Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 9 Iúil 2020

Na príomhthorthaí

Fís-sleachta ón gcruinniú a bhí ag an nGrúpa Euro i mí Iúil 2020

Toghchán Uachtarán an Ghrúpa Euro

Thogh an Grúpa Euro Paschal Donohoe, Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann, ina Uachtarán ar an nGrúpa Euro.

Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Ba mhaith liom a rá gur mhór an pléisiúr agam é a bheith ag obair le Paschal le dhá bhliain go leith anuas, agus go bhfuil ardmheas ag a chomhghleacaithe air as a chuid oibre thar ceann an Ghrúpa Euro. Níl aon amhras orm ach gur Uachtarán den scoth a bheidh ann ar an nGrúpa Euro agus guím gach rath air sa phost seo ó chroí.
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Tiocfaidh an tUachtarán nua i gcomharbas ar Mário Centeno, an tríú Uachtarán buan ar an nGrúpa Euro, a toghadh an 4 Nollaig 2017.

Paschal Donohoe, Uachtarán toghaí an Ghrúpa Euro
Agus mé ag cur tús le mo théarma oifige mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro, tá a fhios agam go rímhaith go bhfuil saoránaigh na hEorpa ag féachaint ar an staid ina bhfuil a ngeilleagair náisiúnta anois, go bhfuil siad ag féachaint ar gheilleagar na hEorpa agus go bhfuil imní orthu (...) i dtaobh a dtodhchaí, a bpost agus a n-ioncam. Is dúshlán é sin a thuigimse agus is dúshlán é a thuigeann comhaltaí an Ghrúpa Euro chomh maith. Táimse rídhóchasach – i bpáirt le mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Euro – go bhfuil an cumas ionainn aghaidh a thabhairt ar a bhfuil romhainn, go bhfuil an bhunchloch leagtha amach againn chuige sin agus go n-éireoidh linn.
Paschal Donohoe, Uachtarán toghaí an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán toghaí an Ghrúpa Euro

Réamhaisnéis eacnamaíoch eatramhach an tsamhraidh

Rinne an Grúpa Euro tuairimí a chómhalartú maidir leis an staid eacnamaíoch sa limistéar euro, bunaithe ar chur i láthair maidir le réamhaisnéis eacnamaíoch eatramhach an tsamhraidh do 2020 ón gCoimisiún.

Deimhnítear i réamhaisnéis an tsamhraidh ón gCoimisiún gur tharla cúlú eacnamaíoch sa limistéar euro sa dara ráithe – cúlú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Cé go ndeimhnítear sa réamhaisnéis go bhfuil an teacht aniar tosaithe tá sé i bhfad Éireann ró-luath na maidí a ligean le sruth. (...) In éagmais freagairtí gasta diongbháilte beartais a chuireamar chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, bheadh an cás i bhfad níos measa fós. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An staid bhuiséadach agus an staid fhioscach sa limistéar euro

Phléigh na hairí an staid bhuiséadach sa limistéar euro. Cuirfear an toradh sin san áireamh agus na dréachtphleananna buiséadacha agus na moltaí don limistéar euro don bhliain 2021 á n-ullmhú.

Chuir Cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Niels Thygesen, tuarascáil an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh an 1 Iúil 2020 i láthair maidir leis an measúnú ar an staid fhioscach is iomchuí don limistéar euro. Chuir an Coimisiún i láthair freisin a mheasúnú ar an staid bhuiséadach ag eascairt as an anailís a rinne sé ar na cláir chobhsaíochta 2020.

Tacaíonn an Bord Fioscach Eorpach, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus Airí an Ghrúpa Euro uile le beartais thráthúla spriocdhírithe chun dul i ngleic leis an bpaindéim agus chun creatlach ár ngeilleagair agus ár sochaithe a chosaint. Mário Centeno, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025