- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/01/2016, 18 Eanáir 2016
Na príomhthorthaí
Iarrann an tAontas ar gach páirtí sa réigiún an roscaireacht agus na gníomhartha a mhaolú agus iarracht a dhéanamh an teannas a cheansú nó a díghéarú, agus go háirithe an próiseas ríthábhachtach, ach fíorleochaileach seo, a gcuireamar tús leis go díreach cúpla mí ó shin le deireadh a chur leis an gcoinbhleacht sa tSiria, a chosaint. Sin a dúirt Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
An tSiria
Phléigh an Chomhairle an tSiria agus an méid a tharla sa réigiún. Chuir sí in iúl go dtacaíonn sí go hiomlán le Rún 2254 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe lena bhformhuinítear "treochlár" do phróiseas síochána sa tSiria agus ina leagtar amach clár ama do chainteanna. Phléigh sí freisin seasamh an Aontais roimh chomhdháil de chuid deontóirí na Siria a bheidh ar siúl i Londain ar an 4 Feabhra 2016. Cháin sí na hionsaithe ar rinneadh ar shaoránaigh agus leag sí béim ar an tábhacht a bhaineann le bearta cothaithe muiníne faoi stiúir na Náisiún Aontaithe.
Chaith Nasser Judeh, Aire Gnóthaí Eachtracha na hIordáine, lón le hAirí an Aontais le plé a dhéanamh ar chaidrimh dhéthaobhacha, d'fhonn iad a neartú tuilleadh, agus phléigh siad an cás sa réigiún freisin.
An Libia
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir leis an Libia, inar chuir sí in iúl gur thacaigh sí go hiomlán leis an gcomhaontú polaitiúil a síníodh ar an 17 Nollaig 2015 agus inar fáiltíodh roimh bhunú na Comhairle Uachtaránachta. Tacóidh an tAontas agus a Bhallstáit le Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta mar an t-aon rialtas dlisteanach amháin sa Libia, agus iad ag áitiú ar institiúidí uile na Libia glacadh le húdarás Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta.
Próiseas Síochána an Mheánoirthir
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le próiseas síochána an Mheánoirthir, ina ndearbhaíonn sí arís go dtacaíonn sí leis na hiarrataí ón gCeathairéad go nglacfaí céimeanna suntasacha d'fhonn muinín a athshealbhú agus iontaoibh a athchruthú. Mheabhraigh sí go bhfuil sí toilteannach níos mó oibre a dhéanamh leis na comhpháirtithe réigiúnacha, bunaithe ar an Tionscnaimh Síochána Arabach. Arsa Federica Mogherini "is bonn maith iad na Conclúidí ón gComhairle dár gcomhsheasamh agus don obair atá á déanamh againn leis na rannpháirtithe ar an talamh i bpróiseas síochána an Mheánoirthir, agus le gníomhaithe agus comhpháirtithe idirnáisiúnta freisin."
An Iaráin
Ar deireadh, cé nach raibh an Iaráin ar an gclár oibre, thug an tArdionadaí an t-eolas is déanaí do na hAirí faoi shocrú núicléach na hIaráine. "Táimid den tuairim freisin go bhfuil uair na cinniúna tagtha, ní amháin ó thaobh slándála agus cobhsaíochta sa réigiún; réitítear bealaí nua don chomhar déthaobhach leis an socrú", a dúirt sí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18/01/2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Eanáir 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Eanáir 2016
- Aguisín 1 a ghabhann le liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (CGE), 18 Eanáir 2016
- Aguisín 2 a ghabhann le liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 18 Eanáir 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2025