Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 18 Eanáir 2016 11:00

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Libia

1.       Tacaíonn an tAontas go hiomlán leis an gcomhaontú polaitiúil maidir leis an Libia, a síníodh ar an 17 Nollaig 2015. Is díol sásaimh dó gur bunaíodh an Chomhairle Uachtaránachta, arb é Fayyez al-Sarraj atá mar chathaoirleach uirthi. Meabhraíonn an tAontas gur thacaigh an Chomhairle Slándála le Communiqué na Róimhe ar an 13 Nollaig 2015 trí Rún 2259, a glacadh d'aon toil ar an 23 Nollaig 2015. Tacóidh an tAontas agus a Bhallstáit le Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta mar an t-aon rialtas dlisteanach amháin sa Libia agus áitíonn siad ar institiúidí uile na Libia, na cinn airgeadais agus eacnamaíocha san áireamh, glacadh le húdarás Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta. Le Rún 2259 meabhraíonn an tAontas go n-iarrtar ar gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe gan tacú le hinstitiúidí comhthreomhara a thuilleadh agus deireadh a chur leis an teagmháil oifigiúil leis na hinstitiúidí sin, ar institiúidí iad a éilíonn gurb iad an t-údarás dlisteanach ach atá lasmuigh den Chomhaontú de réir mar a shonraítear sa Chomhaontú féin.

2.       Leagann an tAontas béim ar an úinéireacht atá ag an Libia ar an bpróiseas polaitiúil agus ar a thábhachtaí agus atá sé go leanfar den chuimsitheacht, trí rannpháirtíocht leantach ó mhná, ón tsochaí shibhialta agus ó ghníomhaithe polaitiúla áitiúla san áireamh. Molann an tAontas do gach páirtí sa Libia an deis seo a thapú tacú leis an gComhaontú agus a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Iad siúd a chuireann bac ar chur chun feidhme an chomhaontaithe pholaitiúil, tabharfar chun cuntais iad.

3.       Molann an tAontas an obair atá ar bun ag Misean Tacaíochta na Náisiún Aontaithe sa Libia (UNSMIL) agus ag Ionadaí Speisialta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus athdhearbhaíonn sé go dtacaíonn sé go hiomlán leis an obair sin.

4.       Iarrann an tAontas go nglacfar an leasú ar dhearbhú bunreachtúil 2011 go tráthúil agus áitíonn sé ar an gComhairle Uachtaránachta Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta a bhunú, a bheidh le formheas ag Teach na nIonadaithe mar a fhoráiltear sa chomhaontú polaitiúil maidir leis an Libia. Is díol sásaimh don Aontas an cinneadh Coiste Sealadach Slándála a bhunú chun gurbh fhusa na socruithe slándála a leagtar amach sa Chomhaontú Polaitiúil maidir leis an Libia a chur chun feidhme agus iarrann sé ar ghníomhaithe uile na Libia tacú agus comhoibriú leis an gCoiste. Leagann sé béim ar a phráinní atá sé go gcuirfear bailchríoch ar na socruithe slándála i dTripilí.

5.       Cáineann an tAontas go láidir na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí in Zliten agus na hionsaithe sceimhlitheoireachta i gcoinne suiteálacha ola sa Libia, agus cáineann sé gach iarracht a dhéantar chun cobhsaíocht na Libia a chur as riocht. Leis na hionsaithe sin agus an láidreacht mhéadaithe atá ag Daesh agus ag grúpaí antoisceacha eile, aibhsítear a phráinní agus atá sé go gcuirfear an comhaontú polaitiúil maidir leis an Libia chun feidhme agus, go háirithe, go mbunófar Rialtas an Chomhaontaithe Náisiúnta mar an t-aon bhealach amháin leis an Libia a chur ar chonair na síochána, na cobhsaíochta agus an rathúnais agus le dul i ngleic leis na bagairtí agus na dúshláin atá os comhair na Libia ar bhealach éifeachtach, an sceimhlitheoireacht agus an gháinneáil ar dhaoine san áireamh, agus a haontacht a chaomhnú ag an am céanna. Tá an tAontas réidh le tacaíocht a thabhairt don Libia sa chomhrac i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh.

6.       Athdhearbhaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go bhfuil siad iomlán tiomanta tacú leis an Libia agus le cur chun feidhme iomlán an chomhaontaithe, agus iad ag obair i ndlúthpháirtíocht le Rialtas nua an Chomhaontaithe Náisiúnta a luaithe agus a bhunófar é.  Tá pacáiste tacaíochta láithrí agus suntasaí ag an Aontas ar fiú EUR 100m é i roinnt réimsí éagsúla.  Tabharfar tús áite do chur chun feidhme agus do luas na ngníomhartha aonair i ndlúthchomhar le húdaráis na Libia mar a phléigh an tArd-Ionadaí in éineacht leis an gComhairle Uachtaránachta iad ag an gcruinniú a bhí acu ar an 8 Eanáir 2016. Leanfaidh an tAontas Eorpach de chúnamh a thabhairt trí eagraíochtaí daonnúla ar bhealach prionsabailbhunaithe, chomh maith le cúnamh gearrthéarma a thabhairt a rachaidh díreach chun tairbhe do mhuintir na Libia atá i ngátar; bheadh sé níos éasca an cúnamh sin a thabhairt dá mbeadh dálaí slándála níos fearr ar an talamh.  Tá an tAontas réidh, freisin, le machnamh a dhéanamh faoi thacú le húdaráis na Libia, más rud é go n-iarrann siad sin, chun go ndéanfar athchóiriú ar an earnáil slándála, go suntasach trí oiliúint agus comhairle a thabhairt.

7.       Iarrann an tAontas ar gach páirtí sa Libia a áirithiú go mbeidh rochtain gan bhac ag an lucht daonnúil agus go mbeidh oibreoirí cúnaimh dhaonnúil slán sábháilte chun gur fusa a bheidh sé cúnamh a thabhairt do shibhialtaigh atá i ngátar agus iad a chosaint. Iarrann an tAontas go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil atá ag donú léi. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh don Aontas plean na Náisiún Aontaithe maidir le freagairt dhaonnúil.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024