"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Is í Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle a d’óstáil cruinniú an Ghrúpa Euro i mBeirlín. Ba é an chéad chruinniú den Ghrúpa Euro agus na comhaltaí a bheith ann i bpearsa é ó mhí Feabhra 2020, nuair a tugadh srianta COVID-19 isteach.
Ba é sin an chéad chruinniú freisin a bhí faoi chathaoirleacht Uachtarán an Ghrúpa Euro, Paschal Donohoe, a chuaigh i mbun na feidhme sin an 13 Iúil 2020.
Measúnú ar an staid eacnamaíoch
Mhalartaigh na hairí tuairimí ar an staid reatha sa limistéar euro, d’athbhreithnigh siad an ghníomhaíocht bheartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach agus bhreathnaigh siad ar na riachtanais téarnaimh a d’fhéadfadh a bheith ag geilleagair tar éis ghéarchéim COVID-19.
Is dea-scéal é gur tháinig méadú suntasach ar ghníomhaíocht i mí an Mheithimh agus i mí Iúil tar éis an chúlaithe mhóir a bhain leis an euro i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Tuigimid go léir go rí-mhaith go bhfuil faitíos agus imní mhór ar na milliúin saoránach; agus glacaimid leis go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama agus oibre chun an díobháil atá déanta ag an ngéarchéim seo a chur ina cheart. Ach táimid go léir meáite ar é sin a dhéanamh.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Mhalartaigh na hairí tuairimí freisin maidir leis an bhfreagairt beartais fhioscaigh náisiúnta agus maidir leis an staid fhioscach in 2021.
Bhraith mé go raibh toilteanas comhroinnte ann i dtreo cur chuige comhordaithe maidir leis an mbeartas buiséadach agus chun an Grúpa Euro a úsáid mar fhóram chun an tuiscint sin a bhaint amach. Rachaidh roinnt scéimeanna géarchéime in éag ar fud an limistéir euro, ach leathnófar agus feabhsófar cinn eile. Idir an dá linn, tá beartais nua á bhforbairt ag na Ballstáit chun borradh a chur faoin dtéarnamh.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Plé téamach: geilleagar polaitiúil na n-athchóirithe
Bhí plé téamach ag an nGrúpa Euro faoin méid seo a leanas: na gnéithe sin de chuid an gheilleagair pholaitiúil a fhágann gur fusa athchóirithe a thabhairt isteach, conas is féidir tionchar na n-athchóirithe sin a uasmhéadú, agus conas a chinnteofar go gcuirfear acmhainní poiblí in úsáid go héifeachtúil i gcomhthéacs an téarnaimh.
Is ar nóta teicniúil a d'ullmhaigh an Coimisiún a bunaíodh an plé sin.
Bhí malartú fíorshaibhir táirgiúil tuairimí againn agus roinn comhghleacaithe a léargais agus a dtaithí náisiúnta ar ról an Ghrúpa Euro. Agus ba mhaith liom leas a bhaint as an nGrúpa Euro chun cabhrú le teacht ar chomhthoil níos fearr maidir le réimsí tosaíochta, maidir le hathchóirithe, chun an chonair i dtreo téarnaimh a fhorbairt.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Bhreathnaigh na hairí ar an obair leanúnach atá á déanamh ar na ceithre shruth chun an t-aontas baincéireachta a neartú a thuilleadh:
Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT)
cobhsaíocht airgeadais
bainistiú géarchéime
comhtháthú airgeadais trasteorann feabhsaithe
I mí an Mheithimh, chomhaontaíomar go leanfaimid den obair ar neartú an Aontais Baincéireachta mar ábhar tosaíochta; agus comhaontaíodh go ginearálta ann gur gá brú ar aghaidh ar bhealach foriomlán, agus is é is aidhm dúinn tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ina leith sin i rith na bliana.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Phléigh na hairí freisin athchóiriú an Chonartha maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) lena mbeartaítear an méid seo a leanas:
cúlstop don Chiste Réitigh Aonair a thabhairt isteach faoi 2023
go bhféadfaí an cúlstop a thabhairt isteach go luath
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.