- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 12/12/2014, 12 Nollaig 2014
Aghaidh á tabhairt ag an gComhairle ar an bhfiontraíocht san oideachas agus san oiliúint
Ag an gcruinniú a bhí acu an 12 Nollaig 2014, ghlac na hAirí conclúidí maidir le fiontraíocht san oideachas agus san oiliúint.
Sonraítear sna conclúidí sin go n-éilítear leis an bhfiontraíocht go bhforbraítear sraith inniúlachtaí, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu ar gach leibhéal oideachais agus oiliúna. Tugann siad dá n-aire freisin a thábhachtaí atá sé na naisc idir an córas oideachais agus saol an ghnó a neartú.
Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht atá ag gabháil le Erasmus + maidir le tacú le hoideachas fiontraíochta agus an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní Eorpacha eile, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa.
Ítimí eile ar an gclár oibre
Bhí díospóireacht ag an gComhairle maidir leis an bpríomhról atá ag an oideachas agus ag an oiliúint maidir leis an bhfás eacnamaíoch. Is éard atá sa díospóireacht sin an méid a rinne earnáil an oideachais chun cuidiú leis an athbhreithniú lár-théarma ar straitéis Eoraip 2020.
Ina theannta sin, rinne na hAirí plé ar chur chuige earnála maidir le beartais don ógra, mar uirlis chun dul i ngleic le dúshláin shocheacnamaíocha ar bhealach níos fearr. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle conclúidí freisin maidir le rochtain daoine óga ar chearta a chur chun cinn chun a neamhspleáchas agus a rannpháirtíocht sa tsochaí shibhialta a chothú.
Conclúidí ón gComhairle maidir le rochtain daoine óga ar chearta a chur chun cinn chun a neamhspleáchas agus a rannpháirtíocht sa tsochaí shibhialta a chothú.
Ag cruinniú neamhfhoirmiúil le linn an lóin, bhí díospóireacht ag na hAirí maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cur leis an mbreisluach atá ar chláir shoghluaisteachta san ardoideachas.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025