Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 25/11/2014, 25 Samhain 2014

Tugann an Chomhairle aghaidh ar Bheartas Closamhairc na hEorpa san Aois Dhigiteach

Ag an gcruinniú a bhí aici sa Bhruiséil an 25 Samhain, ghlac an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt Conclúidí maidir le beartas closamhairc na hEorpa san aois dhigiteach.

Aithnítear sna Conclúidí sin an éifeacht mhór a bhí ag an réabhlóid dhigiteach ar an réimse closamhairc. Leagtar béim ar an ngá le margadh aonair dinimiciúil d'inneachar closamhairc a chomhlíonfadh an t-éileamh ó shaoránaigh, ó sholáthraithe inneachair agus ó shealbhóirí na gceart, agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga á áirithiú ag an am céanna.

Sainítear trí phríomhchuspóir sna Conclúidí:

  • soláthar inneachair ar ardchaighdeán a éascú
  • éileamh an lucht féachana a shásamh trí rochtain thráthúil, trasteorann a áirithiú ar inneachar
  • comhionannas coinníollacha a áirithiú do gach soláthraí seirbhísí de na meáin chlosamhairc

De bhreis air sin, tugtar aghaidh sna Conclúidí ar an timpeallacht nua ghnó, ar rochtain ar mhaoiniú, ar mhaoiniú poiblí, ar litearthacht meán agus scannán agus ar oidhreacht scannán. Iarrtar freisin sna Conclúidí go ndéanfar athbhreithniú láithreach ar an Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc agus go ndéanfar creat cóipchirt an Aontais a nuachóiriú.

Príomhábhair eile ar an gclár oibre

Ghlac na hairí Conclúidí lena mbunaítear Plean Oibre don Chultúr (2015-2018). Sa Phlean Oibre sin leagtar amach ceithre réimse tosaíochta: cultúr a mbeadh teacht ag daoine air, an oidhreacht chultúrtha, an geilleagar cruthaitheach agus an nuáil, agus éagsúlacht chultúrtha. Déantar iad sin a chomhlánú le dhá théama trasearnálach: an t-athrú digiteach agus staitisticí.

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis na nithe seo a leanas chomh maith:

  • rialachas rannpháirteach ar an oidhreacht chultúrtha
  • an spórt mar spreagadh don nuáil agus don fhás eacnamaíoch

Bhí plé ag na hairí maidir leis an méid a chuireann na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheachta le cuspóirí Eoraip 2020, i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarmaigh ar an straitéis sin. Bhí díospóireacht acu freisin maidir le bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh chun spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn ag aois scoile.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025