Skip to content
  • An Grúpa Euro

Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 11 Meitheamh 2020

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid (tíortha an limistéir euro)

Uachtaránacht an Ghrúpa Euro

Chuir Uachtarán reatha an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, na hairí ar an eolas faoin bpróiseas chun uachtarán nua a thoghadh. Beidh na hairí lena mbaineann in ann a n-iarratas a chur ar aghaidh faoin 25 Meitheamh. Tiocfaidh deireadh le téarma an Uachtaráin Centeno an 12 Iúil. Ní bheidh an dara sainordú á lorg aige.

Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
“Chuir mé in iúl do mo chomh-airí inniu nach mbeidh an dara sainordú á lorg agam. Beidh mé i m’Uachtarán ar an nGrúpa Euro go dtí deireadh mo théarma, is é sin an 12 Iúil.”
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno

Tá an Grúpa Euro le huachtarán nua a thoghadh ag an gcruinniú a bheidh aige i mí Iúil 2020.

Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro

Toghadh Uachtarán an Ghrúpa Euro

Tuarascáil faireachais fheabhsaithe don Ghréig

Phléigh an Grúpa Euro an séú tuarascáil faireachais fheabhsaithe faoin nGréig. Chinn na hairí gur comhlíonadh na coinníollacha chun scaoileadh an tríú tráinse de bhearta fiachais atá teagmhasach le beartas a dhaingniú.

“Tá an ghníomhaíocht is gá déanta ag an nGréig chun a gealltanais athchóiriúcháin a chomhlíonadh, in ainneoin na staide urghnáiche seo. Ar an mbonn sin, thángamar ar chomhthuiscint pholaitiúil maidir leis an gcéad tráinse eile de bhearta fiachais a fhormheas.” Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno

Ghlac an Coimisiún cinneadh ar an 11 Iúil 2018 an creat faireachais fheabhsaithe don Ghréig a ghníomhachtú, cinneadh a tháinig i bhfeidhm tar éis dheireadh chlár an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE), i mí Lúnasa 2018.

A bhuí leis na tuarascálacha ráithiúla faireachais feabhsaithe is féidir faireachán grinn a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais agus ar na gealltanais bheartais iarchláir, mar a chomhaontaigh an Grúpa Euro i mí an Mheithimh 2018.

An Faireachas Iarchláir: an Chipir agus an Spáinn

Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí na nithe seo a leanas:

  • an 8ú misean faireachais iarchláir chuig an gCipir
  • an tríú misean faireachais iarchláir déag chuig an Spáinn

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais faoin Sásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Leanann sé ar aghaidh go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais a fuarthas. Tarlaíonn tuairisciú agus misin go débhliantúil.

An tAontas Baincéireachta: gnéithe a bhaineann leis an limistéar euro

Rinne cathaoirleach Bhord Maoirseachtaan Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), Andrea Enria, cúraimí maoirseachta baincéireachta BCE, a rinneadh ó bhí an éisteacht roimhe sin ann i nDeireadh Fómhair 2019, a chur i láthair. Díríodh sa tuarascáil ar na bearta a glacadh chun tionchar ghéarchéim COVID-19 ar na bainc a mhaolú agus chun tacú leo leanúint de bheith ag tabhairt iasachtaí do líonta tí agus do ghnólachtaí.

Chuir Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), Elke König, i láthair na gníomhaíochtaí is déanaí a rinneadh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 chun an t-ualach oibríochtúil láithreach ar na bainc atá faoina sainchúram a mhaolú. Chuir sí an Grúpa Euro ar an eolas freisin faoi phleanáil réitigh, inréititheacht, lena n-áirítear an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI), agus maidir le méadú an Chiste Réitigh Aonair (CRA).

Tarlaíonn éisteachtaí chathaoirligh Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) dhá uair sa bhliain.

Clár oibre athbhreithnithe gearrthéarmach an Ghrúpa Euro

D’fhormhuinigh an Grúpa Euro clár oibre gearrthéarmach athbhreithnithe lena léirítear athbheartú tosaíochta na hoibre i bhfianaise phaindéim COVID-19.

De ghnáth, déanann an Grúpa Euro a chlár oibre a fhormhuiniú agus a fhoilsiú faoi dhó sa bhliain, rud a chumhdaíonn an chéad agus an dara seimeastar.

Formáid chuimsitheach (AE 27)

An staid eacnamaíoch agus bearta beartais chun tacú leis an téarnamh

Ar an 23 Aibreán, d'iarr Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar an nGrúpa Euro "dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid eacnamaíoch agus an chonair a réiteach do théarnamh".

Sa chomhthéacs sin, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an staid eacnamaíoch agus na riachtanais don téarnamh. Dhírigh siad ar an gcomhlántacht idir beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

"Phléamar gné an limistéir euro a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an tsaoráid téarnaimh. Tá sé lán chomh tábhachtach an t-airgeadra aonair a chosaint agus atá sé an margadh aonair a chosaint.” Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno

Rinne na hairí machnamh, freisin, ar na himpleachtaí a bhaineann le ballraíocht an limistéir euro ar na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus ar an nasc a d'fhéadfadh a bheith ann leis na moltaí i ndáil leis an limistéar euro, agus ar obair an Ghrúpa Euro a eagrú ina leith sin.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 11 Meitheamh 2025