Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 6 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Misean CAI faoi Airteagal IV chuig an limistéar euro

Thíolaic an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta toradh a mhisin faoi Airteagal IV chuig an limistéar euro. Is cleachtadh rialta é an t-athbhreithniú ar Airteagal IV ina ndéanann CAI athbhreithniú ar fhorbairtí eacnamaíocha, ina dtéann sé i gcomhairle le lucht ceaptha beartais, agus ina gcuirtear comhairle beartais spriocdhírithe ar fáil.

Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Le teacht chun cinn na n-athraitheach nua COVID, meabhraítear dúinn go bhfuil gá fós le tacaíocht bheartais agus gur cheart dúinn leanúint d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fhorbairtí. Mar sin féin, tá an téarnamh eacnamaíoch láidir go leor anois chun aistriú ó bhearta tacaíochta leathana go bearta níos spriocdhírithe.
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro
Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Moladh maidir leis an limistéar euro

Thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro do 2022, a foilsíodh an 24 Samhain.

Bhí malartú tuairimí ag an nGrúpa Euro maidir leis an togra, agus fillfidh sé ar an ábhar i mí Eanáir 2022.

Dréachtphleananna buiséadacha 2022

Rinne an Grúpa Euro athbhreithniú ar staid eacnamaíoch agus fhioscach Bhallstáit an limistéir euro.

Bunaíodh an plé seo ar thuairimí ón gCoimisiún maidir le dréachtphleananna buiséadacha na 19 mBallstát atá sa limistéar euro agus ar an teachtaireacht ón gCoimisiún ar an measúnú foriomlán a rinneadh ar na dréachtphleananna buiséadacha a foilsíodh an 24 Samhain 2021. Ráiteas eisithe ag an nGrúpa Euro.

Daingnítear sa ráiteas atá eisithe againn a thábhachtaí atá sé tacaíocht fhioscach mheasartha a choinneáil in 2022, agus ag an am céanna a bheith fós sofhreagrúil agus ag cinntiú go bhfuil na bearta spriocdhírithe de réir mar a leanfaimid de bheith ag freagairt do thimpeallacht sláinte a bhíonn ag athrú. Ag an am céanna, tugaimid dár n-aire a thábhachtaí atá sé fás an chaiteachais reatha a rialú, go háirithe i gcás na mBallstát a bhfuil leibhéil arda fiachais acu. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

An 12ú tuarascáil faireachais fheabhsaithe ar nGréig

Phléigh an Grúpa Euro an 12ú tuarascáil faireachais fheabhsaithe ar an nGréig. Sa chomhthéacs seo, chomhaontaigh na hairí go raibh na coinníollacha is gá i bhfeidhm chun scaoileadh leis an séú tráinse de bhearta fiachais atá teagmhasach le beartas. Ráiteas eisithe ag an nGrúpa Euro.

Maidir leis an nGréig, ba dhíol sásaimh dúinn an dul chun cinn a rinneadh maidir le hathchóiriú beartas in ainneoin dhálaí deacra na paindéime agus na ndóiteán uafásach i mí Lúnasa 2021 agus léiríomar ár gcomhaontú polaitiúil maidir le scaoileadh an séú tráinse de bhearta fiachais atá teagmhasach le beartas, ar fiú €767 mhilliún iad. Paschal Donohoe, Uachtarán an Ghrúpa Euro

Faireachas iarchláir

Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an Grúpa Euro ar an eolas faoi phríomhthorthaí na dtuarascálacha faireachais iarchláir ar an gCipir, an Phortaingéil, Éire agus an Spáinn.

Tosaíonn an faireachas iarchláir go huathoibríoch tar éis dheireadh na gclár cúnaimh airgeadais agus leanann ar aghaidh nó go mbíonn 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuarthas íoctha ar ais. Déantar an tuairisciú dhá uair sa bhliain.

Clár oibre an Ghrúpa Euro don chéad leath de 2022

Ghlac an Grúpa Euro an clár oibre don chéad leath den bhliain seo chugainn, lena gcumhdaítear an tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh.

Aon ghnó eile

Tar éis chruinniú an Ghrúpa Euro, d’iarr Uachtarán an Ghrúpa Euro ar airí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais uile an Aontais freastal ar dhinnéar neamhfhoirmiúil, chun an t-aontas baincéireachta agus an t-ullmhúchán do Chruinniú Mullaigh Euro mhí na Nollag a phlé.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025