"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
COVID-19: na dúshláin sa limistéar euro agus sa gheilleagar domhanda
D’iarr Uachtarán an Ghrúpa Euro ar Andrea Ammon, stiúrthóir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), na hairí a chur ar an eolas faoi ascnamh phaindéim COVID-19.
Rinne na hairí tuairimí a mhalartú le Irene Tinagli, Cathaoirleach Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, maidir leis na forbairtí eacnamaíocha agus na dúshláin bheartais atá roimh Bhallstáit an limistéir euro.
D’eisigh an Grúpa Euro ráiteas maidir le forbairtí COVID-19.
Táim cinnte de gurb í an aontacht chuspóra atá feicthe againn ó thús na géarchéime, a thabharfaidh slán muid as an ré dhúshlánach seo. Beidh an aontacht chuspóra sin tábhachtach freisin chun comhaontú a thabhairt chun críche maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, atá ina thosaíocht phráinneach dúinn go léir mar gheall ar a ríthábhachtaí atá sí chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch sna blianta atá le teacht.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Bhí plé straitéiseach ag na hairí maidir leis na buntáistí agus na dúshláin a bhainfeadh le euro digiteach a d'fhéadfaí a thabhairt isteach amach anseo. Tá sé sin ar cheann de na tosaíochtaí i gclár oibre an Ghrúpa Euro.
Bhí tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) i mí Dheireadh Fómhair 2020 mar bhunús leis an bplé.
Molaimid do BCE leanúint dá chuid oibre i ndáil le samhlacha agus roghanna chun euro digiteach a eisiúint.
Idir an dá linn, (...) breathnóimid ar impleachtaí an tionscadail ar ár gceannasacht airgeadaíochta, ar ár gcobhsaíocht airgeadais, ar chistiú bainc, ar chosaint tomhaltóirí agus ar ról idirnáisiúnta an euro.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Thionóil an Grúpa Euro a chéad chruinniú i ‘bhformáid an aontais baincéireachta’, le comhaltaí d’aontas baincéireachta an Aontais. Faoi láthair, is iad sin 19 dtír an limistéir euro agus an Bhulgáir agus an Chróit, a tháinig isteach san aontas baincéireachta mí Iúil seo caite.
Gnéithe oibriúcháin an Aontais Baincéireachta
Thíolaic Andrea Enria, an cathaoirleach ar Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE), na cúraimí maoirseachta atá déanta ag maoirseacht baincéireachta BCE ó rinneadh an tuairisciú deireanach i mí an Mheithimh 2020. Dhírigh sé ar na nithe seo leanas:
tionchar COVID-19 ar bhainc agus ar bhearta a glacadh
Brexit
riosca aeráide
Chuir Elke König, Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), an Grúpa Euro ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí a rinne an BRA le déanaí. Dhírigh sí go háirithe ar an bhfreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus thug sí an Grúpa Euro ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis na nithe seo a leanas:
pleanáil réitigh
na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI)
inréititheacht
méadú an Chiste Réitigh Aonair (CRA)
Formáid chuimsitheach (AE 27)
Líontáin sábhála COVID-19: staid na himeartha
Bhreathnaigh na hairí ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme na dtrí líontán sábhála a comhaontaíodh ag físchomhdháil an Ghrúpa Euro an 7-9 Aibreán 2020:
Tugadh tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála(SURE) do 17 mBallstát agus d’eisigh an Coimisiún a chéad bhannaí ar na margaí airgeadais go rathúil
Tháinig Ciste Ráthaíochta Uile-Eorpach faoi chuimsiú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) i bhfeidhm le linn an tsamhraidh agus formheasadh na chéad oibríochtaí
Tá líne chreidmheasa um Thacaíocht don Ghéarchéim Phaindéime faoi chuimsiú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) i bhfeidhm agus beidh sí ar fáil mar chúlstop do na stáit cheannasacha go dtí deireadh 2022
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.