Skip to content
  • An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 23-24/11/2015, 23-24 Samhain 2015

Na príomhthorthaí

An Óige agus an tOideachas, an 23 Samhain

Bhí géarchéim reatha na n-imirceach agus na dteifeach ina théama coiteann i bplé uile na Comhairle inniu. Phléigh dhá fhoirmíocht na Comhairle ceisteanna a raibh baint acu leis an imirce, go háirithe sna díospóireachtaí faoi chúrsaí beartais

  • ról an bheartais i ndáil leis an óige agus an obair don óige ó thaobh na himirce de: labhair na hAirí faoina thábhachtaí atá sé an comhar trasearnálach a láidriú, go háirithe in earnálacha an oideachais, na hóige, an chultúir agus na spórt.
  • straitéisí oideachais agus oiliúna chun imircigh nuathagtha agus daoine de bhunadh na himirce a imeascadh: leag na hAirí béim ar a riachtanaí a bhí sé go n-aithneofaí inniúlachtaí na n-imirceach nuathagtha agus go n-eagrófaí dianchúrsaí teanga chun cabhrú leis na neamhionannais shóisialta a chúiteamh.
Is féidir imeallú agus radacú daoine óga a chosc má dhéantar luathfhágáil na scoile a laghdú agus má chuirtear ar chumas gach duine óig bheith páirteach sa sochaí seo againne, agus deis á tabhairt dóibh ár gcomhluachanna Eorpacha a chothú” Claude Meisch, Aire Oideachais agus Óige Lucsamburg

Bhí nóiméad tosta freisin ag an gComhairle mar chomhartha ómóis d’íospartaigh ionsaithe Pháras. Chuir na hAirí ar fad a gcuid comhbhróin in iúl do Najat Vallaud-Belkacem, Aire Oideachais na Fraince, agus do ghaolta uile íospartaigh na n-ionsaithe a rinneadh i bPáras an 13 Samhain.

De réir an Aire, Claude Meisch, “Is féidir imeallú agus radacú daoine óga a chosc má dhéantar luathfhágáil na scoile a laghdú agus má chuirtear ar chumas gach duine óig bheith páirteach sa sochaí seo againne, agus deis á tabhairt dóibh ár gcomhluachanna Eorpacha a chothú.”

An Óige

Ghlac an Chomhairle Tuarascáil 2015 an Aontais maidir leis an Óige i ndáil le cur chun feidhme an Chreata Athnuaite don Chomhar Eorpach i Réimse na hÓige (2010-2018).

Sa tuarascáil chomhpháirteach seo ón gCoimisiún agus ón gComhairle, déantar meastóireacht ar an dul chun cinn a rinneadh faoi chreat an chomhair sa tréimhse 2013-2015. Déantar measúnú freisin ar chur chun feidhme an “idirphlé stuchtúraithe” le daoine óga agus cuirtear moltaí nua beartais ar fáil mar aon le tosaíochtaí nua don chéad tréimhse trí bliana eile (2016-2018).

Ghlac an Chomhairle dhá Rún maidir le

  • Plean nua Oibre don Óige de chuid an Aontais (2016-2018) ina bhféachtar cén chaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapúla ar na hardrátaí dífhostaíochta i measc na n-óg agus ar iarmhairtí na géarchéime ar dhaoine óga.
  • daoine óga a spreagadh le bheith rannpháirteach i bpolaitíocht dhaonlathach na hEorpa, arb é a bhí mar thosaíocht do thimthriall reatha an idirphlé struchtúraithe.

Oideachas

Ghlac an Chomhairle Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 maidir le cur chun feidhme an Chreata Straitéise le haghaidh comhar Eorpach maidir le hOideachas agus le hOiliúint (ET 2020) (2010-2020)

Sa Tuarascáil, meastar an dul chun cinn a rinneadh le linn an timthrialla oibre is déanaí (2012-2014) agus déantar measúnú freisin ar an gcreat ET 2020 anois agus é leathbhealaigh i dtreo a cheann scríbe, agus déantar moltaí i ndáil lena choigeartú.

Leis na príomhthosaíochtaí a leagadh amach don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint do na 5 bliana go dtí 2020, táthar ag iarraidh a chinntiú go ndéanfaidh na córais oideachais agus oiliúna an infhostaitheacht, scileanna agus an nuáil a chur chun cinn, an soghluaisteacht agus an comhionannas sóisialta a mhéadú, go gcabhrófar leis an radacu a sheachaint agus go leagfar síos na bunchlocha do luachanna daonlathacha agus don tsaoránacht ghníomhach.

Cultúr agus Spórt, an 24 Samhain

Ba théama coiteann é géarchéim reatha na n-imirceach agus na dteifeach freisin sa phlé sa dara lá de chruinniú na Comhairle (24 Samhain). Bhí na cúrsaí sin go mór chun cinn, go háirithe sna díospóireachtaí seo a leanas:

  • gníomhaíocht chomhchoiteann i gcoinne scrios agus gáinneáil neamhdhleathach ar an oidhreacht chultúrtha i limistéir choinbhleachta: thuig na hAirí tábhacht shiombalach na hoidhreachta cultúrtha ó thaobh féiniúlachta de agus ó thaobh na mbealaí a gcuireann sí leis an idirphlé idirchultúrtha. D’iarr siad go mbeadh a thuilleadh comhair ann idir na Ballstáit ar gach leibhéal
  • acmhainneacht oideachasúil an spóirt ó thaobh cabhrú le daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, imircigh san áireamh, a n-áit a aimsiú sa tsochaí. Bhí na hAirí ar aon intinn faoina thábhachtaí atá an spórt, ní hamháin ó thaobh an t-idirphlé idir cultúir dhifriúla san Aontas Eorpach, ach freisin mar chabhair do na beartais don imeascadh sóisialta.

Cultúr

Sa phlé ar chúrsaí Cultúir, díríodh go príomha ar an gcaoi a bhféadfadh an cultúr cur le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh. Ghlac na hAirí Conclúidí maidir leis an gcaoi inar féidir leis an gcomhar don fhorbairt agus an t-idirphlé idirchultúrtha cur le himeascadh na n-imirceach agus na dteifeach.

Leagann na Conclúidí sin amach cé chomh tábhachtach atá sé go mbeadh cur chuige níos cuimsithí ann don chultúr, cur chuige a bheadh bunaithe ar an dlúthpháirtíocht dhomhanda. Iarrtar ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí cur chuige straitéiseach don chultúr a chur faoi bhráid na Comhairle agus treoirphrionsabail a leagan síos.

Dúradh gur cheart go dtabharfaí aghaidh, sa chur chuige sin, ar dhúshláin reatha na Comhairle, amhail géarchéim na himirce, an radacú agus méadú na seineafóibe.

Na Conclúidí seo maidir leis an idirphlé idirchultúrtha, is iad de chreat an Phlean Oibre don Chultúr, arb é is aidhm leis feabhas a chur ar an gcomhthuiscint idir an tír aíochta agus na himircigh, agus is cuid iad freisin den fhreagairt don ghlao ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2015 go ndéanfaí straitéis níos leithne a fhorbairt don imirce.

Féadfaidh an spórt feidhmiú, agus go deimhin, feidhmíonn sé, mar mheán chun daoine, go háirithe daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, a imeascadh i sochaí an lae inniu. Trí na cleachtais is fearr sa réimse seo a roinnt lena chéile, is féidir linn deis dul chun cinn a thabhairt do dhaoine óga” Roman Schneider, Aire Spórt Lucsamburg

Spórt

Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an spórt agus gníomhaíochtaí coirp a chur chun cinn do pháistí, lenar iarradh ar na Ballstáit an pobal a chur ar an eolas faoi bhuntáistí na gníomhaíochta rialta coirp ón luath-óige ar aghaidh, agus chun stil mhaireachtála ghníomhach a chur chun cinn i measc páistí.

Phléigh na hAirí freisin bealaí chun acmhainneacht oideachasúil an spóirt a fhorbairt, go mór mór ó thaobh daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, imircigh agus teifigh nuathagtha san áireamh, a imeascadh.

Labhair beirt aoichainteoirí faoi chumas oideachasúil an spóirt: Ba iad Edwin Moses, iar-churadh Oilimpeach atá anois ina Uachtarán ar Ghníomhaireacht Fhrithdhópála na Stát Aontaithe agus ina Chathaoirleach freisin ar Choiste Oideachais na Gníomhaireachta Domhanda Frithdhópála, agus Mathieu Murrell ó Phríomhshraith Sacair Shasana.

Labhair an bheirt acu faoi shamplaí inar ndearnadh an t-oideachas agus an spórt a chur i dtoll a chéile ar bhealach rathúil. Mar sin féin, dúirt siad beirt freisin gur meán seachas cuspóir é an spórt agus gur gá an-bhéim a chur ar an oideachas agus an fhostaíocht i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Arsa an tAire Schneider: "Féadfaidh an spórt feidhmiú, agus go deimhin, feidhmíonn sé, mar mheán chun daoine, go háirithe daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste, a imeascadh i sochaí an lae inniu. Trí na cleachtais is fearr sa réimse seo a roinnt lena chéile, is féidir linn deis dul chun cinn a thabhairt do dhaoine óga”.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025