Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 8 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

Gnáthfhormáid

Forbairtí maicreacnamaíocha

Phléigh an Grúpa Euro forbairtí maicreacnamaíocha, boilsciú san áireamh, agus ionchais bheartais sa limistéar euro. Rinne na hairí a marana ar phraghsanna fuinnimh agus forbairtí boilscithe laistigh den limistéar euro, agus mhalartaigh siad tuairimí ina leith, in oirchill réamhaisnéis an fhómhair ón gCoimisiún.

De réir mar atá an ghníomhaíocht ag tosú an athuair agus an téarnamh ag teacht chun cinn i measc na n-ardgheilleagar, tá na baic atá orainn i roinnt earnálacha dár ngeilleagair ag cur leis an mboilsciú. Cé gur fachtóirí sealadacha is cúis leis an méadú ar phraghsanna den chuid is mó, tá siad beagán níos seasmhaí ná mar a bhíothas ag súil leo ach meastar go n-ísleoidh siad le linn 2022. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Na príomhphointí ó chruinniú an Ghrúpa Euro a bhí ar siúl an 8 Samhain 2021 sa Bhruiséil

An euro digiteach

Phléigh an Grúpa Euro na cuspóirí beartais agus na húsáidí a bhainfí as an euro digiteach i gcomhthéacs luas tapa na digiteála sa gheilleagar domhanda, agus an tionchar a bheidh aige ar an limistéar euro agus ar an airgeadra coiteann. Rinne an Grúpa Euro a marana freisin ar thionscnaimh ghaolmhara agus ar fhorbairtí gaolmhara ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
De réir mar a théann tomhaltóirí agus gnólachtaí i muinín íocaíochtaí leictreonacha, is mian linn a chinntiú go mbeidh rochtain ag ár saoránaigh agus ag gach gníomhaí i gcónaí inár ngeilleagar ar airgead poiblí i raon cásanna. Mar shampla, d’fhéadfadh an euro digiteach réiteach Eorpach a chur ar fáil i gcomhthéacs éilimh mhéadaithe ar mhodhanna malartacha íocaíochta.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Cruinnithe idirnáisiúnta

Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro na hairí ar an eolas faoi na cruinnithe idirnáisiúnta ar ar fhreastail sé i mí Dheireadh Fómhair, (cruinnithe bliantúla do G7, don Bhanc Domhanda agus don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta).

Formáid chuimsitheach

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

Chuir an Coimisiún an t-athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch athsheolta i láthair, ag díriú ar ghné an limistéir euro. Phléigh na hairí an próiseas trína mbreithneoidh cruinnithe an Ghrúpa Euro (agus an Ghrúpa Euro san fhormáid chuimsitheach do mhíreanna ábhartha) an t-athbhreithniú rialachais, agus bhí plé tosaigh acu maidir le conas a d’fhéadfadh an Grúpa Euro aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le comhordú na mbeartas fioscach agus eacnamaíoch laistigh den limistéar euro agus le feidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta i dtimpeallacht eacnamaíoch iar-COVID.

Chomhaontaíomar go léir maidir leis an tábhacht a bhaineann le creat éifeachtach don rialachas eacnamaíoch agus leis an ngá atá le plé a dhéanamh ar shaincheisteanna uileghabhálacha, agus úinéireacht náisiúnta, simpliú agus forfheidhmiú san áireamh. Tríd is tríd, is éard a bheidh i gceist lenár n-iarrachtaí cothromaíocht a bhaint amach idir infheistíochtaí a chuireann leis an bhfás a chothú agus inbhuanaitheacht fhioscach a chinntiú Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Nuashonruithe maidir leis an aontas baincéireachta agus an Ciste Réitigh Aonair

Chuir na hinstitiúidí an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí na tuarascála faireacháin débhliantúla maidir le táscairí laghdaithe riosca. Ina theannta sin, rinne na hairí a marana faoi na hullmhúcháin maidir le tabhairt isteach an chúlstop choitinn don Chiste Réitigh Aonair, mar a comhaontaíodh i mí na Samhna 2020.

Tá an obair theicniúil chun an cúlstop coiteann don Chiste Réitigh Aonair a thabhairt isteach curtha i gcrích. A luaithe a bheidh daingniú an Chonartha lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus an Chomhaontaithe Leasaitheach a ghabhann leis an gcomhaontú idir-rialtasach tugtha chun críche ag na Ballstáit go léir, déanfaimid an chéim dheireanach den nós imeachta chun an cúlstop a chur i bhfeidhm ag tús 2022. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025