"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí plé téamach ag an nGrúpa Euro maidir le coigeartú eacnamaíoch agus athléimneacht i dtéarmaí fheidhmíocht an limistéir euro le déanaí i gcomparáid le piaraí idirnáisiúnta, bunaithe ar ionchur ón gCoimisiún Eorpach. Ghlac Príomheacnamaí ECFE, Laurence Boone, páirt sa mhalartú tuairimí leis na hairí maidir leis an ábhar sin.
Is é a léirigh an plé seo dúinn ar fad go raibh na hiarrachtaí a rinneamar chun cuidiú le téarnamh gheilleagar na hEorpa ó COVID-19 iomchuí, go raibh siad ar an scála ceart, agus gur chuidigh na hiarrachtaí sin go mór le muintir an Aontais Eorpaigh. Má bhreathnaím ar an áit a bhfuilimid anois, is féidir téarnamh eacnamaíoch a shonrú atá láidir in ainneoin an iliomad rioscaí, an iliomad dúshlán.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Leochaileacht chorparáideach agus forbairtí struchtúracha tar éis COVID-19
Bhí plé téamach ag na hairí maidir le staid sócmhainneachta na hearnála corparáidí agus bearta a d'fhéadfadh a bheith ann chun an t-athstruchtúrú corparáideach agus coigeartú eacnamaíoch sa limistéar euro a éascú sa téarnamh tar éis phaindéim dhomhanda COVID-19.
Phléigh na hairí an dréachtmholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022. Formheasfar an dréachtmholadh sin ag cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 18 Eanáir 2022 agus formhuineofar é ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta. Meastar go nglacfar go críochnaitheach é ag cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais ina dhiaidh sin.
Athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch – gnéithe den limistéar euro
Phléigh na hairí creat fioscach an limistéir euro agus na socruithe le haghaidh cúnamh airgeadais agus faireachas iarchláir. Bhí an plé bunaithe ar phlean oibre an Ghrúpa Euro ina sonraítear a rannpháirtíocht san athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch.
Bhí an chéad phlé substainteach againn maidir leis an ngné den chreat rialachais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro. Agus sa chuid sin dár gcruinniú, chualathas go leor tuairimí ó na rialtais i ndáil le próiseas an dréachtphlean bhuiséadaigh, na nósanna imeachta faireachais atá i bhfeidhm, na rialacha fioscacha, an luach a bhaineann le comhordú na mbeartas eacnamaíoch náisiúnta, agus freisin i ndáil leis an gcaoi ar féidir linn a chinntiú go bhfuil gealltanais i bhfeidhm maidir lenár n-airgeadas náisiúnta, go gcomhlíonfar iad sin agus go ndéanfar maoirseacht thrédhearcach orthu.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Phléigh na hairí staid na himeartha maidir leis an aontas baincéireachta a neartú, go háirithe an bealach chun cinn chun bailchríoch a chur ar phlean oibre comhthola, céimneach agus am-cheangailte i ndáil leis na gnéithe uile atá fós gan réiteach. Rinne na hairí a marana freisin ar dhaingniú chonradh athbhreithnithe an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE).
Sa tréimhse atá romhainn amach, tabharfaidh mé tionscnamh breise chun cinn i ndáil leis an Aontas Baincéireachta lena leagfar amach an chaoi ar mian linn dul chun cinn a bhaint amach agus teacht ar chomhaontú maidir leis na sruthanna agus na comhaid éagsúla oibre. Cuirim i dtábhacht nach é atá i gceist, ag an tráth seo, teacht ar chomhaontú maidir le réimse beartais ar leith laistigh den Aontas Baincéireachta. Is é atá i gceist na tionscadail uile san Aontas Baincéireachta a chur chun cinn agus teacht ar chomhaontú maidir leis an gcaoi a leagfaimid amach iad agus an chaoi a dtabharfaimid fúthu.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro na hairí ar an eolas freisin maidir le Cruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag, agus bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro maidir leis an obair leantach.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.