe ar an tuairim ón gCoimisiún a eisíodh ar an 22 Márta 2019, agus chuir sé ráiteas amach.
Malartú tuairimí le Cathaoirleach Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (ECON) Pharlaimint na hEorpa
Le linn cruinniú ar leith, rinne an Grúpa Euro a dtuairimí maidir le hionchais agus dúshláin eacnamaíochta an limistéir Euro a mhalartú le cathaoirleach ECON Pharlaimint na hEorpa, Roberto Gualtieri.
Tá sé mar chuspóir leis seo an malartú faisnéise a neartú idir an Pharlaimint agus an Grúpa Euro. Is tionscnamh é seo sa bhreis ar na gnáth-éisteachtaí a bhíonn ag Uachtarán an Ghrúpa Euro i bParlaimint na hEorpa, go háirithe ag coiste ECON, chun 'idirphlé eacnamaíoch' a chur sa tsiúl maidir le tosaíochtaí oibre agus beartais an Ghrúpa Euro.
Gnéithe den ionstraim bhuiséadach cóineasaithe agus iomaíochais
Tar éis do cheannairí an Aontais an sainordú a fháil ag Cruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag, lean an Grúpa Euro den phlé, i bhformáid chuimsitheach, ar dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA).
Rinne na hairí a dtuairimí a mhalartú faoi ghnéithe den ionstraim cóineasaithe agus iomaíochais don limistéar euro, agus faoi na Ballstáit atá rannpháirteach ar bhonn deonach i Meicníocht Ráta Malairte II, le béim ar na gnéithe a bhaineann le rialachas.
Tá sé mar aidhm ag an nGrúpa Euro gnéithe d'ionstraim bhuiséadach an limistéir euro a chomhaontú agus a thuairisciú do cheannairí an Aontais i mí an Mheithimh.
Tá rialachas ionstraim bhuiséadach an limistéir euro ríthábhachtach. Baineann sé leis an gcaoi a bhfuilimid chun an ionstraim seo a úsáid, is ceist pholaitiúil é sin a bhfuil gné theicniúil agus dlí leis.
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Plean oibre chun tús a chur le plé polaitiúil maidir leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) - Tuairisciú eatramhach ón Meitheal Ardleibhéil
Rinne Cathaoirleach na Meithle Ardleibhéil maidir le SEÁT na hairí a thabhairt cothrom le dáta faoin dul chun cinn leis an bplé faoi threochlár chun tús a chur le caibidlíocht pholaitiúil faoi SEÁT agus obair eile atá beartaithe don tréimhse go dtí mí an Mheithimh.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.