- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 18 Eanáir 2016 18:30
Conclúidí ón gComhairle maidir le Próiseas Síochána an Mheánoirthir
1. Is mór is cás leis an gComhairle an líon mór daoine a básaíodh de bharr an fhoréigin leanúnaigh in Iosrael agus sa chríoch Phalaistíneach le roinnt míonna anuas. Cáineann an tAontas Eorpach go láidir na hionsaithe sceimhlitheoireachta agus an foréigean ó gach taobh, in imthosca ar bith, lena n-áirítear na hionsaithe sin inar maraíodh leanaí. Iarrann an tAontas ar na ceannairí polaitiúla oibriú bonn araon ar bhealach infheicthe le go bhféadfar cúrsaí a shéimhiú agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an teannais. Meabhraíonn an tAontas go mbaineann tábhacht ar leith leis na suíomhanna naofa agus iarrann sé go seasfaí leis an status quo a cuireadh i bhfeidhm i 1967 maidir le Cnoc an Teampaill / al-Haram al-Sharif, i gcomhréir lenar comhaontaíodh roimhe seo i ndáil le ról speisialta na hIordáine.
2. Forálann an tAontas ar na páirtithe uile staonadh ó gach gníomh lena gcuideofaí le lasair eile a chur sa bharrach trí ghríosú nó trí shaighdeadh agus iarrann sí ar na páirtithe uile gach ionsaí a cháineadh agus cloí go docht le prionsabail an ghá agus na comhréireachta ach a dtéann siad i muinín an fhornirt. Tréaslaíonn sé leis an dá thaobh as leanúint den chomhordú slándála in ainneoin go bhfuil a seacht ndúshlán á dtabhairt. Is díol sásaimh don Aontas an dul chun cinn atá déanta ar imscrúdú Duma agus iarrann sé ar Iosrael an dlí a chur ar gach aon duine de lucht na lonnaíochta a thaobhaíonn leis an bhforéigean. Iarrann an tAontas freisin ar an dá thaobh cur i gcoinne, go comhpháirteach agus go diongbháilte, an ghríosaithe agus na fuathchainte, mar shampla trí mheicníocht a bhunú chun dul i gcomhairle le chéile faoin ngríosú, i gcomhréir leis na gealltanais a thug siad roimhe seo.
3. Tá an tAontas cinnte nach féidir stop a chur leis an bhforéigean ach amháin trí fhís pholaitiúil a athbhunú agus trí atosú ar an idirphlé. Ní leor bearta slándála le stop a chur leis an bhforéigean. Is gá aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na coinbhleachta. Athdhearbhaíonn an tAontas go dtacaíonn sé le hiarratais an Cheathairéid go nglacfaí céimeanna suntasacha claochlaitheacha, a bheadh ar aon dul leis an aistriú a beartaíodh i gcomhaontuithe a bhí ann roimhe seo, d'fhonn muinín a thabhairt ar ais agus iontaoibh a athchruthú. Forálann an tAontas ar an dá thaobh na bearta sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Má dhéanann Iosrael athrú ó bhonn ar an mbeartas maidir leis an gcríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil, go háirithe i limistéar C, méadófar go mór ar na deiseanna eacnamaíocha, cumhachtófar na hinstitiúidí Palaistíneacha agus cuirfear leis an gcobhsaíocht agus leis an tslándáil do na hIosraelaigh agus do na Palaistínigh araon.
4. Tá an tAontas Eorpach aontaithe ina thiomantas i ndáil le réiteach dhá stát a bhaint amach - bunaithe ar pharaiméadair a leagadh amach i gConclúidí Iúil 2014 ón gComhairle- lena bhfreastalófaí ar riachtanais slándála Iosrael agus na Palaistíne agus ar mhian na Palaistíne stát a bhunú agus ceannasacht a bhaint amach, lena gcuirfí deireadh leis an bhforghabháil a thosaigh i 1967, agus lena réiteofaí na ceisteanna uile faoi stádas buan d'fhonn deireadh a chur leis an gcoinbhleacht. Cuireann sé go láidir i gcoinne gach aon ghníomh a bhaineann an bonn d'inmharthanacht an réitigh dhá stát agus agraíonn sé an dá thaobh a thaispeáint, trí bheartais agus trí ghníomhartha, go bhfuil siad tiomanta, dáiríre, do réiteach dhá stát chun go n-athchruthófar iontaoibh agus chun go bhféadfar dul i gceann idirphlé, a mbeadh ciall leis, an athuair. Chuige sin, fairfidh an tAontas go géar gach a dtarlaíonn ar an láthair mar aon leis na himpleachtaí ginearálta a bheidh aige agus féachfaidh sé an gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar mhaithe le hinmharthanacht an réitigh dhá stát a chosaint, inmharthanacht a bhíonn faoi bhrú i gcónaí lena mbíonn ag titim amach ar an láthair.
5. Beidh gá le hiarracht chomhchoiteann idirnáisiúnta níos mó chun síocháin chothrom, bhuan a bhaint amach agus deireadh a chur leis na héilimh. Oibreoidh an tAontas go gníomhach sa réigiún féin agus i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht a Ionadaí Speisialta, leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear na comhpháirtithe sa Cheathairéad, go háirithe na Stáit Aontaithe, chun cur chuige iltaobhach athnuaite a fhorbairt don phróiseas síochána. Ag meabhrú dó spiorad an idirphlé agus an chomhair a bhí le brath ag Comhdháil Mhaidrid 25 bliana ó shin, dhá bhealach a bhféadfaí oibriú ina threo sin is ea Grúpa Idirnáisiúnta Tacaíochta a bhunú agus comhdháil idirnáisiúnta eile a eagrú. Meabhraíonn an tAontas go bhfuil sé sásta tuilleadh caidrimh a bheith aige leis na comhpháirtithe réigiúnacha, arna bhunú ar an Tionscnamh Síochána Arabach, trína gcuirtear na príomheilimintí ar fáil chun an choinbhleacht Arabach-Iosraelach a réiteach chomh maith le deiseanna chun creat slándála réigiúnach a thógáil.
6. Meabhraíonn an tAontas go bhfuil sé mar bhunchloch don tsíocháin agus don tslándáil sa réigiún go gcloífeadh na Stáit agus na gníomhaithe nach gníomhaithe Stáit iad, leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, lena n-áirítear an chuntasacht. Iarrann an tAontas go gcosnófaí leanaí, lena n-áirítear tríd an gceart chun oideachas a áirithiú i dtimpeallacht scoile atá slán agus sábháilte araon. Aibhsíonn an Chomhairle a thábhachtaí atá sé go bhféadfadh an tsochaí shibhialta in Iosrael agus sa chríoch Phalaistíneach atá faoi fhorghabháil oibriú gan chontráil agus amharcann sí go himníoch ar a bhfuil tarlaithe le déanaí i ndáil leis sin.
7. Ag meabhrú dó go bhfuil lonnaíochtaí mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta, go gcuireann siad bac ar an tsíocháin agus go bhfuil baol ann de bharr na lonnaíochtaí nach mbeidh sé indéanta an réiteach dhá stát a bhaint amach, athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé go mór i gcoinne bheartas lonnaíochta Iosrael agus i gcoinne na ngníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs an bheartais sin, lena n-áirítear an bac deighilte a tógadh lastall de líne 1967, an leagan agus an coigistiú a dhéantar - lena n-áirítear ar thionscnaimh arna maoiniú ag an Aontas (amhail - Al Hadidiya agus Abu Nwar), an díshealbhú, an t-aistriú éigeantach ar Bheidiúnaigh agus ar dhaoine eile, na hurphoist mhídhleathacha, foréigean an lucht lonnaíochta, agus na srianta ar ghluaiseacht agus ar rochtain. Forálann sé ar Iosrael deireadh a chur leis an ngníomhaíocht lonnaíochta go léir agus na hurphoist a tógadh ó mhí Márta 2001 i leith a bhaint anuas, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagadh uirthi roimhe seo. Mar gheall ar an ngníomhaíocht lonnaíochta in Iarúsailéim Thoir táthar go mór in amhras go bhféadfadh Iarúsailéim a bheith ina príomhchathair ag an dá Stát amach anseo.
8. Tá rún daingean ag an Aontas agus ag na Ballstáit reachtaíocht an Aontais atá ann cheana féin, agus na socruithe déthaobhacha is infheidhme maidir le táirgí na lonnaíochtaí, a chur chun feidhme go hiomlán agus ar bhealach éifeachtach. Cuireann an tAontas in iúl a thiomanta atá sé a áirithiú - i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta - nach mór a léiriú go soiléir agus go sainráite sna comhaontuithe uile idir Stát Iosrael agus an tAontas nach mbeidh aon fheidhm acu maidir leis na críocha a rinne Iosrael forghabháil orthu i 1967. Ní hionann é sin agus baghcat a bhualadh ar Iosrael, rud a bhfuil an tAontas glan ina choinne.
9. Tathantaíonn an tAontas ar na faicsin Phalaistíneacha go léir páirt a ghlacadh de mheon macánta sa phróiseas athmhuintearais, ar gné thábhachtach í den obair chun an réiteach dhá stát a bhaint amach. Tacóidh an tAontas go buanseasmhach le mian mhuintir na Palaistíne maidir le Stát dá gcuid féin a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach nach gcuirfí na torthaí dearfacha a baineadh amach go nuige seo de dhroim seoil agus is gá go mbeidh institiúidí na Palaistíne ag fás is ag forbairt, go n-éireoidh siad níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos daonlathaí. Iarrann an tAontas Eorpach ar rialtas na Palaistíne oibriú chun go bhféadfar toghcháin dhílse dhaonlathacha a eagrú do na Palaistínigh uile. Tá sé tábhachtach go mbeadh institiúidí láidre, cuimsitheacha, daonlathacha ann, a bheidh bunaithe ar an urraim don smacht reachta agus do chearta an duine, má táthar chun Stát Palaistíneach inmharthana, ceannasach a bhunú. Chuige sin, iarrann an tAontas ar na grúpaí Palaistíneacha uile comhdhearcadh a aimsiú eatarthu féin agus oibriú le chéile chun freastal ar riachtanais mhuintir na Palaistíne.
10. Iarrann an tAontas ar na páirtithe uile gníomhú go mear chun athrú ó bhonn a bhaint amach i staid pholaitiúil, slándála agus eacnamaíoch Stráice Gaza, lena n-áirítear deireadh a chur le blocáil na teorann agus na pointí trasnaithe trí chéile a oscailt, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an imní atá ar Iosrael faoi chúrsaí slándála, a bhfuil údar maith léi. Cáineann an tAontas an scaoileadh roicéad a rinne grúpaí míleata le déanaí agus cuireann sé i bhfáth go láidir arís an chontúirt atá ann go gcuirfear an lasair sa bharrach athuair. Ní mór do na geallsealbhóirí go léir gealltanas a thabhairt maidir leis an neamhfhoréigean agus an tsíocháin. Tathantaíonn an tAontas ar ghrúpaí na Palaistíne príomhthosaíocht náisiúnta a dhéanamh d'atógáil Gaza, go háirithe ó thaobh na sláinte, an fhuinnimh agus na rochtana ar uisce de. Caithfidh Údarás na Palaistíne leagan amach arís ar a chuid feidhmeanna rialtais, ós dlúthchuid é sin den Stát Palaistíneach atá le bheith ann amach anseo. Fáiltíonn an tAontas roimh a bhfuil déanta ag Iosrael chun srianta áirithe a bhogadh i dtaca le Gaza. Fós féin, is gá go gcuirfí deireadh leis an srian ar ghluaiseacht daoine, seirbhísí agus earraí - go háirithe na hearraí sin dá ngairtear "earraí dé-úsáide", má táthar chun dul i mbun atógála agus soláthar bunseirbhísí a lamháil. Iarrann an tAontas ar na páirtithe go léir, idir ghníomhaithe stáit agus eile, rochtain dhaonnúil gan chontráil a ráthú do Gaza, mar a fhoráiltear leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta, le haghaidh eagraíochtaí daonnúla, náisiúnta, áitiúla agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit. Tá an tAontas réidh agus ullamh chun dul i dteagmháil leis na páirtithe agus leis na geallsealbhóirí ábhartha chun an cás a réiteach agus iarrann sé ar an gcomhphobal idirnáisiúnta a chuid gealltanas a chomhlíonadh go pras.
11. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach an tairiscint a rinne sé don dá pháirtí pacáiste Eorpach tacaíochta polaitiúla, eacnamaíochta agus slándála a chur ar fáil mar aon le Comhpháirtíocht Speisialta Phribhléideach leis an Aontas Eorpach, a mbeadh buntáistí suntasacha inti don dá pháirtí leis sa chás go mbainfí amach comhaontú críochnaitheach síochána. Dearbhaíonn an tAontas Eorpach go mbeidh forbairt an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus na comhpháirtithe Iosraelacha agus Palaistíneacha i dtortaobh freisin lena dtiomantas araon don tsíocháin fhadtéarmach .i. réiteach dhá stát.
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
- @daniela_lenzu
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024