"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil an Ghrúpa Euro, 5 Deireadh Fómhair 2020
Príomhthorthaí
Clár oibre an Ghrúpa Euro
Phléigh na hairí tosaíochtaí don Ghrúpa Euro faoi Uachtaránacht Paschal Donohoe. Ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre, rud a leanfaidh go dtí mí an Mheithimh 2021.
Chuir mé clár cuimsitheach síos lena chinntiú go leanfaidh an Grúpa Euro de gheilleagar an limistéir euro a stiúradh i dtreo téarnaimh chuimsithigh a rachaidh chun tairbhe na saoránach go léir, agus a oibreoidh ar neartú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. (...) Tá áthas orm a rá go bhfuil sé formhuinithe go hoifigiúil anois.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Na tosaíochtaí maidir le hathchóiriú agus infheistíocht sa limistéar euro
Agus a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a ndréachtbhuiséid do 2021 á n-ullmhú ag na Ballstáit, bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro faoi na tosaíochtaí beartais don limistéar euro i gcomhthéacs an téarnaimh.
Agus muid ag athrú de réir a chéile ó ghníomhaíocht éigeandála go téarnamh, aontaímid gur cheart, lenár mbeartais, an claochlú eacnamaíoch a chothú agus acmhainneacht nua fáis a scaoileadh sa limistéar euro. Ag an am céanna, ba cheart aghaidh a thabhairt lenár mbeartas ar na rioscaí a bhaineann le dibhéirseacht eacnamaíoch agus le míchothromaíochtaí.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Is leis an bplé sin atá tús á chur le próiseas chun teacht ar chomhdhearcadh maidir leis na príomhthosaíochtaí réamhbhreathnaitheacha eacnamaíocha don limistéar euro ina iomláine. Bheadh na tosaíochtaí sin léirithe sna moltaí bliantúla a mholfadh an Coimisiún agus a ghlacfadh an Chomhairle.
An próiseas lena roghnaítear comhalta nua ar bhord feidhmiúcháin BCE
Thacaigh an Grúpa Euro le hiarrthóireacht Frank Elderson chun teacht in ionad comhalta reatha de bhord feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Yves Mersch, a rachaidh a théarma oifige in éag an 14 Nollaig. I láthair na huaire, tá Frank Elderson ina chomhalta de bhord feidhmiúcháin De Nederlandsche Bank NV (DNB), banc ceannais na hÍsiltíre.
Phléigh an Grúpa Euro an 7ú tuarascáil faireachais fheabhsaithe ar an nGréig. Níl aon bhaint ag an tuarascáil sin le cinneadh faoi bhearta fiachais atá ag brath ar bheartais.
Ghlac an Coimisiún cinneadh an 11 Iúil 2018 an creat faireachais fheabhsaithe don Ghréig a ghníomhachtú, cinneadh a tháinig i bhfeidhm tar éis dheireadh chlár an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, i mí Lúnasa 2018. Leis na tuarascálacha ráithiúla faireachais fheabhsaithe, cumasaítear dlúthfhaireachán ar na nithe seo a leanas:
an staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais sa Ghréig
gealltanais bheartais iarchláir a chomhaontaigh an Grúpa Euro i mí an Mheithimh 2018.
Cruinnithe idirnáisiúnta a ullmhú: a bhfuil ag tarlú maidir leis an ráta malairte
Rinne an Grúpa Euro a mharana ar a bhfuil ag tarlú maidir leis an ráta malairte le cúpla mí anuas i bhfianaise chruinnithe bliantúla Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bheith ar na bacáin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.