- An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle um Oideachas, An Óige, Cultúr agus Spórt, 18-19/05/2015, 18-19 Bealtaine 2015
Na príomhthorthaí
Rinne na hAirí measúnú ar an méid atá bainte amach leis an gcomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (“ET 2020”), agus phléigh siad an fhorbairt a dhéanfar air amach anseo mar ullmhúchán don mheasúnú meántéarma agus do thuarascáil chomhpháirteach 2015.
Is é ET 2020 an príomhchreat atá ann ar an leibhéal Eorpach a chabhraíonn leis na Ballstáit a gcuid córas oideachais agus oiliúna a nuachóiriú, agus ar an gcaoi sin rannchuidítear leis na tosaíochtaí polaitiúla foriomlána sin a leagtar amach faoi Straitéis Eoraip 2020.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an obair don aos óg a atreisiú, ina leagtar béim ar an méid a chuidíonn an obair sin le forbairt phearsanta, le cuimsiú sóisialta, le saoránacht ghníomhach agus le héagsúlacht chultúrtha.
Phléigh na hAirí freisin conas a d'fhéadfaí rannpháirtíocht pholaitiúil daoine óga i saol daonlathach na hEorpa a fheabhsú.
Is dúshlánanch an domhan atá i ndán do chéimithe sa lá atá inniu ann - is ag dul i méid atá tionchar na réabhlóide digití ar ár ngeilleagair agus ní mór dúinn a áirithiú go soláthróidh an t-oideachas na scileanna is gá, ag tosú go luath. Mar sin féin, baineann an t-oideachas le níos mó ná an margadh saothair amháin. Mārīte Seile, Aire na Laitvia um Oideachas agus Eolaíocht
Phléigh na hAirí tuairimí freisin maidir leis an obair leantach tar éis an dearbhú a rinne na hAirí Oideachais ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu i bPáras i mí an Mhárta 2015, agus chuir siad béim ar an ról ríthábhachtach nach mór a bheith ag earnálacha an oideachais agus na hóige chun cosc a chur ar an radacú agus chun luachanna comhchoiteanna na hEorpa a chur chun cinn.
Dhearbhaigh an tAire Mārīte Seile an méid seo a leanas:
“Is dúshlánach an domhan atá i ndán do chéimithe sa lá atá inniu ann - is ag dul i méid atá tionchar na réabhlóide digití ar ár ngeilleagair agus ní mór dúinn a áirithiú go soláthróidh an t-oideachas na scileanna is gá, ag tosú go luath. Mar sin féin, baineann an t-oideachas le níos mó ná an margadh saothair amháin. Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas maidir le sochaithe comhtháite agus inbhuanaithe a chruthú agus maidir le saoránaigh a ullmhú do nithe anaithnid. Áirithítear leis go ndéantar na luachanna cultúrtha agus sibhialta atá againn a roinnt leis an nglúin a bheidh ann amach anseo."
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le Beartas Closamhairc na hEorpa, a bheidh ann amach anseo, tar éis chur i láthair na teachtaireachta a thíolaic an Coimisiún le déanaí faoi "Straitéis don Eoraip maidir le Ríomh-Mhargadh Aonair". Díríodh ar dhá shaincheist le linn na díospóireachta:
- gnéithe closamhairc na Straitéise maidir le Ríomh-Mhargadh Aonair
- feidhmiú na Treorach maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc sa staid gheopholaitíochta atá ann faoi láthair
Phléigh na hAirí na dúshláin don lucht déanta beartais agus do na rialaitheoirí maidir le ríomh-mhargadh aonair inar gá éagsúlacht agus ardcháilíocht na tairisceana digití a áirithiú, chomh maith le coinníollacha comhionanna do soláthraithe seirbhíse uile na meán closamhairc.
Scrúdaigh siad bealaí freisin chun mí-úsáid na saoirsí a ráthaítear leis an Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc (“saoirse faisnéise, saoirse agus iolrachas na meán, oscailteacht an idirlín agus éagsúlacht chultúrtha agus teanga) d’fhonn cuspóirí leasa phoiblí na slándála agus na cobhsaíochta a áirithiú.
Ghlac an Chomhairle cinneadh freisin lena n-ainmnítear Plovdiv (an Bhulgáir) agus Matera (an Iodáil) mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa in 2019.
Dhearbhaigh Dace Melbārde an méid seo a leanas: "Is é ceann de na saincheisteanna ar gá aird a thabhairt uirthi láithreach sa lá atá inniu ann maidir le Beartas Closamhairc na hEorpa, conas is féidir cothromaíocht a bhaint amach idir an tsaoirse chainte agus cuspóirí leasa phoiblí na slándála agus na cobhsaíochta, agus ag an am céanna á dheimhniú go mbeidh cúrsaí closamhairc san Eoraip fós iomaíoch agus éagsúil ó thaobh an chultúir".
Sa seisiún a bhí aici maidir leis an spórt, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an ról atá ag spórt an phobail maidir le scileanna idirdhisciplíneacha a fhorbairt, go háirithe i measc daoine óga. Déantar iniúchadh sna Conclúidí ar an gcaoi ar féidir gníomhaíochtaí deonacha sa spórt, mar fhoghlaim neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil, cuidiú le daoine óga scileanna agus inniúlachtaí a fháil lena gcomhlánaítear an t-oideachais foirmiúil agus lena bhfeabhsaítear a n-infhostaitheacht.
Chuir an tAire Mārīte Seile an méid seo in iúl: "Le spórt an phobail, cuidítear le forbairt phearsanta agus le scileanna amhail an smaointeoireacht chriticiúil agus réiteach fadhbanna. Tá buntáistí nach beag ag gabháil leis mura ndéanfar ach infheistíocht bheag ann fiú agus gan aon chúlra oiliúna ar leith."
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Clár táscach, An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 18-19 Bealtaine 2015
- Clár oibre sealadach, An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, an 18-19 Bealtaine 2015
- List of A items, non legislative activities, Education, Youth Culture and Sport Council, 18-19 May 2015
- Background brief
- Liosta de na rannpháirtithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EYCS
Cruinnithe eile: An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025