Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 25 Feabhra 2022

Na príomhthorthaí

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch: Gné an limistéir euro den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

Mar chuid den athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch, rinne na hairí a marana ar ghné an limistéir euro den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. Nóta saincheisteanna ón ardrúnaíocht a dhírigh an plé.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Aithníonn an Grúpa Euro go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha don limistéar euro agus gur thacaigh an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha lena leachtú. D'éirigh go han-mhaith leis easnaimh sa chuntas reatha a laghdú ach ní mór a admháil nach raibh seo chomh héifeachtach ceanna chun barrachais arda a laghdú.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An tionscadal digiteach euro

Chuir an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach an Grúpa Euro ar an eolas faoin euro digiteach. Chuir BCE staid na himeartha i láthair maidir le cásanna úsáide an euro dhigitigh. D'eisigh an Grúpa Euro ráiteas ansin chun tacú leis an obair a rinne an Eurochóras agus an Coimisiún ar an euro digiteach. Ní mór don obair imscrúdaitheach sin cur le hanailís chúramach chríochnúil agus bainfear tairbhe as tuairimí chomhaltaí an Ghrúpa Euro le linn an phróisis.

An Ghréig

Ba dhíol sásaimh don Ghrúpa Euro aisíocaíochtaí luatha na Gréige i ndáil le hiasachtaí ó Shaoráid Iasachta na Gréige (SIG) agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus d'eisigh sé ráiteas inar leagadh béim ar an tionchar dearfach a bheidh ag na haisíocaíochtaí luatha ar mhargaí poiblí na Gréige agus an comhartha muiníne a bheidh ann do na margaí airgeadais.

Is comhartha an-dearfach é seo don Ghréig, ar léiriú é ar an téarnamh láidir eacnamaíoch ón bpaindéim agus ar chur chun feidhme rathúil na ngealltanas athchóiriúcháin, fiú amháin sna tréimhsí dúshlánacha sin. Tá ráiteas glactha againn inniu ina bhfáiltímid roimh an bhforbairt dhearfach seo. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Athcheapachán Uachtarán Mheitheal an Ghrúpa Euro

Athcheapadh Tuomas Saarenheimo mar Uachtarán Mheitheal an Ghrúpa Euro.

Beidh an euro digiteach mar chomhlánú ar bhoinn agus nótaí bainc euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025